Tá idirthréimhse sroichte sa choimhlint in aghaidh an choróinvíris. Níl díothú an víris á thuar ná beartaithe, ach tá dea-chlaonadh leanúnach á léiriú sa chuntas laethúil a eisíonn an Roinn Sláinte faoi scaipeadh an ghalair.
Ar an meán, faoi láthair, faigheann cúigear a tholg an víreas corónach bás gach lá. Ag deireadh mhí Aibreáin, ar an meán 33 duine a bhí ag fáil bháis in aghaidh an lae. Nuair a shroich leathadh an ghalair a bhuaicphointe i mí Aibreáin, bhí cóir leighis á cur in aonaid dianchúraim na n-ospidéal ar 160 othar a tholg an víreas gach lá. 34 duine ar an meán atá iontu, de réir an áirimh is déanaí, agus 27 othar a bhí iontu Déardaoin na seachtaine seo.
Is léir ó fhianaise na bhfigiúirí mar sin gur féidir na diansrianta ar shaol eacnamaíochta agus sóisialta na tíre a mhaolú agus gur dóigh mar shampla go gceadófar do ghruagairí dul ar ais ag obair ag deireadh na míosa. Nuair a d’oscail cuid de shiopaí Penneys na doirse arís Dé hAoine, léirigh na scuainí lasmuigh an fonn atá ar ár bhformhór filleadh ar an ngnáthshaol a luaithe agus is féidir.
Sin ráite, tá ráigeanna eile den ghalar á dtuar ag gach saineolaí. Ní féidir a bheith cinnte faoi cé chomh forleathan is a bheidh siad ná cén t-achar a mhairfidh siad, ach beidh ar na húdaráis sláinte a bheith san airdeall go mbeidh vacsaín nó druga láidir frithvíreasach ar fáil.
Idir an dá linn, léirigh na figiúirí a d’eisigh an Roinn Sláinte Déardaoin ábhar imní nár chóir a ligean i ndearmad. Faoi mheán oíche Dé Máirt, oibrithe sláinte a bhí i gceist le 32% de na cásanna a bhí deimhnithe.
B’in 8,114 duine a raibh baint ag a gcuid oibre le seirbhís nó le cúram sláinte ar dhóigh éigin. Is ionann é sin agus a rá gur oibrí ospidéil, oibrí i dteach altranais nó oibrí i seirbhís sláinte eile duine as gach triúr beagnach a tholg an víreas. Fuair seachtar de na hoibrithe sláinte sin bás- an léiriú is tromchúisí ar an gcontúirt a bhaineann lena gcuid oibre.
Tholg 64 oibrí eile sna seirbhísí sláinte éagsúla an galar le seachtain anuas. De réir na bhfigiúirí a chuir an Lárionad Faire um Chosaint Sláinte ar fáil do Chumann na n-Altraí agus na mBan Cabhrach, is ina n-ionaid oibre a tholg 88% de na hoibrithe sláinte agus cúram sláinte an víreas.
Tá leasú ar an dlí molta ag an gCumann ionas go mbeadh Covid-19 san áireamh sa reachtaíocht a bhaineann le sábháilteacht oibre. Tá siad ag iarraidh go ndéanfaí tástáil go rialta ar gach oibrí sláinte nó oibrí cúram sláinte. Deir siad freisin gur chóir go mbeadh cead gan aon eisceacht acu féin-aonrú ar feadh 14 lá má bhíonn teagmháil gan chosaint acu leis an víreas.
Chuir na briathra atá i gcló Iodálach thuas comhrá le bean i mBaile Átha Cliath a chabhraíonn le daoine aosta faoi mhíchumas i gcuimhne do scríbhneoir an cholúin seo.
Tá sí ag féin-aonrú den dara huair faoi láthair, a dúirt sí Dé Luain, tar éis di a bheith ag obair le daoine a ionfhabhtaíodh leis an víreas. Léirigh tástáil a rinneadh uirthi nár ionfhabhtaíodh ise leis an víreas, ach bhí a cúis imní follasach, agus réasúnta:
“Cuid againn atá ag féinleithlisiú táthar ag iarraidh orainn filleadh ar an obair tar éis seacht lá, mar go bhfuil cúramóirí eile ag éirí tinn. Tuigim go bhfuil fadhb ann agus tuigim cúis a n-iarratais, ach céard faoi mo shláinte féin?”
Dúirt an bhean a labhair leis an gcolún seo go bhfuil sí mórtasach as an obair a dhéanann sí ach nach mian léi go mbreathnófaí uirthi mar laoch. Ní bhraitheann sí go bhfuil tús áite mar ba chóir á thabhairt ag an rialtas ná ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (HSE) dá sábháilteacht. Tá gach cúnamh is féidir a thabhairt di tuillte aici, ar mhórán cúiseanna.
Táthar ag súil agus an colún seo á scríobh go gcuirfear deireadh leis an tsáinn pholaitiúil go luath agus go mbeidh rialtas nua i mbun oibre.
Más maith is mithid.
Fág freagra ar '‘Tuigim cén fáth go bhfuil siad do m’iarraidh ar ais ag an obair, ach céard faoi mo shláinte?’ – cruachás na n-oibrithe sláinte'