TUAIRISC Ó SAM: ‘Nithe laga an tsaoil’ a thabharfaidh dúshlán Trump

Níl aon dabht ach go bhfuil fórsaí an nirt ag léiriú a gcumhachta in aghaidh ‘nithe laga an tsaoil’, ach an ligfear leo?

TUAIRISC Ó SAM: ‘Nithe laga an tsaoil’ a thabharfaidh dúshlán Trump

Tá ‘cealg’ an Trúmpaigh neadaithe go domhain san fheoil agus gan ach coicís ann ó insealbhaíodh mar Uachtarán é. ‘Níl anseo ach an tús, agus cad tá romhainn amach?’ a deir tú.

In am seo na héiginnteachta, níl cinnte ach an t-aon rud amháin, is é sin go bhfuil an bonn á bhaint ó na luachanna ar ar tógadh ‘tír na saor’ le gach ordú feidhmiúcháin a shínítear agus gur truamhéalach an scéal é. An bhfuil an tír a d’fhás agus a d’fhorbair a bhuíochas de dhaoine a tháinig chun cónaí ann ón iasacht, anois chun cúl a thabhairt le na daoine céanna? Cá bhfuil lóchrann an dóchais nó tearmann an tsuaimhnis anois dóibh siúd atá ag teitheadh ón daoirse nó ar thóir na saoirse? Ní hiad Gaeil an Ghorta Mhóir a thuilleadh atá i gceist, ach an amhlaidh gur gearr an chuimhne atá ag sliocht a sleachta?

‘Thogh Dia nithe laga an tsaoil chun na nithe láidre a náiriú.’

Líne is ea í sin ar thug mé suntas di agus mé ag éisteacht leis an dara léacht ar aifreann an Domhnaigh ar champas Ollscoil Notre Dame, Indiana. Aifreann den  traidisiún Meiriceánach Afracach a bhí ann agus daoine dubha ar fad a bhí sa chór seachas duine nó beirt.

Bhí go leor macallaí i dteachtaireacht an léachta faoina a bhfuil ag tarlú le cúpla seachtain anuas.

Níl aon dabht ach go bhfuil fórsaí an nirt ag léiriú a gcumhachta in aghaidh ‘nithe laga an tsaoil’, ach an ligfimid leo? An bhfuil aon ní foghlamtha againn ón stair agus ó uafás na nglún a d’imigh romhainn? Má tá aon rud le foghlaim againn is é sin go bhfuil lucht na fuarchúise chomh ciontach le lucht na ngníomhartha baotha. I bhfocail eile, tá dualgas orainn go léir – dualgas gan ligint don fhuarchúis an lámh in uachtar a fháil orainn.

Ach ní mór a bheith cúramach sa chás seo.

Cé gur fíor an ráiteas ‘nach mbeireann an chaint an mhóin abhaile’, ní bhéarfaidh an lámh láidir abhaile ach an oiread í. Cad é an modus operandi ba cheart a bheith againn mar sin?  B’fhearr dúinn dul i mbun gnímh le ceanndánacht ar leith, le cur ina choinne dúthrachtach agus le creideamh sa cheart agus sa chóir. Agus anuas air sin, ní mór dúinn úsáid chliste a bhaint as an dlí.

Tá a leithéid seo de chur chuige feicthe cheana féin againn i máirseálacha na mban, sa tréan-agóidíocht, agus i mbeart na ndlíodóirí a sholáthair seirbhísí saor in aisce sna haerfoirt nuair a chuir ordú Trump bac iontrála ar dhaoine ó thíortha ar leith.

Agus an dea-scéal eile; tá an goile ann i measc an phobail don a thuilleadh gnímh. Tá teannas agus míshuaimhneas san aer go cinnte, ach tá daoine diongbháilte de, leis, nach nglacfar go réidh leis an mí-úsáid cumhachta seo ag an leibhéal is airde.

Más féidir tógaint ar an bhfuinneamh seo agus diúltú don chos ar bolg, don éagóir agus don ansmacht gach deis a fhaightear, agus ag gach leibhéal den tsochaí, bhuel, b’fhéidir, gur féidir le ‘nithe laga an tsaoil,’ mar a deirtear, náire a chur ar ‘nithe láidre an tsaoil’, iad a chiúnú nó ar a laghad an ‘chealg’ iontu a mhaolú.

Fág freagra ar 'TUAIRISC Ó SAM: ‘Nithe laga an tsaoil’ a thabharfaidh dúshlán Trump'