Níl “aon chinnteacht” ann go n-éireodh le seirbhís raidió nua Gaeilge a bheadh dírithe ar an aos óg ach ní gá go mbeadh an teanga ina bac roimh sheirbhís nua, a deirtear i dtuarascáil taighde nua.
Deirtear go gcaithfeadh aon seirbhís nua i nGaeilge cur le múnla traidisiúnta an raidió.
Deirtear go léiríonn torthaí an taighde nua go mbeadh daoine “oscailte” do choincheap an stáisiúin nua Ghaeilge do dhaoine óga agus go mbeadh “toilteanas éigin” ann “triail a bhaint” as a leithéid.
Deirtear sa taighde, a rinne an BAI agus Foras na Gaeilge, go gcaithfeadh aon stáisiún nua Gaeilge ceol agus ábhar “a bheadh tarraingteach don spriocphobal níos óige a chraoladh”.
Thug 38% de na daoine a ghlac páirt i suirbhé a rinneadh don taighde go raibh seans ann go n-éistfidís uair amháin sa tseachtain ar a laghad le seirbhís Ghaeilge fad is go mbeadh an ceol agus an t-ábhar a thaitníonn le daoine óga i gcroílár na seirbhíse sin.
13% a dúirt go raibh an-seans go n-éistfidís lena leithéid uair sa tseachtain ar a laghad agus 25% a dúirt go raibh seans áirithe ann go n-éistfidís lena leithéid.
40% a dúirt gur bocht an seans go n-éistfidís le seirbhís Ghaeilge nua don óige.
Ní gá go mbeadh an Ghaeilge ina bac i gcás stáisiúin nua ach léiríonn figiúirí JNLR a dheacra is a bheadh sé lucht éisteachta a mhealladh, a deirtear sa tuarascáil.
“Cé nach cosúil gur bacainn í an teanga, ar pháipéar, i ndáiríre, is dócha go gcuirfidh sí srian éigin ar tharraingteacht fhéideartha an stáisiúin ar fud an mhargaidh ghinearálta,” a deir údair Raidió Gaeilge don Óige – Tuarascáil Taighde.
“É sin ráite, ciall amháin a d’fhéadfaí a bhaint as torthaí an taighde is ea go raibh oscailteacht, spéis agus b’fhéidir fonn ann triail a bhaint as stáisiún Gaeilge nua, murab ionann agus aon deimhniú i dtaca le lucht éisteachta nó dílseacht stáisiúin, tar éis an tseolta.”
Deirtear go bhfuil “an chuma ar an scéal go bhfuil an raidió i riocht réasúnta sláintiúil in 2022” ach gur “spás iomaíoch” a bheadh ann do sheirbhís nua.
Chaithfeadh seirbhís nua Gaeilge “cur as don status quo ina cuid iarrachtaí aird an spriocmhargaidh a mhealladh agus iad a spreagadh le triail a bhaint as an stáisiún úr”.
Luaitear chomh maith mar chomhartha dearfach do sheirbhís nua an rath atá ar scannáin Ghaeilge Cine 4 le tamall anuas.
“Go deimhin, is dócha go bhfuil úsáid na Gaeilge inár gcultúr laethúil níos tráthúla anois ná mar a bhíodh agus, go háirithe le rathúlacht reatha na scannán Gaeilge i bpictiúrlanna lárshrutha, d’fhéadfadh sé gur tionscnamh tráthúil a bheadh ann,” a deirtear sa tuarascáil.
Deirtear sa taighde go mbraitear nach n-éiríonn le haon cheann de na seirbhísí raidió Gaeilge atá faoi láthair ann “freastal iomlán” a dhéanamh ar na haoisghrúpaí éagsúla a bhíonn ag éisteacht leis an raidió.
Léiríodh sa suirbhé ar 600 duine a rinne an comhlacht IPSOS mar chuid den taighde go raibh tuairim “éagsúil” ag daoine faoi na stáisiúin Ghaeilge éagsúla.
Dúradh go raibh na tuairimí éagsúla seo faoi na stáisiúin bunaithe ar chaighdeán na Gaeilge a bhíonn á craoladh orthu agus faoi cé acu an ábhar “ceannródaíoch” nó “gnáthábhar” a bhíonn acu.
Deir Údarás Craolacháin na hÉireann go bhfuil an chuma ar thorthaí an taighde go mbeadh áit ann d’ábhar fuaime ardchaighdeáin don óige i nGaeilge.
Cé gurb é an raidió an t-ardán fuaime is ansa le formhór daoine go fóill deirtear sa tuarascáil go bhfuil daoine idir 15–34 bliain ag bogadh de réir a chéile go dtí ábhar fuaime digiteach.
Chaithfeadh podchraoltaí agus míreanna a d’fhéadfaí a roinnt ar na meáin shóisialta a bheith ina ndlúthchuid d’aon seirbhís nua a bhunófaí, a deirtear.
Deir lucht an taighde gur léirigh daoine arb é an Béarla a bpríomhtheanga meon oscailte i leith bhunú na seirbhíse Gaeilge nua.
Bhí suim mhór ag na cainteoirí Gaeilge óga rogha níos mó a bheith acu ó thaobh ábhar éisteachta i nGaeilge ar FM agus ar ardáin dhigiteacha.
Chuir Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn fáilte roimh an taighde.
“Le hacmhainní an-teoranta, d’éirigh go han-mhaith le Raidió na Gaeltachta agus leis an dá stáisiún raidió pobail Gaeilge, Raidió na Life i mBaile Átha Cliath agus Raidió Fáilte i mBéal Feirste, lucht éisteachta raidió a fhorbairt sa Ghaeltacht agus ar fud an oileáin.”
Dúirt Ó Coinn go raibh “raon, acmhainní agus scóip” na stáisiún sin “teoranta faoi láthair”, áfach, agus gurbh fhiú seirbhís úr a fhorbairt do dhaoine óga.
Dúirt Príomhfheidhmeannach an BAI, Celene Craig gur léir ón taighde “go bhfuil spéis i measc an lucht éisteachta óg “in ábhar breise agus éagsúil Gaeilge”.
Dúirt sí go raibh sé “spéisiúil” chomh maith gur leag daoine béim ar chur leis an raidió traidisiúnta le hábhar digiteach ar nós podchraoltaí. Chaithfí, áfach, tuilleadh machnaimh a dhéanamh ar sheirbhís nua a bhunú, a dúirt ceannasaí an BAI.
“Cé go bhfuil scóip ann d’ábhar atá níos éagsúla agus níos ábhartha ó thaobh an chultúir de, bheadh tuilleadh plé le déanamh ar inbhuanaitheacht aon seirbhís nua i dtimpeallacht a bhíonn de shíor ag athrú agus ag forbairt.
“Ag na chéad chéimeanna eile, bheadh gá le feasacht ar thionchar seirbhíse nua ar chraoltóirí reatha.”
Dúirt Catherine Martin, an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, go dtacaíonn sí go “go láidir le níos mó ábhar agus seirbhísí Gaeilge a chur ar fáil “go háirithe do dhaoine óga”. Bhí sé “tábhachtach”, áfach, go bhfaighfí tuiscint “ar conas a éisteann daoine óga le hábhar fuaime, ar FM agus ar líne, agus ar an leibhéal spéise i seirbhís nua Gaeilge”. Chaithfí a fháil amach cad a theastódh ón dream óg óna leithéid de sheirbhís, a dúirt an tAire. Dúirt sí go mbeadh an taighde nua “áisiúil” do Choimisiún nua na Meán.
Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Patrick O’Donovan gur léir dó go bhféadfadh seirbhís raidió nua ar ardchaighdeán don óige “níos mó daoine óga a mhealladh chun éisteacht leis an nGaeilge, ag cabhrú le húsáid na teanga a leathnú agus a normalú inár sochaí trí chéile”.
Fág freagra ar 'Meon ‘oscailte’ ag daoine faoi stáisiún raidió nua Gaeilge, ach ní gá go n-éireodh leis'