Trasnaím teorainn dhofheicthe gach lá…

Theip ar chadhnra chluasán ár gcolúnaí 10 ciliméadar os cionn na Fraince agus thosaigh sé ag machnamh faoi theorainneacha

Trasnaím teorainn dhofheicthe gach lá…

Bhí mé in eitleán os cionn iarthar na hEorpa le gairid, an chéim dheireanach de thuras fada ón mBrasaíl, mar a bhfuil cónaí orm, go dtí mo thír dhúchais, an Ísiltír.

Áit éigin os cionn na Fraince rith cadhnra mo chuid cluasán amach díreach i lár podchraolta, ach bhí suíochán in aice leis an bhfuinneog agam agus ní raibh scamall sa spéir. Thosaigh mé ag stánadh amach ar an tírdhreach.

Ba í sin, ar dheis, cathair Pháras. Ní raibh mé in ann túr Eiffel a aimsiú ach bhí mé in ann túir spéire an cheantair ghnó La Défense a dhéanamh amach, agus, mura bhfuil dul amú orm, páirc mhór Bois de Boulogne.

Ó thuaidh leis an eitleán agus chuaigh Páras ó léargas. Mar is eol do chách níl tírdhreach thuaisceart na Fraince ar an gceann is suimiúla ar domhan ach níorbh fhada gur smaoinigh mé ar chluiche: meas tú an mbeinn in ann an teorainn idir an Fhrainc agus an Bheilg a dhéanamh amach ón spéir?

Nach ormsa a bhí an t-ionadh go raibh. Ní hé go raibh líne dhearg le feiceáil sa tírdhreach mar a bheadh ar léarscáil ach bhí líne de chineál le feiceáil mar sin féin, líne a shín soir ó dheas mar a shíneann an teorainn idir an Fhrainc agus an Bheilg. Bhí na dathanna ceannann céanna ar na goirt ar an dá thaobh den líne sin – glas agus buí – ach ba é an chaoi go raibh na goirt ar an taobh thoir thuaidh den líne – taobh na Beilge – i bhfad níos lú ná na cinn ó dheas.

Ná cuir ceist ormsa cén ghné den tíreolaíocht dhaonna ba chúis leis go bhféadfaí teorainn nach mbítear ag seiceáil na bpasanna ann ó 1992 i leith a fheiceáil ó airde 10 ciliméadar, ach bhí sí le feiceáil go héasca: líne a scar dhá cheantair a bhí éagsúil óna chéile ó thaobh an chultúir de.

Tá teorainneacha cultúrtha eile ann nach féidir a fheiceáil ach ar féidir iad a mhothú, agus ó tháinig mé abhaile go dtí an Ísiltír trasnaím ceann acu sin gach lá.

Ar a bhealach isteach go haerfort Schiphol thrasnaigh an t-eitleán an teorainn idir Heemskerk, mo bhaile dúchais, agus Castricum, an baile díreach ó thuaidh. Chas an t-eitleán ansin don tuirlingt dheireanach agus thrasnaigh an teorainn chéanna arís, agus bhí mé in ann a dheimhniú den dara huair nach bhfuil sí le feiceáil ón spéir.

Ach mothaím an teorainn sin go soiléir nuair a thrasnaím í ar mo rothar gach tráthnóna chun cuairt a thabhairt ar mo mháthair, a bhfuil cónaí uirthi in ionad cúraim do dhaoine a bhfuil galar Alzheimer orthu atá lonnaithe i mbaile Castricum.

Bhí teorainneacha éagsúla san áit chéanna riamh anall, teorainneacha a scar ceantair a bhí i bhfad, i bhfad níos mó ná limistéir bhardas dhá bhaile mór.

Bhí an ceantar iomlán ina bhfuil Heemskerk agus Castricum inniu taobh amuigh den limes, seanteorainn Impireacht na Róimhe, ach áit éigin sna dumhcha gainimh díreach ó dheas de bhaile Heemskerk a thóg saighdiúirí na Róimhe an dún cosanta is faide ó thuaidh dár thóg siad ar an mór-roinn, Castellum Flevum. Rinne siad iarracht dul níos faide ó thuaidh – ach sa bhliain 28 scrios treibh na bhFreaslannach arm na Rómhánach i gcoill mhór Baduhenna, idir Heemskerk agus Castricum; tréigeadh dún Castellum Flevum agus theith na Rómhánaigh ó dheas.

Nuair a thit Impireacht na Róimhe bhí teorainn san áit chéanna arís: ba é Castricum an áit is faide ó dheas a bhí faoi anáil na bhFreaslannach, agus sna meánaoiseanna thóg iarlaí na hOllainne cúig (5!) cinn de chaisleáin mhóra i mbaile Heemskerk chun a ndúiche féin a chosaint.

Inniu, na céadta bliain níos déanaí, tugann fiú amháin daoine a bhfuil galar Alzheimer orthu faoi deara go bhfuil muintir Heemskerk agus muintir Castricum éagsúil óna chéile.

‘Tá muintir Heemskerk te teolaí agus tá muintir Castricum fuar,’ a dúirt bean atá ina cónaí san ionad cúraim céanna le mo mháthair (agus nach as ceachtar den dá áit í féin ó dhúchas.)

Dar liom go raibh an ceart ar fad aici. Fiú anois agus an samhradh ag druidim linn mothaím rian den gheimhreadh san aer nuair a thrasnaím an teorainn sin ó thuaidh; geimhreadh a bhaineann le meon an phobail seachas leis an aimsir.

Ar ndóigh tá Éire í féin breac le teorainneacha den chineál chéanna, teorainneacha nach féidir a fheiceáil ach gur féidir iad a mhothú, agus mar a scríobh Máirtín Ó Catháin ar na leathanaigh seo coicís ó shin in alt dar teideal Cá bhfuil Conamara? ní gá go mbeadh gach duine ar aon tuairim faoin áit a bhfuil na teorainneacha sin.

Mhothaigh mise i gcónaí go bhfuil teorainn dhofheicthe ach inmhothaithe díreach taobh thiar de cheannáras TG4 i mBaile na hAbhann agus tú ag dul siar as Gaillimh, san áit a chasann an R336 ó thuaidh. Ach gach seans go gcuirfeadh duine eile an teorainn idir Cois Fharraige agus Conamara in áit éigin éagsúil.

Cinnte, táimid ag caint anois ar mhiondifríochtaí, ar theorainneacha a d’fhéadfaí a chur i gcomparáid leis na ‘teorainneacha’ idir imireacha éagsúla den dath céanna nó idir an blas a bhíonn ar speicis éagsúla den toradh céanna – idir blas úll Bramley agus úll Cox, abair. Ach teorainneacha iad atá tábhachtach dóibh siúd a bhfuil cónaí orthu in aice leo. Baineann siad le féiniúlacht, le stair a fuair muid le hoidhreacht ó laethanta nuair nach mbíodh na jíons céanna ar gach duine ó Ushuaia go Vladivostok agus Drake, Shakira agus Rihanna ar chluasáin gach duine againn.

Fág freagra ar 'Trasnaím teorainn dhofheicthe gach lá…'

  • Roisin Sheehy

    A Alex, Is brea liom do chuid altanna.
    Roisin

  • Constance Patten

    Nach dtarlaíonn rudaí iontach agus na cluasáin bainte dínn againn!