TUAIRISC ÓN mBRASAÍL: Siombail náisiúnta arís í an léine bhuí

Le tamall de bhlianta anuas, ba leis an eite dheis a samhlaíodh léine bhuí fhoireann sacair na Brasaíle. Ach ó tháinig feabhas ar ghaiscí Neymar agus a chomhghleacaithe sa Rúis, is siombail náisiúnta arís í

TUAIRISC ÓN mBRASAÍL: Siombail náisiúnta arís í an léine bhuí

Bhí tús saghas lag ag an mBrasaíl i gCorn an Domhain agus le linn staid na ngrúpaí bhí neamhshuim nach dual dóibh á déanamh ag cuid shuntasach de mhuintir na tíre de na himeachtaí sa Rúis. 

Bhí cúpla cúis leis sin.

Ar dtús, de bharr an difear ama idir an Rúis agus an Bhrasaíl, bíonn na cluichí ar siúl go luath ar maidin nó i lár an lae.

Lena chois sin, tá géarchéim eacnamaíochta sa Bhrasaíl i gcónaí agus tá níos mó daoine ná riamh gan phost – agus dá bharr sin, gan airgead acu le caitheamh ar bheoir agus ar bhratacha.

Ach anuas air sin ar fad bhí cúis eile ann go raibh drogall ar chuid shuntasach de mhuintir na tíre léine bhuí na foirne náisiúnta a chur orthu féin.

Cúis pholaitiúil.

Ón mbliain 2013 anuas, nuair a cuireadh tús leis an achrann polaitiúil a raibh táinseamh an iar-uachtaráin Dilma Rousseff agus príosúnacht an iar-uachtaráin Lula mar thoradh air, tá léine bhuí na foirne náisiúnta ceangailte go láidir leis an eite dheis. Ba í an léine chéanna a bhíodh á caitheamh ag na dronganna léirsitheoirí a d’éiligh táinseamh Rousseff agus príosúnacht Lula, agus ba leasc leo siúd ar an eite chlé – baill pháirtí na beirte thuasluaite, Páirtí na nOibrithe, go háirithe – í a chaitheamh.

Ach tá an taoide tar éis casadh. Ba mhó i bhfad líon na léinte buí a bhí le feiceáil ar shráideanna na tíre le linn an chluiche i gcoinne Mheicsiceo Dé Luain ná le linn na gcluichí roimhe sin. Ní hamháin go bhfuil ceannairí na heite clé tar éis a chur ina luí ar a lucht leanúna féin gur leis an bpobal ar fad léine na foirne náisiúnta – agus ní leis an eite dheis amháin – ach gan dabht ar bith tá baint ag an scéal le gaiscí Neymar agus a chomhghleacaithe ar pháirc na himeartha. 

Tá áit sna cluichí ceathrú ceannais bainte amach ag an mBrasaíl agus beidh an Seleção á fhéachaint le Rode Duivels/Diables Rouges na Beilge Dé hAoine. Is iomaí léine bhuí a dhíolfar sa Bhrasaíl idir seo agus sin.

Fág freagra ar 'TUAIRISC ÓN mBRASAÍL: Siombail náisiúnta arís í an léine bhuí'