Trump faoi léigear agus chuile shórt á fhiosrú

Liosta le háireamh na fiosrúcháin atá ar siúl i leith Donald Trump, fiosrúcháin faoi chuile shórt ó riar na córa a chur as a riocht, cúbláil cánach agus treascairt na slándála náisiúnta

Trump faoi léigear agus chuile shórt á fhiosrú

Tá os cionn scór fiosrúchán éagsúil ar bun faoi láthair faoi ghnéithe éagsúla de shaol Donald Trump. Liosta le háireamh iad faoi chuile shórt ó riar na córa a chur as a riocht, cúbláil cánach agus treascairt na slándála náisiúnta.

Fiosrúcháin airgeadais agus cánach faoina chuid gnóthaí éagsúla atá ar bun ag na húdaráis i Nua-Eabhrac le tamall de bhlianta anois. Dhiúltaigh sé aon cheist a fhreagairt os comhair an fhiosrúcháin sin Dé Céadaoin. Fiosrúchán eile is faoi na bagairtí a rinne sé ar údaráis toghchánaíochta i stát Georgia é agus é ag iarraidh toradh an toghcháin uachtaránachta a chur ar neamhní. Tá fiosrúcháin fós ag leanacht ar aghaidh faoin gciapadh a chuirtear ina leith a rinne sé ar mhná agus a ndearna sé gaisce as le linn dó a bheith ag seasamh don uachtaránacht.

Fiosrúchán na Comhdhála faoin méid a tharla ar an 6 Eanáir 2020 nuair a rinne slua ar thug seisean ugach dóibh, ruathar trí Washington DC agus go ndearna siad iarracht cosc a chur ar an gComhdháil toradh an toghcháin uachtaránachta a dhearbhú. An tseachtain seo chuaigh an FBI isteach ina theach cónaithe i Mar-a-Lago in Florida le cuardach a dhéanamh a bhain le cáipéisí atá á gceilt aige ar an gcartlann náisiúnta.

Tuairiscíodh go raibh cáipéisí íogaire a bhain leis an tslándáil náisiúnta stróicthe agus gurbh éigean iad a chur ar ais ina chéile. Chonaic muid grianghrafanna de cháipéisí eile a bhí caite sa leithreas pé sórt cáipéisí a bhí iontu agus pé tábhacht a bhain leo.

An cheist atá le cur ag an bpointe seo ná cén deireadh a bheidh ar na fiosrúcháin seo ar fad agus cén toradh a bheidh orthu? An gcúiseofar Trump in aon choir? An gcuirfear an dlí air faoi chion sibhialta? Agus cé mhéad dochair atá déanta ag na fiosrúcháin seo ar fad do Trump?

An freagra – is cosúil gur mó leas ná dochar atá déanta ag na scéalta ar fad an tseachtain seo do chás Trump mar pholaiteoir. Bhí na Poblachtánaigh le scaitheamh anois ag iarraidh iad féin a scaradh de bheagán ó Trump agus súil ag cuid acu go bhféadfaidís duine éigin eile seachas eisean a roghnú le bheith mar iarrthóir don toghchán in 2024. Cé go raibh roinnt iarrthóirí a bhfuil sé ag tacú leo ag teacht chun cinn mar iarrthóirí do na toghcháin lár téarma bhí ceannaireacht an pháirtí sásta anois go mbeidís in ann a chur ina luí air gan a bheith ag caint an oiread sin ar 2024.

Más tada é, is é a mhalairt atá fíor tar éis na seachtaine seo. Tá an cás go bhfuil Trump faoi léigear ag an eite chlé agus ag údaráis dlí agus chirt na Stát Aontaithe déanta go snasta ag na húdaráis chéanna sin le cúpla lá anuas. Tá an deighilt sna Stát Aontaithe follasach le tamall agus, an tseachtain seo, níos follasaí ná riamh. Tá na sluaite cruinnithe ag léiriú a gcuid tacaíochta do Trump agus ag fógairt go bhfuil éagóir á déanamh air. 

An cheist eile ná cén bealach a láimhseálfaidh na Daonlathaigh an scéal seo? Tá an tUachtarán Biden ag fanacht ciúin mar nach mian leis a ladar a chur sa gcóras dlí, a deir sé. An bhfuil tairbhe le baint ag na Daonlathaigh as aird a tharraingt ar na conspóidí a bhaineann le Donald Trump nó an amhlaidh a réiteoidh a leithéid an bealach do theaghlach Trump le filleadh ar Pennsylvania Avenue?

Gheobhaidh muid léargas faoi cheann beagán níos lú ná trí mhí sna toghcháin lár téarma ar dhearcadh an phobail sna Stáit Aontaithe i dtaobh na polaitíochta.

Beidh muid ag fanacht go foighdeach le toradh ceann de na fiosrúcháin atá ar bun faoi Trump. Má chuirtear cúiseanna ina leith, an gcaithfidh an páirtí Poblachtach droim láimhe a thabhairt leis agus bac a chur air a bheith ina iarrthóir in 2024? Nó an seasfaidh siad leis an bhfear, bíodh cúis ann nó ná bíodh, mar go gcreideann siad nach bhfuil amhras ar bith ach go dtoghfar é má chuireann sé a ainm chun cinn?

Fág freagra ar 'Trump faoi léigear agus chuile shórt á fhiosrú'