Trump le dul os comhair cúirte in Washington

Seo an tríú huair a díotáladhi gcúiseanna coiriúla Trump, gabhadh faoi dhó é go dtí seo agus tá sé ar an gcéad uachtarán ar Mheiriceá ar deineadh táinseamh faoi dhó air

Trump le dul os comhair cúirte in Washington

Tá iaruachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá Donald Trump le bheith os comhair breitheamh na cúirte dúiche feidearálaí in Washington DC inniu.

Déanfaidh lucht an ionchúisimh cur síos sa chúirt inniu ar an gceithre chúis atá curtha i leith Trump sa chás coiriúil is déanaí atá á thabhairt ina aghaidh.

Seo an tríú huair ar díotáladh Trump i gcúiseanna coiriúla, gabhadh faoi dhó é go dtí seo agus tá sé ar an gcéad uachtarán ar Mheiriceá ar deineadh táinseamh faoi dhó air.

Baineann na cúiseanna is déanaí le fiosrúchán faoi chíréibeacha Washington ar an 6 Eanáir 2021 nuair a dhein drong de lucht tacaíochta Trump ruathar ar an gCaipeatól.

Tá sé curtha i leith Trump gur chuaigh sé i mbun comhcheilge chun torthaí an toghcháin uachtaránachta in 2020 a chur ar ceal ar mhaithe le fanacht i gcumhacht.

Dúirt an fiosraitheoir speisialta Jack Smith go raibh sé ag súil nach mairfeadh an triail is déanaí rófhada agus dúirt sé go raibh sé ag dul do Trump go nglacfaí leis go raibh sé neamhchiontach go dtí go gcruthófaí ciontach é.

Dúirt Smith gur ionsaí ar an daonlathas nár facthas a leithéid cheana a bhí sna círéibeacha in Washington agus gur spreag bréaga Trump an t-ionsaí sin.

Seo an chéad chás coiriúil in aghaidh Trump a bhaineann lena thréimhse in oifig agus é curtha ina leith gur inis sé bréaga do mhuintir Mheiriceá arís agus arís eile fad is a bhí sé ina uachtarán.

Tá coireanna éagsúla á gcur i leith Trump mar thoradh ar fhiosrúchán faoi na círéibeacha in Washington DC ar an 6 Eanáir 2020, cúiseanna a bhaineann lena iompar sa tréimhse idir an toghchán i Samhain 2020 agus an lá ar fhág sé an Tigh Bán ar an 20 Eanáir 2021.

Baineann an chéad chúis leis an líomhain go ndein sé iarracht bac a chur ar bhailiú, ar chomhaireamh agus ar dheimhniú vótaí.

Baineann dhá chúis eile le hiarracht a dhéanamh bac a chur ar chlárú vótaí na gcoláistí toghcháin i gComhdháil na Stát Aonraithe ar an 6 Eanáir, an lá go ndein drong de lucht tacaíochta Donald Trump ruathar ar an gCaipeatól.

Baineann an ceathrú cúis le hiarracht a dhéanamh cur as don cheart atá ag daoine vótáil agus an ceart atá acu go ndéanfaí a vótaí a chomhaireamh.

Cuirtear i leith Trump gur chuaigh sé i mbun comhcheilge ar mhaithe le calaois a dhéanamh ar Stáit Aontaithe Mheiriceá.

Sa cháipéis díotála, deirtear:

“In ainneoin gur chaill sé bhí an cosantóir meáite ar fanacht i gcumhacht. Dá bharr sin, ar feadh breis agus dhá mhí i ndiaidh lá an toghcháin, an 3 Samhain 2020, scaip an cosantóir an bhréag gurb é féin dáiríre a bhuaigh an toghchán agus gur tharla calaois i leith an toghcháin, calaois a bhí chomh mór shin gurb í a shocraigh toradh na vótála. Ní raibh na nithe seo fíor agus bhí a fhios ag an gcosantóir nach raibh siad fíor.

“Ach ina ainneoin sin lean an cosantóir air ag rá na rudaí céanna agus á scaipeadh go forleathan – dhein sé é sin chun cuma na fírinne a chur ar na nithe a bhí á maíomh aige agus fios aige nach raibh siad fíor, chun mímhuinín agus fearg a chothú i measc an phobail go náisiúnta, agus chun muinín an phobail i riar na dtoghchán a chreimeadh.”

Tá Trump cúisithe i dtrí chás coiriúil go dtí seo ach deir saineolaithe dlí go ráineodh gurb é an ceann is déanaí seo an ceann is tromchúisí, go háirithe mar go mbaineann na cúiseanna lena thréimhse mar uachtarán.

Baineann ceann de na cásanna eile le hairgead a íoc le haisteoir ionas nach sceithfeadh sí scéal faoi chaidreamh collaí. Baineann an tríú cás leis an bhfiosrúchán faoin mhíláimhseáil a dhein Trump ar cháipéisí rúnda in Mar-a-Lago.

Tá fiosrú eile ar siúl faoi thorthaí an toghcháin in 2020 in Georgia.

In ainneoin na gcásanna coiriúla go léir, tá Trump mar rogha na coitiantachta le bheith ina iarrthóir ag na Poblachtánaigh i dtoghchán uachtaránachta 2024.

Dhein Trump diancháineadh ar an gcás coiriúil is déanaí atá á thabhairt ina aghaidh.

Mhaígh sé nach raibh ann ach lagiarracht “cham” eile ag “Clann choiriúil Biden” agus an Roinn Dlí agus Cirt cur isteach ar thoghchán na bliana seo chugainn.

Fág freagra ar 'Trump le dul os comhair cúirte in Washington'