Tugann scéal Paddy Devlin léargas ar thraidisiún míleata casta na hÉireann

Sa saothar cumasach dátheangach seo thug neacht le Paddy Devlin faoi scéal a huncail a reic

Tugann scéal Paddy Devlin léargas ar thraidisiún míleata casta na hÉireann

Elayne Devlin agus PJ Maloney. Pic: TG4

Ar an 6 Meitheamh chuaigh fear beag cúig troithe agus sé orlach ar airde ar bord faoileora le tabhairt faoin bhFrainc. Bhí Operation Overlord, ionradh na gComhghuaillithe ar fhórsaí na Gearmáine sa Fhrainc, ar tí tosú. Bhí tine ar chraiceann fhear na Gaillimhe, Paddy Devlin. Thug Paddy Devlin – Gunnadóir na Gaillimhe (TG4, Dé Céadaoin) cuntas ar shaol eachtrúil fhear na Gaillimhe, fear a chaith deireadh a shaoil i Maigh Cuilinn.  Lena chois sin thug an clár léargas ar thraidisiún casta míleata na hÉireann. Sa saothar cumasach dátheangach seo thug neacht le Paddy, Elayne Devlin, fé scéal a huncail a reic.  

Ó thaobh na seirbhíse míleata de is dócha go raibh rudaí níos simplí roimh Éirí Amach na Cásca. Ina dhiaidh sin agus i ndiaidh neamhspleáchais d’éirigh rudaí níos casta agus níos binbí. Conas a ghlacfá le scilling an namhad? Dá bharr deineadh neamhaird ar scéalta na nÉireannach a throid le fórsaí na Breataine.  

Bhí seanathair agus seanuncail le hElayne i bhFiannóglaigh Chonnacht agus maraíodh a seanuncail Patrick is é i mbun cogaíochta i 1918. Seoladh an traidisiún míleata seo ar aghaidh chuig an chéad ghlúin eile agus do liostáil Paddy agus athair Elayne, Frank, sna fórsaí míleata chomh maith. 

Tá rógaireacht agus eachtraíocht ag baint le scéal Paddy. Bhí scaimh chun saighdiúireachta air agus d’éalaigh sé ón mbaile agus gan é ach seacht mbliana déag le liostáil san airm. Ní scéal éinne amháin é sin mar liostáil 68,000 ón 26 contae agus 66,000 as na sé contae in arm na Breataine le linn an chogaidh agus d’inis mórán acu éitheach faoin aois a bhí acu.  

Tar éis cúpla bliain chríochnaigh Paddy sa chéad chathlán de na Royal Ulster Rifles a bhí mar chuid den 6th Airborne Division. Bhreac Paddy a chuimhní cinn sa chuntas Reminiscences of a Rifleman in Normandy, France – 1944 agus tá sleachta de seo á n-aithris as Gaeilge ag Oisín O’Connell. Bhí ábhar cartlainne dá agallamh ar an Late Late Show fite fuaite tríd an gclár.  

Is scanrúil an cur síos a fuaireamar ar thuirlingt an fhaoileora ar D-Day. É ag bualadh na talún ar luas 100 míle san uair, gan chrios sábhála ag na saighdiúirí ach iad “i ngreim búistéara” ar a chéile. Agus iad tagtha slán as sin, ba ansin a thosnaigh an chontúirt i ndáiríre. Bhí Paddy páirteach chomh maith sa Battle of the Bulge agus trasnú abhainn an Rhine. Gortaíodh é sa chath deireanach acu sin agus seoladh ar ais go Sasana é. Níorbh é sin deireadh an scéil, áfach mar gur chaith sé seacht mbliana is fiche san Aerfhórsa Ríoga ina dhiaidh sin.  

Is clár dátheangach a bhí againn agus bhí ionchur as Gaeilge againn ó Elayne féin, Alan Titley, Frank Reidy agus Maorsháirsint Complachta P.J. Maloney. Lena chois sin bhí Póilín Nic Géidigh mar reacaire againn mar aon leis na píosaí aithriseoireachta.  

Clár breá é seo a thug léargas ar dhuine eachtrúil agus ar thraidisiún míleata casta na hÉireann.  

Fág freagra ar 'Tugann scéal Paddy Devlin léargas ar thraidisiún míleata casta na hÉireann'