Triúr as gach deichniúr d’aos óg na tíre atá ar an eolas faoi Raidió na Gaeltachta

De réir tuarascáil a foilsíodh an tseachtain seo, dúirt 31% de dhaoine idir 15-34 bliain d’aois go raibh eolas acu ar Raidió na Gaeltachta, a bhí ag ceiliúradh 50 bliain ar an bhfód anuraidh

Triúr as gach deichniúr d’aos óg na tíre atá ar an eolas faoi Raidió na Gaeltachta

Tá a fhios ag triúr as gach deichniúr d’aos óg na tíre gur ann do RTÉ Raidió na Gaeltachta, de réir taighde nua.

De réir eolais a bailíodh mar chuid de thuarascáil ar bhunú seirbhís raidió nua Gaeilge a bheadh dírithe ar an aos óg, dúirt 31% de na daoine idir 15-34 bliain d’aois a go raibh cur amach acu ar Raidió na Gaeltachta, a bhí ag ceiliúradh 50 bliain ar an bhfód anuraidh.

Sciar “measartha suntasach” a bhí sa mhéid sin, dar le lucht an taighde.

Níor luaigh ach 3% Raidió na Life agus 1% Raidió Rí Rá nuair a iarradh orthu stáisiúin raidió Ghaeilge a ainmniú. Léargas ar an easpa taithí atá ag daoine ar na meáin Ghaeilge gur ainmnigh 6% TG4 cé nach stáisiún raidió é agus gur luaigh 6% eile stáisiúin raidió nach stáisiúin Ghaeilge iad.

Tugadh suntas chomh maith don scéala gur thug beagnach duine as gach deichniúr le fios gur éist siad le Raidió na Gaeltachta le seachtain anuas. Léirigh lucht an taighde amhras faoin bhfigiúir sin, áfach, toisc go raibh sé cuid mhaith níos airde ná na figiúirí éisteachta do RnaG a bhailíonn JNLR.

“Tá an freagra seo i bhfad níos mó ná mar a thagann chun cinn ar JNLR agus mar sin, is fearr an chiall a bhaint as gur éisteadh leis le roinnt seachtainí anuas. Tugann sé le tuiscint, áfach, go bhfuil sciar beag ann a fuair taithí ar an stáisiún Gaeilge náisiúnta ag pointe éigin.”

As an mbeagnach 600 duine a ghlac páirt sa suirbhé, níor éist ach 1% díobh le Raidió na Life agus 0.5% le Raidió Rí Rá an tseachtain roimhe sin. Mheas na taighdeoirí go mbeadh tionchar éigin ar an scéal ag raon craolacháin teoranta Raidió na Life, a bhíonn á chraoladh laistigh de raon 8km i gcathair Bhaile Átha Cliath. Ó tharla nach bhfuil Raidió Rí Rá ar fáil ar FM d’fhéadfadh na figiúirí éisteachta a bheith níos ísle, a dúradh.

Údarás Craolacháin na hÉireann a rinne coimisiúnú ar an taighde chun a fháil amach cén spéis a chuirfí i seirbhís raidió hibrideach lánaimseartha Gaeilge a dhíreodh ar an lucht éisteachta idir 15-34 bliain in Éirinn.

Mar aon leis an suirbhé, rinneadh staidéar taighde cáilíochtúil i measc phobal na Gaeilge, idir chainteoirí dúchais agus chainteoirí líofa, chomh maith le hiniúchadh ar nósanna éisteachta an aosa óig. Ceistíodh daoine chomh maith na bearnaí a mheastar atá ann maidir le hábhar fuaime i nGaeilge.

Maidir leis na seirbhísí raidió Gaeilge atá ar fáil faoi láthair, braitheadh nach meallann aon stáisiún raidió na haoisghrúpaí go léir.

Sa chuid sin den taighde, mhol freagróirí Raidió na Gaeltachta as cumas an stáisiúin an fód a sheasamh in aghaidh stáisiúin mhóra an Bhéarla ach dúradh go mbraitheann sé “ar nós go bhfreastalaíonn sé ar dhaonra na Gaeltachta agus iad siúd amháin” agus go raibh sé dírithe ar lucht éisteachta “níos aibí”.

Moladh RnaG freisin as caighdeán na Gaeilge a bhíonn le cloisteáil ar an stáisiún, rud a bhí tábhachtach do chainteoirí dúchais a dúradh, ach measadh freisin go raibh sé deacair ag éisteoirí áirithe na canúintí a thuiscint.

Moladh Raidió Rí Rá agus Raidió na Life as freastal a dhéanamh ar lucht éisteachta níos óige ach mheas freagróirí go bhféadfadh na canúintí agus caighdeán na Gaeilge a bhíonn le cloisteáil ar an dá stáisiún cur as do dhaoine. Measadh go raibh obair le déanamh chun feasacht ar na stáisiúin a ardú freisin.

Ba é príomhthoradh na tuarascála maidir le seirbhís raidió i nGaeilge a chur ar fáil do dhaoine óga go gcuirfí “suim shuntasach” ina leithéid, cé gur dúradh nach bhfuil aon chinnteacht ann go n-éireodh lena leithéid.

Fág freagra ar 'Triúr as gach deichniúr d’aos óg na tíre atá ar an eolas faoi Raidió na Gaeltachta'