Beidh 11 téacsleabhar nua ar fáil i nGaeilge do dhaltaí iar-bhunscoileanna lán-Ghaeilge faoi dheireadh na scoilbhliana seo.
Tá meascán de théacsleabhair a aistríodh ón mBéarla agus téacsleabhair nuascríofa i nGaeilge san áireamh leis an 11 leabhar nua agus iad ar fáil anuas ar an rogha 41 leabhar a bhí ar fáil cheana féin.
Is leabhair don tSraith Shóisearach iad sé cinn de na leabhair nua agus is le siollabas na hArdteiste a bhaineann an cúig leabhar eile. Is leabhair nua as an bpíosa iad cúig cinn de na leabhair agus is aistriúcháin ar théacsleabhair atá ar fáil do dhaltaí i scoileanna lán-Bhéarla an sé cinn eile.
Anuas ar na téacsleabhair a chuireann COGG ar fáil do dhaltaí agus do mhúinteoirí na scoileanna lán-Ghaeilge, tá leabhair oibre agus acmhainní eile ar fáil chomh maith.
Fág freagra ar '11 téacsleabhar nua á gcur ar fáil d’iar-bhunscoileanna lán-Ghaeilge'