Tráthnóna ‘fuar feanntach’ agus oíche ‘an-fhuar go deo’ romhainn, teocht chomh híseal le -11C á tuar

Tiocfaidh rabhadh oráiste oighir agus fuachta i bhfeidhm tráthnóna inniu agus beidh sé i bhfeidhm go dtí meán lae amárach

Tráthnóna ‘fuar feanntach’ agus oíche ‘an-fhuar go deo’ romhainn, teocht chomh híseal le -11C á tuar

D’fhéadfadh an teocht titim chomh híseal le -11C anocht agus rabhadh aimsire oráiste fógartha ag Met Éireann do 19 contae.

Tiocfaidh an rabhadh oráiste oighir agus fuachta seo i bhfeidhm ag 6pm tráthnóna inniu agus beidh sé i bhfeidhm go dtí meán lae amárach, Déardaoin.

Tráthnóna fuar feanntach a bheidh ann, a deirtear.

Dúirt Met Éireann go mbeadh sé “an-fhuar go deo” anocht agus go mbeadh an teocht faoi bhun -5C go forleathan agus oighear agus sioc crua ann.

Baineann an rabhadh oráiste nua le Gaillimh, Ciarraí, Corcaigh, an Mhí, Ceatharlach, Cill Dara, Cill Chainnigh, Laois, An Longfort, Lú, Uíbh Fhailí, an Iarmhí, An Cabhán, Muineachán, Luimneach, Tiobraid Árann, An Clár, Liatroim agus and Ros Comáin.

Tá comhairle curtha ar dhaoine tiomáint go mall agus go cúramach.

Ag labhairt di ar Morning Ireland ar RTÉ, dúirt an meitéareolaí Joanna Donnelly go mbeadh an teocht -7C go forleathan anocht, ach go bhféadfadh sí titim chomh híseal le -11C in áiteanna.

“Níl oiread sin frasaíochta ann, níl aon flichshneachta ná sneachta ann seachas corrchith taobh leis an gcósta, ach tá an teocht ag éirí i bhfad níos fuaire.

“Tá  -7 céim go forleathan agam sa réamhaisnéis don oíche anocht, ach beidh sé i bhfad níos fuaire in áiteanna anseo agus ansiúd – feicim -11 ar na cairteacha aimsire anseo,” a dúirt Joanna Donnelly.

Cuireadh moill ar thiománaithe arís ar maidin mar gheall ar shioc a bheith forleathan ar na bóithre agus ceo seaca trom ann.

Cé go bhfuil grean is salann á gcur síoraí seasta ar na príomhbhóithre tá contúirt ar na bóithre tánaisteacha agus ar chosáin a bheidh ina reothalach, go háirithe má tá an áit foscúil.

Le cur leis an gcontúirt tá an ceo seaca ag cur isteach go mór ar léargas lucht tiomána agus caithfear a bheith fíorcháiréiseach agus tiomáint go réidh stuama.

Cuireadh na céadta eitilt isteach agus amach as Aerfort Bhaile Átha Cliath ar ceal ó thosaigh an tréimhse fuachta ag deireadh na seachtaine seo caite.

Deir Met Éireann go mbeidh sé “an-fhuar” an chuid eile den tseachtain le sioc crua agus paistí oighir.

D’fhéadfadh múraíl gheimhriúil a bheith le cósta go deireadh na seachtaine

 

Fág freagra ar 'Tráthnóna ‘fuar feanntach’ agus oíche ‘an-fhuar go deo’ romhainn, teocht chomh híseal le -11C á tuar'