TUAIRISC ÓN mBRASAÍL: óstán sómasach in ionad tearmainn bhundúchasaigh

Tuairiscítear go bhfuil stát-eagras turasóireachta na Brasaíle tar éis brú a chur ar stát-eagras na mbundúchasach sa tír deireadh a chur le cruthú tearmainn nua ar mhaithe le hóstán

TUAIRISC ÓN mBRASAÍL: óstán sómasach in ionad tearmainn bhundúchasaigh

Jair Bolsonaro

Tearmainn a chur ar fáil do phobail bhundúchasacha sa Bhrasaíl nach bhfuil a leithéid acu cheana: má bhí rialtais na heite clé a bhí i gcumhacht sa tír ar feadh an chuid is mó de thús an chéid seo ag tarraingt na gcos maidir leis an gceist achrannach sin, tá an tóin tite as an bpróiseas ar fad ó tháinig an t-uachtarán fíorchoimeádach Jair Bolsonaro i gcumhacht ag tús na bliana seo. Léargas ar an méid sin is ea é gur cosúil go bhfuil stát-eagras turasóireachta na Brasaíle tar éis brú a chur ar an stát-eagras atá freagrach as pobail bhundúchasacha na tíre deireadh a chur ar fad le cruthú thearmainn nua i gcás conspóideach amháin.

De réir bhunreacht na Brasaíle, tá cearta ag gach pobal bundúchasach sa tír ar thearmann dá gcuid féin. Tarlaíonn, áfach, nach bhfuil cuid de na tearmainn sin cruthaithe go fóill. Tá achrann mór ag baint leis an gceist toisc go gcaithfear feirmeoirí agus daoine eile nach bundúchasaigh iad, ach a bhfuil cónaí orthu ar feadh na nglúnta ar thailte ar leis na bundúchasaigh iad tráth, a chur as seilbh. Agus iad ag iarraidh brú a chur ar an rialtas, tá roinnt de na phobail bhundúchasacha atá ag fanacht ar thearmann dá gcuid féin tar éis cuid den talamh a gealladh dóibh a ghabháil le lámh láidir.

In Earrach na bliana 2009, thug mé féin cuairt ar threibh na Tupinambá de Olivença, a bhfuil cónaí orthu ar chósta thoir an stáit Bahia, 300 ciliméadar ó dheas as cathair Salvador. Bhí an treibh sin díreach tar éis cuid den talamh a gealladh dóibh a ghabháil toisc go raibh siad tinn tuirseach de mhoilleadóireacht an stáit. Breis is deich mbliana ó shin a gealladh sin dóibh agus níl tada athraithe, tá an treibh fós ag fanacht ar chinneadh maidir lena dtearmann.

Tharraing cás na treibhe céanna aird náisiúnta an tseachtain seo caite nuair a thuairiscigh The Intercept Brasil (suíomh nuachta a bhunaigh an t-iriseoir iomráiteach as Meiriceá, Glenn Greenwald, a bhfuil cónaí air sa Bhrasaíl) go rabhthas tar éis teacht ar chomhfhreagras oifigiúil a léiríonn go bhfuil stát-eagras turasóireachta na Brasaíle, Embratur, tar éis brú a chur ar an stát-eagras atá freagrach as pobail bhundúchasacha na tíre, Funai, deireadh a chur scun scan le bunú thearmann na dTupinambá de Olivença – ionas go bhféadfadh grúpa óstáin as an bPortaingéil óstán sómasach a thógáil san áit.

Is léir go gceapann an grúpa óstáin sin, Vila Galé, go mbeidh an svae leo agus aeráid pholaitiúil na Brasaíle mar atá faoi láthair. Tá sé fógrartha ar a suíomh acu go mbeidh an t-óstán sómasach 467 seomra ag feidhmiú faoin mbliain 2021.

Fág freagra ar 'TUAIRISC ÓN mBRASAÍL: óstán sómasach in ionad tearmainn bhundúchasaigh'