Tuilleadh sonraí ar fáil faoin dréachtmhargadh a rinne an DUP agus Sinn Féin faoi acht Gaeilge

De réir an eolais is déanaí faoin idirbheartaíocht a bhí ar bun faoi athbhunú fheidhmeannas Stormont, bhí rún daingean ag ceannairí an DUP dréachtmhargadh ina raibh geallúint faoi acht don Ghaeilge amháin a mholadh dá bpáirtí agus don phobal

Tuilleadh sonraí ar fáil faoin dréachtmhargadh a rinne an DUP agus Sinn Féin faoi acht Gaeilge

Tá tuilleadh sonraí foilsithe faoin dréachtmhargadh a bhí déanta ag an DUP agus Sinn Féin maidir le ceist an achta Ghaeilge sular theip ar na cainteanna maidir le hathbhunú fheidhmeannas Stormont.

De réir an chuntais nua faoin dréachtmhargadh idir an dá pháirtí, atá foilsithe ar an suíomh eamonnnmallie.com, ba é an DUP a chuir an “leagan deireanach” den dréachtmhargadh faoi bhráid Shinn Féin Dé hAoine an 9 Feabhra.

De réir an eolais nua atá foilsithe ag an iriseoir agus staraí Eamonn Mallie, ní raibh aon rud fágtha le haontú sa dréachtmhargadh maidir le hathbhunú an fheidhmeannais ach roinnt ceisteanna faoi chúrsaí friotail agus faoin gcineál teanga a d’úsáidfí leis an margadh a chur i láthair an phobail.

Deir Mallie go raibh roinnt abairtí sa dréachtmhargadh aibhsithe i gcló dubh ag lucht idirbheartaíochta an DUP mar gheall ar cheisteanna faoin bhfriotal a bhí iontu ach nach raibh aon cheisteanna fágtha faoi shubstaint an mhargaidh.

Sna dréachtanna den mhargadh a bhí ann roimhe sin bhíodh lúibíní cearnógacha timpeall ar aon chuid den ábhar a a raibh easaontas fós fúithi, ach deir Mallie go raibh na lúibíní cearnógacha ar fad imithe sa dréacht deireanach a cuireadh faoi bhráid Shinn Féin.

Mar a tuairiscíodh cheana, bhí trí phíosa reachtaíochta i gceist leis an socrú mar gheall ar chúrsaí teanga – acht Gaeilge, acht Ultaise agus acht dar teideal an Respecting Language and Diversity Act.

Maíonn Mallie go raibh aontú sa dréachtmhargadh faoi na struchtúir nua agus an dréachtreachtaíocht ar fad a theastódh chun na hachtanna éagsúla a thabhairt isteach in éineacht. Cé go mbeadh na hachtanna ag tagairt dá chéile, achtanna neamhspleácha a bheadh iontu.

Maítear go raibh láraonad aistriúcháin don státseirbhís agus seirbhís aistriúcháin comhuaineach do thionól Stormont i measc na rudaí a aontaíodh sa dréachtmhargadh.

De réir eolais atá curtha ar fáil cheana féin ag Sinn Féin faoin dréachtmhargadh, aontaíodh chomh maith go mbeadh stádas oifigiúil ag an nGaeilge, go gceapfaí coimisinéir teanga agus go gcuirfí deireadh le hAcht 1737 a chuireann cosc ar úsáid na Gaeilge sna cúirteanna.

D’fhógair Arlene Foster Dé Céadaoin go raibh teipthe ar na cainteanna maidir le hathbhunú fheidhmeannas Stormont mar gheall ar an easaontas idir an DUP agus Sinn Féin faoi cheist an achta Ghaeilge.

Deir Sinn Féin gur éirigh leo dréachtmhargadh maidir le hathbhunú Stormont a aontú leis an DUP sular theip ar na cainteanna agus go raibh acht teanga don Ghaeilge amháin san áireamh sa mhargadh sin.

Is é an tuiscint a bhí ag Rialtas na hÉireann agus Rialtas na Breataine ar an scéal go raibh a leithéid de mhargadh déanta chomh maith, cé go bhfuil an méid sin séanta ag Arlene Foster agus polaiteoirí sinsearacha eile de chuid an DUP.

Dúirt leascheannaire an DUP Nigel Dodds gur “bolscaireacht” de chuid Shinn Féin a bhí ina maíomh go raibh dréachtmhargadh déanta agus go raibh acht don Ghaeilge amháin mar chuid d’aon mhargadh.

Deirtear sa tuairisc ar eamonnmallie.com go raibh an dá rialtas ‘fully sighted’ faoin méid a bhí sa dréachtmhargadh agus go raibh an plé ‘bogtha ar aghaidh’ go dtí athbhunú institiúidí Stormont toisc go raibh aontú ann faoi cheist na reachtaíochta teanga. Ba ar an mbonn sin a shocraigh an Taoiseach Leo Varadkar agus Príomh-Aire na Breataine Theresa May cuairt a thabhairt ar Bhéal Feirste Dé Luain seo caite, a deirtear.

Maítear go raibh cruinniú beartaithe ag an DUP agus Sinn Féin don lá céanna, an 12 Feabhra, chun ceisteanna faoin teanga a d’úsáidfí chun an dréachtmhargadh a chur i láthair a phlé ach nár tharla an cruinniú sin.

Sna laethanta roimhe sin, neartaigh ar an tuairimíocht go dtiocfaí ar réiteach i Stormont a mbeadh acht don Ghaeilge amháin mar chuid de agus b’amhlaidh gur threisigh ar an míshuaimhneas i measc aontachtaithe faoin margadh.

Mhúscail scéalta sna meáin faoi shonraí an dréachtmhargaidh freagairt bhorb ó aontachtaithe agus polaiteoirí aontachtacha agus meastar gur tháinig athrú intinne dá bharr ar cheannairí agus ar lucht idirbheartaíochta an DUP maidir leis an margadh a chuir i láthair bhaill agus chosmhuintir an pháirtí.

Dé Máirt seo caite, dúirt Arlene Foster nach mbeadh aon ghlacadh ag a páirtí le hacht don Ghaeilge amháin, ach de réir an eolais is déanaí faoin idirbheartaíocht idir an DUP agus Sinn Féin is cosúil go raibh rún daingean ag ceannairí an DUP roimhe sin dréachtmhargadh ina raibh geallúint faoi acht don Ghaeilge amháin a mholadh dá bpáirtí agus don phobal.

Fág freagra ar 'Tuilleadh sonraí ar fáil faoin dréachtmhargadh a rinne an DUP agus Sinn Féin faoi acht Gaeilge'