‘Thar am ag an DUP a naimhdeas a chur i leataobh is oidhreacht Phreispitéireach na Gaeilge a aithint’

Bhí díospóireacht theasaí i gComhairle Cathrach Bhéal Feirste an tseachtain seo faoi pholasaí Gaeilge nua na comhairle

‘Thar am ag an DUP a naimhdeas a chur i leataobh is oidhreacht Phreispitéireach na Gaeilge a aithint’

Tá sé thar am ag an DUP a naimhdeas i leith na Gaeilge a chur i leataobh agus oidhreacht Phreispitéireach na teanga i mBéal Feirste a aithint, a dúradh le linn díospóireacht theasaí i gComhairle Cathrach Bhéal Feirste an tseachtain seo.

Le linn na díospóireachta faoi pholasaí Gaeilge nua na comhairle cathrach, mhaígh Sarah Bunting, comhairleoir de chuid an DUP, go mb’fhéidir go gcuirfí oibrithe de chuid na Comhairle Cathrach i mbaol dá mbeadh orthu éide oibre a raibh téacs i nGaeilge agus i mBéarla orthu a chaitheamh. Dúirt sí go raibh ceisteanna le freagairt faoi oibrithe eile a d’aireodh míchompordach in éide oibre a raibh an Ghaeilge uirthi.

Dúirt an comhairleoir de chuid Shinn Féin Ciarán Beattie go raibh sé deacair a thuiscint cén fáth a gcuirfeadh an DUP in aghaidh an dátheangachais i mBéal Feirste nuair a bhí polasaithe teanga i bhfeidhm le fada i gcathracha eile de chuid na Ríochta Aontaithe.

“Ní faoi éide oibre amháin atá sé seo, ach faoin bhfeiceálacht, ag cinntiú go bhfeiceann daoine an teanga, go gcloiseann siad í, agus go bhfoghlaimíonn níos mó daoine í.

“Tá sé giota beag doiligh seasamh an DUP a thuiscint, mar má amharcann tú trasna na farraige sa ‘Ríocht Aontaithe’ mar a thabharfaidís féin uirthi, feicfidh tú go bhfuil éide dhátheangach i nGlaschú.

“Má théann tú go Caerdydd agus chuig go leor cathracha eile ar fud na Ríochta Aontaithe tá [a dteangacha] ar an éide. Ach níl i mBéal Feirste. Agus cad chuige? Mar ní maith leo an Ghaeilge. Agus sin an fhadhb.

“Ní maith leo an Ghaeilge agus d’fhéadfaí breathnú air sin mar chiníochas. Dá mbeadh náisiúntacht eile i gceist? Cad chuige an Ghaeilge? Cad chuige nach maith libh an Ghaeilge? Sin an cheist a chaithfidh an DUP a fhreagairt,” a dúirt Beattie.

Luaigh sé gurbh iad na Preispitéirigh a “shábháil” an Ghaeilge i mBéal Feirste agus go raibh sé in am ag an DUP “an oidhreacht” a d’fhág na Preispitéirigh ina ndiaidh sa chathair a aithint agus tógáil uirthi.

“Is dul chun cinn mór don chathair [é an polasaí teanga]. I dtaobh fhorbairt na teanga ach i dtaobh ár gcultúir agus ár staire fosta. Níos túisce inniu labhair muid ar na Seomraí Tionóil agus a thábhachtaí is atá siad do Phreispitéirigh na cathrach.

“Ba iad na Preispitéirigh a rinne athbheochan ar an Ghaeilge sa chathair seo. Thug siad an teanga ar ais chuig an gcathair seo agus tá sé tábhachtach go n-inseofaí an scéal sin agus go dtógfaí air. Caithfear tógáil ar oidhreacht na bPreispitéireach,” a dúirt Beattie.

Cháin sé comhairleoirí Aontachtacha Bhéal Feirste agus mhaígh go raibh siad “ag cur moille” ar an pholasaí teanga a bhí aontaithe agus maoinithe ag feisirí de chuid an pháirtí in Stormont. Dúirt sé go dtiocfadh an polasaí teanga i bhfeidhm bealach amháin nó bealach eile agus go gcaithfeadh na comhairleoirí a bhí ag cur ina aghaidh glacadh leis sa deireadh.

“Má théann tú go Manainn feicfidh tú an Mhanainnis ar gach uile chomhartha ann. Is annamh a fheicfidh tú an Béarla, leoga. Tarlaíonn sé seo i go leor áiteanna eile agus ní bhíonn fadhb dá laghad ann. Níl aon fhadhb ann in Iúr Chinn Trá, níl fadhb ann in Ard Mhacha, i bhFear Manach, ná i Lár Uladh. Ach tá fadhb ann in intinn roinnt daoine i mBéal Feirste.

“Tá an ceart agaibh, tá sé seo le teacht i bhfeidhm. Tá sé ag teacht, tá sé ag tarlú, agus, éistigí, caithfidh sibh glacadh leis,” a dúirt sé.

Shéan comhairleoirí de chuid an DUP go raibh an páirtí ciníoch nó in aghaidh na Gaeilge agus mhaígh siad gurb amhlaidh nár thaitin sé leo go mbíonn ‘polaitiú’ á dhéanamh ar an nGaeilge ag Sinn Féin.

Fág freagra ar '‘Thar am ag an DUP a naimhdeas a chur i leataobh is oidhreacht Phreispitéireach na Gaeilge a aithint’'