Tús le séasúr máirseála nua ach faic déanta i Stormont chun ceist na bparáidí Dílseacha a fhuascailt

‘Tá siad ag teacht’ a deirtear gach bliain i dTuaisceart Éireann aimsir na Cásca, ach ní le pléisiúr é go minic

Orange-March_682_519910a

‘Tá siad ag teacht’ a deireadh fógra teilifíse le haghaidh earra éigin fadó agus daoine ag tnúth le currach a theacht i dtír. Deirtear an rud céanna i dTuaisceart Éireann aimsir na Cásca gach bliain ach ní le pléisiúr é go minic. Is le himeagla a thugann roinnt aontachtaithe chomh maith le náisiúnaithe aghaidh ar a bhfuil i ndán don tsochaí go ceann cúig mí.

Is é Luan Cásca lá oscailte shéasúr na máirseála do na hOird dhílseacha. Idir sin agus deireadh Lúnasa ritear cupla míle paráid. Bíonn a bhformhór síochánta, neamhchonspóideach, ach is geal le tromluí an dornán eisceachtúil, na cinn a tharraingíonn réabadh agus círéibeanna a loiteann an samhradh don phobal fré chéile.

Cuid d’fhuaimrian uafásach an tsamhraidh ab ea trioblóidí i nDroim Crí agus Bóthar Gharbh Achaidh. Le tamall de bhlianta, is i mBéal Feirste a bhí an raic ba mheasa faoi pharáidí, in Ard Eoghain go háirithe, ach i Sráid Dhún na nGall – in aice le Eaglais Naomh Pádraig agus ar Bhóthar Bhaile Nua na hArda chomh maith. B’údar faoisimh é go raibh imeachtaí – paráidí agus agóidí ina gcoinne – síochánta anuraidh in Ard Eoghain. Mar sin féin, tá campa síochána Twaddell fós sa gcomharsanacht, beagnach dhá bhliain ó bunaíodh é mar agóid nuair nár lig Coimisiún na bParáidí d’Oraistigh máirseáil abhaile tré Ard Eoghain, áit nach bhfuil aon ghlacadh ag an bpobal náisiúnach leo.

Cúis imní ab ea é gur theip ar chainteanna Stormont faoi Nollaig seo caite a theacht ar réiteach, nó fiu ar mhúnla chun déileáil le ceist na bparaidí. B’in é an dara Nollaig as a chéile gur léirigh na polaiteoirí nach raibh siad toilteanach na cruachinntí a dhéanamh. Fágadh faoi Stormont coimisiún a bhunú faoi Mheitheamh i mbliana le gabháil i ngleic le ceisteanna cultúir – bratacha, paráidí, féiniúlacht agus traidisiún. Is cosúil nach dtabharfaidh na polaiteoirí faoin obair sin go dtí go mbeidh toghchán Westminster thart. Faoin am sin, beidh luas faoin máirseáil agus i bhfianaise iompar na bpolaiteoirí Aontachtacha go dtí seo, níl daoine dóchasach go ndéanfar cinneadh cruthaíoch ar bith.

Bhí an lá oscailte, Dé Luain seo caite, síochanta. Mháirseáil na Printísigh (Apprentice Boys) in Ard Eoghain agus bhí agóid ag náisiúnaithe sa gcomharsanacht ach choinnigh an dá dhream guaim orthu féin. Níor chúis iontais é sin; is annamh a bhíonn trioblóid ag imeachtaí na bPrintíseach anois.

Ní hamhlaidh leis an Ord Oráisteach. Ba é an tOrd a chuir laincis cheana ar (leath-)shocrú idir an DUP agus Sinn Féin agus is iad na hOráistigh a dhiúltaíonn aitheantas a thabhairt do Choimisiún na bParáidí ná do choistí áitritheoirí náisiúnacha. Níl aon dabht ach go ndeachaigh roinnt den lucht agóide náisiúnach thar fóir cúpla bliain ó shin, dream a bhí luaite le heasaontóirí poblachtacha in Ard Eoghain a chuaigh i mbun foiréigin. Tá bunáite na n-áitritheoirí sa cheantar toilteanach comhghéilleadh a phlé ach is é éileamh na nOráisteach go ligfí thar bráid iad mar chéad chéim.

Go bunúsach, ní féidir an cheist a fhuascailt mura dtiocfaidh an tOrd Oráisteach ar bhlas éigin den tsolúbthacht. Luath nó mall, caithfidh siad a admháil nach bhfuil ceart dochloíte acu a dhul i ngach áit is mian leo, go hairithe in áiteanna nach bhfuil fáilte rompu.

Tús maith a bheadh ann dá ndearfadh an DUP agus an UUP é sin leo in áit a bheith faoin ordóg Oráisteach, mar a bhí go dtí seo.

Fág freagra ar 'Tús le séasúr máirseála nua ach faic déanta i Stormont chun ceist na bparáidí Dílseacha a fhuascailt'