Trí mholadh phraiticiúla do scríbhneoirí atá i bponc de bharr na dianghlasála

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: An tseachtain seo: aird a choinneáil ar an obair a bhíonn idir lámha – sin é an dúshlán is mó a bhíonn roimh scríbhneoirí na laethanta seo

Trí mholadh phraiticiúla do scríbhneoirí atá i bponc de bharr na dianghlasála

Maidin Dé Céadaoin, 07:31. 

Tá sé dubh dorcha taobh amuigh. Ní raibh greim bricfeasta agam go fóill ach mura gcuirfidh mé tús leis an gcolún seo anois cá bhfios cén uair a bheidh an t-am agam.

Más scríbhneoir thú, tuigfidh tú cén tionchar tubaisteach atá ag na srianta dianghlasála ar an scríbhneoireacht.

Cinnte, cuireann na srianta céanna as do dhuine ar bith atá ag obair ón mbaile faoi láthair. Ní haon dóithín é láthair oibre a roinnt le leannán atá ag obair ón mbaile freisin, nó le slua páistí atá i mbun scoile ag bord na cistine.

Ach tá sé an-deacair ar fad scríobh nuair a bhíonn daoine eile in aice leat.

Ó, féadfaidh tú iarraidh orthu a mbéal a choinneáil dúnta agus seans go n-éireoidh leat leathabairt a scríobh chuile dheich nóiméad nó mar sin. Éireoidh leat leathanach iomlán a líonadh in aghaidh an lae ar an gcaoi sin más iriseoireacht nó scríbhneoireacht neamhfhicsin atá idir lámha agat. Ach más scríbhneoireacht chruthaitheach atá ar bun agat, cuirfidh láithreacht fhisiciúil duine eile d’intinn faoi ghlas.

Samhlaigh a bheith ag iarraidh radharc gnéis a scríobh agus páiste sé bliana d’aois i mbun scoile trasna an bhoird uait, nó dán grá nuair atá do leannán thall ar an tolg ag díol polasaithe árachais ar an bhfón.

Fan soicind, cloisim go bhfuil mo mháthair tar éis éirí. Beidh orm a cuid piollaí a thabhairt di.

Tráthnóna Dé Céadaoin, 14:44

Bhí greim bricfeasta agam tar éis dom cabhair a thabhairt do mo mham, a bhfuil galar Alzheimer uirthi agus a bhfuil an dá chromán ag cur as di, agus ansin bhí orm dul go dtí an t-ollmhargadh. Nuair a tháinig mé ar ais ón mbaile mór bhí orm an seomra folctha a ní toisc go raibh teiripeoir saothair ag teacht ar cuairt. Nuair a tháinig an teiripeoir saothair, d’inis sí dúinn go mbeidh orainn athchóiriú casta agus costasach a dhéanamh ar an seomra folctha má theastaíonn ó mo mháthair fanacht ina cónaí ina teach féin.

Cá raibh mé?

Aird a choinneáil ar an obair a bhíonn idir lámha agat – feictear dom gurb é sin an dúshlán is mó a bhaineann leis an scríbhneoireacht na laethanta seo, cuma an bhfuil páistí nó seandaoine faoi do chúram nó nach bhfuil. An síorshruth drochnuachta, an tsíorimní go dtolgfaidh tú féin, gaolta nó cairde leat an galar, na hearraí ar fad a cheannaigh tú ar líne agus a gcaithfidh tú rianú táirge a dhéanamh orthu: dhéanfaidís smidiríní d’aigne duine ar bith.

Tá trí mholadh phraiticiúla agam do scríbhneoirí a bheadh i bponc ó thaobh ama agus airde de, mo dhála féin.

1. Bain úsáid as pé blúirín ama a bhíonn agat (seans go mbeidh ort éirí go luath nó dul a luí go mall.)

2. Múch an t-idirlíon agus an fón agus dírigh d’aird go hiomlán ar an obair a bheidh idir lámha agat go dtí go gcuirfear isteach ort arís.

3. Cuimhnigh gur san aigne, seachas ar pháipéar nó ar scáileán, a dhéantar cuid mhór den scríbhneoireacht. Téigh amach ag siúl, lig do d’fhochomhfhios a chuid oibre a dhéanamh, bí cúramach gan dul thar an teorainn 5 chiliméadar agus nigh do lámha nuair a thiocfaidh tú ar ais!

Maidin Déardaoin, 09:04

Piollaí tugtha do mo mháthair, bricfeasta faoin bhfiacail, eagarthóireacht déanta ar an gcolún seo. Bhí sé an-soiléir gur in dhá bhabhta a scríobhadh dréacht an ailt seo agus nach raibh iomlán m’airde ar an obair, ach léiriú a thabhairt ar shaol an scríbhneora, idir mhaith agus olc, sin é cuspóir na sraithe seo.

Fág freagra ar 'Trí mholadh phraiticiúla do scríbhneoirí atá i bponc de bharr na dianghlasála'

  • Laoise

    Amen, brotha