Ní bheidh leigheas ar an trioblóid a bhíonn ag daoine a bhfuil ainmneacha agus sloinnte Gaeilge orthu, nó a úsáideann an leagan Gaeilge dá seoladh baile le comhlachtaí poiblí, go dtí go n-eiseoidh Aire na Gaeltachta, Dara Calleary, treoirlínte reachtúla le haghaidh na gcomhlachtaí poiblí faoi chur i bhfeidhm Acht na dTeangacha Oifigiúla, dar leis an gCoimisinéir Teanga, Séamus Ó Concheanainn.
I measc na bhforálacha a tugadh isteach faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2021 i mí na Nollag seo caite, leagadh dualgas ar chomhlachtaí poiblí a gcórais ríomhaireachta a chóiriú le go mbeifí in ann ainm, sloinne, seoladh poist, agus teideal duine den phobal “a thaifeadadh agus a phróiseáil go cruinn i nGaeilge”.
Dúirt an Coimisinéir Teanga ina thuarascáil bhliantúil gur “foráil fhíorthábhachtach” í an fhoráil seo mar gheall ar an líon gearán a fhaigheann a oifig go rialta i leith “sonraí pearsanta bhaill den phobal i nGaeilge a úsáid go míchruinn” ach nach mbeidh “éifeacht iomlán” ag an bhforáil go dtí go dtabharfaidh an tAire Gaeltachta na treoirlínte isteach.
“Ní bheidh feidhm iomlán ag [an bhforáil] go dtí go roinnfidh Aire na Gaeltachta treoirlínte reachtúla a roinnfidh mioneolas leis na comhlachtaí poiblí faoi chur i bhfeidhm na forála agus a bhforordóidh comhlachtaí poiblí chun críocha na forála sin,” a dúirt sé.
Dúirt Ó Concheanainn go bhfuil sé ag súil go dtiocfaidh laghdú ar líon na ngearán a fhaigheann a oifig faoi na cearta a bhaineann le hainm, sloinne agus seoladh Gaeilge ar an bhforáil nua.
Luaigh sé go sonrach an córas Eircode mar shampla de chomhlacht poiblí a ndearnadh go leor gearán faoi maidir le húsáid seoltaí poist Gaeilge.
“Baineann bunús na deacrachta leis an leagan Béarla de sheoltaí a bheith á n-úsáid mar réamhshocrú agus gan aon deis a bheith ag an bpobal an réamhshocrú i mBéarla a chur ar ceal ach leagan Gaeilge den seoladh a chlárú.
“Údar mór faoisimh a bheidh ann do phobal na Gaeilge go rachaidh [an fhoráil] i ngleic freisin leis an easnamh seo sa chóras Eircode,” a dúirt sé.
Bhí conspóid mhór ann nuair a tugadh an córas Eircode isteach ar dtús sa bhliain 2015 mar gheall ar sheoltaí i mBéarla a bheith á gcur ar chomhfhreagras le muintir na Gaeltachta. Sa bhliain 2021 chuir an t-iarChoimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill tuarascáil faoi bhráid Thithe an Oireachtais mar nár cuireadh i bhfeidhm na moltaí faoi Eircode a rinne sé ina thuarascáil.
Thosaigh Oifig an Choimisinéara Teanga ag fiosrú an scéil ó seoladh an córas Eircode i mí Iúil 2015. Dúirt Rónán Ó Domhnaill gur tharraing an scéal níos mó gearán ná aon ábhar eile ó bunaíodh Oifig an Choimisinéara Teanga.
Sa bhliain 2023 dúirt baill de Choiste Oireachtais na Gaeilge agus na Gaeltachta go raibh díomá orthu nach raibh an scéal curtha ina cheart faoin am sin go “leanfar leis an sárú reachtaíochta a [bhí] á dhéanamh a bhí á dhéanamh maidir le logainmneacha Gaeilge ar feadh trí bliana ar a laghad”. D’fhoilsigh an coiste a dtuarascáil féin ar an gceist i mí Nollag na bliana 2023.
Fág freagra ar 'Treoirlínte ó Aire na Gaeltachta ag teastáil chun dualgas a chur ar chomhlachtaí poiblí ainmneacha agus seoltaí i nGaeilge a úsáid go cruinn'