Bhí mo nia Brasaíleach trí bliana déag d’aois an lá cheana. Tá mac dearthár m’iarchéile ar dhuine de na daoine sa Bhrasaíl is mó a bhfuil cion agam air; tá dáimh ar leith agam leis toisc go raibh tréimhse ann, fadó, nuair a labhair an bheirt againn an Phortaingéilis mar a labhródh leanbh dhá bhliain d’aois í.
Stócach caol ard anois é. Tá a ghuth ag briseadh agus is dócha gur gearr uainn an lá go mbeidh croiméilín á fhás aige, díreach ar mhaithe lena thaispeáint don saol mór go bhfuil sé tagtha in inmhe.
Bhí sé in am dá athair comhrá tábhachtach a bheith aige leis, agus tharla go raibh mise i láthair.
Ní fíricí na beatha a bhí i gceist, cé go samhlaím go mbeadh rud nó dhó le rá ag deartháir m’iarchéile faoin ábhar sin freisin: ní raibh sé féin ach ocht mbliana déag d’aois nuair a chuir sé mo nia ar an saol.
Foréigean na ndrugaí sa Bhrasaíl, tír ina ndúnmharaítear os cionn 60,000 duine gach bliain, a bhí faoi chaibidil.
Tháinig an t-ábhar tromchúiseach sin chun cinn sa chomhrá nuair a bhí ar dheartháir m’iarchéile a mhíniú dá mhac nach mbeadh sé in ann freastal ar a chóisir bhreithlae siúd.
Tá deartháir m’iarchéile agus máthair a mhic scartha óna chéile le fada an lá. Tá cónaí ar an leaidín óg agus a mháthair i gceantar bocht nach bhfuil i bhfad ar shiúl ón gceantar ina bhfuil cónaí ar mo mhuintir Bhrasaíleach, ach tá buíonta mangairí drugaí éagsúla i gceannas sa dá áit. Bíonn drogall ar phobal an dá cheantar – fiú iad siúd nach bhfuil baint dá laghad acu le mangaireacht drugaí – dul isteach sa cheantar eile ar eagla go gceapfaí gur spiairí iad.
Níl aon bhaint ag deartháir m’iarchéile leis na buíonta drugaí, ach tuigeann sé féin go bhfuil sé cosúil, go fisiciúil, le duine a mbeadh baint aige lena leithéid.
Ar mhí-ámharaí an tsaoil, fir óga dubha cosúil leis féin iad formhór na ndaoine a fhaigheann bás i bhforéigean drugaí na Brasaíle. Agus is go rí-mhaith a thuigeann sé go bhfuil a mhac féin anois ag drannadh leis an aoisghrúpa sin arb é an dúnmharú an chúis bháis is coitianta ina measc.
‘Agus ós ag caint ar an ábhar muid,’ a dúirt sé agus poll á chur trína mhac aige lena shúile, ‘níl mé ag iarraidh oiread agus féinphic amháin eile a fheiceáil uait agus tú ag déanamh comhartha an dá mhéar ann!’
Comhartha láimhe a bhíonn in úsáid mar bheannacht ag ceann de na buíonta drugaí a bhí i gceist aige, an chorrmhéar agus an mhéar fhada scartha agus ardaithe romhat go cothrománach, mar a bheadh an litir V ar a taobh.
‘Agus as ucht Dé ort, éirigh as a bheith ag caitheamh éadaí a bhfuil blaoscanna clóite orthu!’
Tá a leithéid i bhfaisean go mór i Meiriceá Theas, ach siombail í an bhlaosc atá in úsáid ag buíonta drugaí éagsúla.
‘Tá go maith, tá go maith,’ a dúirt mo nia uchtaithe, súile a athar á seachaint aige agus liostacht an déagóra ina ghlór. Cá bhfios nach raibh ceisteanna i bhfad níos casta á gcíoradh ina cheann aige, agus hormóin nach mbeadh cleachtadh aige orthu (agus a chuirfeadh ar stócach gothaí a chur air féin i bhféinphiceanna) ag tosú ag preabadh ina chuislí den chéad uair.
Tá súil agam gur chuala sé an méid a dúirt a athair.
Fág freagra ar 'TUAIRISC ÓN mBRASAÍL: ‘Ná bí ag cur gothaí na mangairí drugaí ort féin i do chuid féiníní!’'