Treoirlínte pleanála na Gaeltachta le foilsiú roimh dheireadh na bliana – an tAire Dara Calleary

Deir an tAire Calleary go mbeadh ról ag Údarás na Gaeltachta i gcúrsaí tithíochta sa nGaeltacht ach nach mbeadh sé á aithint mar Chomhlacht Ceadaithe Tithíochta

Treoirlínte pleanála na Gaeltachta le foilsiú roimh dheireadh na bliana – an tAire Dara Calleary

Tá sprioc nua tugtha d’fhoilsiú na ndréacht-treoirlínte pleanála don Ghaeltacht agus é ráite ag an Aire Dara Calleary go bhfuil sé ag súil go bhfoilseofar roimh na Nollag iad.

Tá sprioc i ndiaidh sprice sáraithe ag an rialtas maidir le foilsiú na dtreoirlínte ach má chloítear leis an dáta nua, beidh na dréacht-treoirlínte á gcur os comhair an phobail ceithre bliana ó fógraíodh an chéad sprioc.

Nuair a d’fhógair an t-iar-aire tithíochta Darragh O’Brien go dtabharfaí faoi bheartas pleanála nua don Ghaeltacht, dúradh go bhfoilseofaí é roimh dheireadh 2021 ach dheimhnigh Aire na Gaeltachta Dara Calleary ag cruinniú leis na grúpaí feachtais tithíochta Bánú agus Tinteán le gairid go raibh sé i gceist na dréacht-treoirlínte a fhoilsiú roimh dheireadh na bliana.

Beidh tamall eile ann ansin sula mbeidh na treoirlínte réidh le cur i bhfeidhm sa nGaeltacht agus comhairliúchán poiblí le reáchtáil ina dtaobh chomh maith.

Tuigtear go bhfuil ceisteanna fós ann maidir le cén chaoi a bhféadfaí tús áite a thabhairt do chainteoirí Gaeilge maidir le soláthar tithíochta sa nGaeltacht.

Agus é ag labhairt ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, dhiúltaigh an tAire Dara Calleary a rá an raibh aon treoir faighte ón Ard-Aighne maidir leis an gceist ach dúirt sé go mbeifí in ann “oibriú timpeall ar aon chúrsaí dlí”.

Bhuail an tAire Calleary agus an tAire Tithíochta reatha, James Browne, le Bánú agus Tinteán an tseachtain seo caite.

Cé gur tugadh an sprioc nua d’fhoilsiú na ndréacht-treoirlínte ag an gcruinniú sin, cuireadh as an áireamh ceann de phríomh-éilimh lucht feachtais, sin é go ndéanfaí Comhlacht Ceadaithe Tithíochta (AHB) d’Údarás na Gaeltachta.

Dúirt an tAire Calleary go mbeadh ról ag an Údarás i gcúrsaí tithíochta sa nGaeltacht ach nach mbeadh sé á aithint mar AHB.

Pléadh ag an gcruinniú freisin an Scéim Tithíochta Gaeltachta faoina mbíodh cúnamh deontais á íoc le daoine sa Ghaeltacht a raibh Gaeilge ar a dtoil acu le tithe nua a thógáil nó le feabhsúcháin a dhéanamh ar thithe a bhí acu cheana féin.

Cé nár thug an tAire Calleary aon ghealltanas go dtabharfaí an scéim, a bhí ar bun ó 1929 go dtí gur cuireadh ar fionraí é in 2009, ar ais dúirt sé go raibh “gach rud ar an mbord” agus go mbeadh sé ag labhairt leis na hairí airgeadais agus caiteachais phoiblí aimsir an bhuiséid.

Tá an tAire Calleary le casadh le hÚdarás na Gaeltachta agus leis na húdaráis áitiúla a bhfuil ceantair Ghaeltachta faoina gcúram Déardaoin beag seo chun tuilleadh plé a dhéanamh ar cheist na tithíochta sa nGaeltacht.

Fág freagra ar 'Treoirlínte pleanála na Gaeltachta le foilsiú roimh dheireadh na bliana – an tAire Dara Calleary'