TUAIRISC Ó NICE: ‘Maraíodh go leor ar an spota seo, páistí ina measc. Tháinig muidne slán’

Tá an sonas agus an sléacht taobh le taobh anois i Nice ach mairfidh an t-uafás i gcuimhne na ndaoine…

maxresdefault

Tharla an t-ionsaí ar stráice dhá chiliméadar den Promenade des Anglais.  Tá balla tógtha ar thaobh an bhóthair. Ar thaobh amháin den bhalla tá radharc na farraige agus trá lán le cathaoireacha agus scáthanna gréine. Tá daoine ag pilleadh ar an trá arís, iad ag comhrá agus ag gáire. Tá beocht le brath ann arís. Ach ní hionann an scéal ar an taobh eile den bhalla. Coinnle agus bláthanna curtha i mullach smál fola, ceann i ndiaidh a chéile. Sonas agus sléacht taobh le taobh.

Osclaíodh cuid den Promenade des Anglais Dé Sathairn. B’in an chéad uair a raibh deis ag daoine dul chomh fada leis an láthair.  D’fhág roinnt acu nótaí agus teachtaireachtaí ina ndiaidh. ‘Bhíodh milseáin á ndíol anseo. Maraíodh go leor ar an spota seo, páistí ina measc. Tháinig muidne slán’. Ar phíosa eile den chosán, bhí blaincéad beag bán leagtha síos go cúramach ar an talamh agus rósanna, coinnle agus teidithe ina luí air. Scríofa air bhí ‘Milan, dhá bhliain d’aois.’

Sheas beirt chailíní óga ag amharc ar áit amháin a raibh bláthanna leagtha síos. Bhí greim láimhe acu ar a chéile agus iad ag caoineadh go ciúin. Bhí a dhroim ag fear eile leis an láthair. Sheas sé in éadan na ráillí ar thaobh an chosáin, a cheann cromtha agus é ag screadach go hard.

Thug máithreacha agus aithreacha a bpáistí go dtí an láthair. Bhí roinnt acu ansin nuair a tharla an t-ionsaí. Bhí siad ag iarraidh go bhfeicfeadh a bpáistí nach raibh an áit contúirteach níos mó.  D’fhág siad bláthanna agus bréagáin ina ndiaidh i gcuimhne páistí eile mar iad nár tháinig slán.

Bhí deichniúr páistí i measc na ndaoine a mharaigh Mohamed Bouhlel, an fear as an Túinéis ó dhúchas ach a raibh cónaí air sa Fhrainc le 10 mbliana a thiomáin an leoraí ar ardluas tríd an slua a bhí bailithe ar an promenade ag ceiliúradh Lá Bastille.

Dúirt lánúin Éireannach amháin a bhí ansin ar saoire go raibh seachtain eile fágtha acu i Nice ach gur bheartaigh siad dul abhaile luath. Bhí siad féin agus a mbeirt pháistí ar an phromanáid nuair a tharla an t-ionsaí agus scaradh óna bpáistí ar feadh tamaill iad. Níor chodail an páiste is óige ó shin.

Bhí tuismitheoirí agus teaghlaigh eile ag cur póstaer in airde ar chuaillí an promenade. Aghaidheanna éagsúla daoine d’aoiseanna éagsúla as tíortha éagsúla agus iad uilig ar iarraidh i ndiaidh an ionsaithe.

Tá an chuma ar Nice anois go bhfuil sí ag teacht chuici féin agus go bhfuil an gnáthshaol ag pilleadh. Tá na bialanna agus siopaí gnóthach agus tá carranna ag tiomáint ar an Promenade des Anglais arís. Faoi cheann cúpla lá eile, imeoidh na grianghrafadóirí agus na tuairisceoirí uilig abhaile agus beidh aird an domhain ar scéal éigin eile. Idir an dá linn, beidh sochraidí an 84 duine a maraíodh san ionsaí ar siúl. Tréimhse fhada san ospidéal atá i ndán do dhaoine eile a gortaíodh. Agus na daoine a tháinig slán, fanfaidh na droch-chuimhní leo go deo.

Fág freagra ar 'TUAIRISC Ó NICE: ‘Maraíodh go leor ar an spota seo, páistí ina measc. Tháinig muidne slán’'

  • Pól Ó Braoin

    Ba ar tuairisc.ie an mhaidin dár gcionn a fuair me fios den chéad uair faoin uafás a tharla in Nice… Go dtuga Dia na Flaithis dóibh siúd a cuireadh de dhroim an tsaoil… go dtuga Dia sláinte luath ar ais dóibh siúd a gortaíodh… go dtuga Dia slí chun faoisimh dóibh siúd a fágadh croíbhriste… go dtuga Dia deáscéala ón ospidéal dóibh siúd a fágadh ag fanacht… :(