Uachtarán na hÉireann le bheith i láthair ag fógairt príomhbhuaiteoir Chomórtas Ghlór na nGael

Fógrófar príomhbhuaiteoir Chomórtas Ghlór na nGael ar chlár speisialta a chraolfar beo ar Facebook Ghlór na nGael agus Molscéal an tseachtain seo chugainn

Uachtarán na hÉireann le bheith i láthair ag fógairt príomhbhuaiteoir Chomórtas Ghlór na nGael

Beidh Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUiginn ag labhairt ag ócáid fógartha príomhbhuaiteoir Chomórtas Ghlór na nGael 2019 an tseachtain seo chugainn.

Fógrófar buaiteoir 2019 ar chlár speisialta a chraolfar beo ar Facebook Ghlór na nGael agus Molscéal ar an 21 Bealtaine ag 4.00i.n.

Tá an tUachtarán Ó hUiginn ar dhuine de na haíonna speisialta a bheidh faoi agallamh mar chuid den chlár.

Reáchtáiltear Comórtas Náisiúnta Ghlór na nGael gach bliain chun aitheantas a thabhairt do choistí agus do ghrúpaí pobail a bhíonn ag saothrú ar son na Gaeilge.

Bronnfar duais €20,000, atá urraithe ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, agus Trófaí Fhoras na Gaeilge ar an bpríomhbhuaiteoir.

Cúig choiste atá san iomaíocht don phríomhdhuais – Ionad Naomh Pádraig, Dobhair, Contae Dhún na nGall; Cultúrlann McAdam Ó Fiaich, Bóthar na bhFál, Béal Feirste; Coiste Forbartha Charn Tóchair, Contae Dhoire; Cairde Teo, Ard Mhacha; agus Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne/Oidhreacht Chorca Dhuibhne, Contae Chiarraí.

Fógrófar freisin buaiteoirí chomórtas na gCumann Gaelach sna hInstitiúidí Tríú Leibhéal le linn an chláir. Is í An Roinn Oideachais agus Scileanna a dhéanann urraíocht ar an gcomórtas seo agus duais €10,000 atá ann don bhuaiteoir.

Beidh Séamus Ó Scanláin ó RTÉ Raidió na Gaeltachta ina fhear an tí ag an ócáid.

Bhí ócáid bhronnta Chomórtas Ghlór na nGael le bheith ar siúl in Óstán na Cúirte i nGaoth Dobhair i mí Aibreáin, ach cuireadh ar ceal í de bharr an choróinvíris.

An bheirt sagart, Pádraig Ó Fiannachta agus Tomás Ó Fiaich, a chuir tús le comórtas Ghlór na nGael i 1961 agus é mar aidhm acu an Ghaeilge a spreagadh i measc an phobail.

Fág freagra ar 'Uachtarán na hÉireann le bheith i láthair ag fógairt príomhbhuaiteoir Chomórtas Ghlór na nGael'