Tá TG4 ag lorg tuairimí an phobail maidir le cainéal Gaeilge nua a bheidh dírithe ar pháistí atá le bunú ag an gcraoltóir.
D’fhógair TG4 ag deireadh na bliana seo caite go bhfuil sé i gceist cainéal sainiúil Cúla4 a bhunú agus maoiniú breise fógartha ag an Rialtas don stáisiún i mBuiséad 2022.
Deir TG4 go bhfuiltear ag iarraidh caidreamh a chothú idir daoine óga agus an Ghaeilge agus é i gceist cur leis an bhfoireann agus le líon na gclár a bhíonn á léiriú do pháistí.
Mar chuid den obair atá ar bun chun an cainéal nua a bhunú, tá TG4 anois ag obair i gcomhar le hOllscoil na hÉireann, Gaillimh chun taighde a dhéanamh ar éilimh an phobail ina leith.
Tá tuairimí á lorg ag TG4 ar thábhacht, ar luach agus ar úsáid fhéideartha chainéal nua Cúla4. Is é Aonad Léann na Cumarsáide in OÉ, Gaillimh atá i mbun an taighde.
Deir Stiúrthóir Margaíochta, Forbartha agus Comhpháirtíochta TG4, Lís Ní Dhálaigh, go dtabharfaidh an cainéal nua rogha do pháistí cláir Ghaeilge a fheiceáil am ar bith ar mian leo.
“Bhí Cúla4 riamh i gcroílár sceideal TG4. I margadh teilifíse atá fíor-iomaíoch, deimhneoidh an cainéal nua seo go mbeidh rogha i nGaeilge ar fáil do dhaoine óga am ar bith den lá, ó mhaidin go ham luí,” arsa Ní Dhálaigh.
“Thabharfadh an cainéal nua deis raon clár níos leithne a chur ar fáil agus nasc buan a bheith ann do ghasúir le hábhar Gaeilge. Cuirimid fáilte roimh thuairimí an phobail sa suirbhé seo.”
Is féidir le daoine tuairimí a roinnt trí shuirbhé gearr a chomhlánú anseo.
D’fhógair TG4 folúntas do Bhainisteoir Cúla4 aimsir na Nollag agus is í Karina Feirtéar, a bhí ina Bainisteoir Óige leis an stáisiún, atá ceaptha sa ról nua sin.
Marie Lambe
Cartoons suas chun dáta a léiriú
agus gan chuile chanúint a úsáid I chuile cheann beo. Gan canúintí difriúla a bheith ag chuile charactéir 2. Clár a chur ar siúl do pháistí réamh-Scoile le haghaidh an teanga a mhúineadh dóibh tré gníomhaíochtaí agus eachtraí laethúil..
Srl
Srl