Donn.
Dath nach gcaithfinn go brách.
Ní phéinteálfainn ar bhalla ach oiread é.
Donn an dath atá ar an am atá thart. Dath grianghraf a bhfuil an bheocht imithe astu. Dath na n-éadaí a chaitheadh mamó agus daideo. Dath na ngloiní sna spéacláirí gréine a chaitheadh m’athair agus a n-éiríodh leo cuma ghruama a chur ar lá grianmhar.
Ach ansin tharla i gcathair Modena mé, agus níor chreid mé mo shúile.
Agus mé ar thuras Interrail timpeall na hEorpa, theastaigh áit uaim i lár thuaidh na hIodáile chun an oíche a chaitheamh ann, áit nach mbeadh rómhór ná ró-iomráiteach ionas go mbeadh praghas réasúnta ar lóistín. Bhain mé amach an léarscáil agus ba í Modena a mheall barr mo mhéire, cathair nach raibh a dhath ar eolas agam fúithi ach amháin gur inti a tháirgtear an fínéagar balsamach.
Ní raibh a dhath ar eolas agam faoi Modena a deirim – ach nuair a shiúil mé amach as stáisiún na traenach ba é dath na cathrach, thar aon rud eile, a chuaigh i bhfeidhm orm. Dathanna na cathrach ba chóra dom a rá. Imireacha den donn a bhí ar chuile bhalla, ó dhonn a bhí chomh rua sin go raibh sé nach mór dearg, go donn a bhí chomh buí sin go raibh sé nach mór buí.
Lá breá earraigh a bhí ann, ní raibh scamall sa spéir, agus bhí mé faoi gheasa ag an gcodarsnacht idir imireacha éagsúla donna na cathrach agus an ghoirme gheal os a gcionn. De réir mar a d’ísligh an ghrian d’imir solas an tráthnóna draíocht dá chuid féin ar dhathanna na mballaí, agus níor fhéad mé stopadh ach ag glacadh pictiúirí.
Rith sé liom go gcaithfidh sé go bhfuil ainm ar leith ar chuile imir den donn agus go deimhin ar chuile imir de chuile dhath, agus gur chóir do scríbhneoir na hainmneacha sin ar fad a bheith ar eolas aige – pailéad an phéintéara, ach i bhfocail. Nó mura mbeadh siad ar eolas aige, go mbeadh sé in ann iad a chumadh as an nua.
Ach ba é an rud ba thábhachtaí a d’fhoghlaim mé i gcathair Modena ná nach bhfuil dath ar bith ar chlár na cruinne nach bhfuil go hálainn, ach comhthéacs agus solas a bheith i gceart.
Fág freagra ar 'TUAIRISC ÓN EORAIP: Faoi dhraíocht ag dathanna donna Modena'