Cá bhfuil Conamara? Ó Bhearna go Carna? Tá freagra ag Tim Robinson dúinn..

Ní inniu ná inné a thosaigh an díospóireacht faoi theorainneacha Chonamara ach tá a bhreithiúnas leagtha síos go láidir i gcló ag Tim Robinson

Cá bhfuil Conamara? Ó Bhearna go Carna? Tá freagra ag Tim Robinson dúinn..

‘Nach breá an radharc iad na Beanna Beola,

Maidir Fhómhair le héirí an lae,

Nuair a scallas an ghrian orthu a scáilí ómra,

Mar chlocha órbhuí chun iad a ghléas.’

Ba mhinic le Johnny Simon Ó Ceoinín ceathrú den dán sin a aithris agus é ag breathnú soir uaidh i dtreo na mBeann ón doras i Scoil Bharr Linnín i gceantar Ghlinsce.  Ar ndóigh, ba í Máire Ní Ghuairim as baile dúchais Johnny – Roisín na Mainiach i gCarna – a chum na véarsaí.

Bhí draíocht éicint ag baint leis na Beanna Beola i súile na n-óg.  Láidir, suaimhneach, dochorraithe.  Cineál cosaint ar Chonamara. Dhá cheann déag de na Beanna ag strapadóireacht i dtreo na spéire, amach ó thuaidh.

Is iad cnámh droma Chonamara iad, a deir Tim Robinson, an t-údar aitheanta a bhásaigh in 2020.  SIs ad croí Chonamara freisin iad, a deir sé.

Na tailte agus na bailte atá faoi anáil na mBeann; na pobail a fhaigheann amharc ar na Beanna ar maidin – mar a d’fheiceadh an Máistir iad ó dhoras Scoil Bharr Linnín – sin iad pobail Chonamara.

Ar ndóigh, ní inniu ná inné a thosaigh an díospóireacht faoi theorainneacha Chonamara.  Ach, tá a bhreithiúnas leagtha síos go láidir i gcló ag Tim Robinson.  Tá sé le léamh san leabhar ar a dtugtar Conamara Chronicles – Tales from Iorras Aithneach atá foilsithe ag an Indiana University Press i Meiriceá, le gairid.

Is é atá sna Conamara Chronicles – Tales from Iorras Aithneach, ná aistriúchán ar an leabhar Annála Beaga as Iorras Aithneach, bailiúchán béaloidis as Cill Chiaráin agus Carna in iarthar Chonamara a chuir Seán Mac Giollarnáth i dtoll a chéile agus a foilsíodh i 1941.

Ba iad Tim Robinson agus Liam Mac Con Iomaire a rinne an t-aistriúchán ar Annála Beaga as Iorras Aithneach agus thóg Ollscoil Stát Indiana orthu féin é a fhoilsiú.  Céad faraor bhí Tim agus Liam imithe ar shlí na firinne nuair a tháinig a saothar amach i gcló.

Mar a bheifí ag súil leis i bhfoilseachán Béarla agus idirnáisiúnta mar seo, theastaigh cuntas ar an gceantar ina raibh croí agus cnámha an leabhair.  Scríobh Tim Robinson an cuntas. Leag sé ar an téama ‘Space and Time in Connemara’.

An ‘spás’, nó an taobh tíre atá i gceist aige i dtosach.  Bhí nós ag Tim Robinson scríobh ar bhealach acadúil go maith.   Mar seo b’fhéidir: “On the one hand, a modern and commercializing tendency is to call everything west of Galway, Connemara.’   B’fhearr, a deir Robinson Iar-Chonnachta a thabhairt ar an taobh sin tíre siar ó Ghaillimh.

Luann sé leabhar Roderick O’Flaherty  West of H-Iar Connaught a scríobhadh i 1684.  As Loch Coirib siar go Ceann Léime go dtí an Caoláire Rua atá an teorainn de réir chuntais Uí Fhlatharta.   Baineann Tim Robinson an bhrí seo as: ‘On this classic definition, Iar-Chonnacht included Connemara, but exceeds it eastwards.’

Ceapann Robinson go bhfuil an taobh tíre a bhí faoi anáil threibh Chonmaicne Mara rótheoranta mar mhíniú ar Chonamara – b’in siar ó shléibhte Mhám Tuirc agus siar ó dhroichead Inbhir Mhóir (an teorainn idir Ros Muc agus pobal Charna/Chill Chiaráin).  Bhí an teorainn sin ag teacht cuid mhaith leis an Connemara Union, an ceantar rialtais áitiúil a bhíodh ann ag na Sasanaigh.

Ag teannadh soir an bóthar, fágann Robinson an acadúlacht roinnt go leataobh agus scríobhann mar seo:  ‘Ó Bhearna go Carna, from Bearna to Carna is the phrase favored by Gaeilgeoirí to delimit this linguistic homeland – but most Bearna people would direct you back westwards if you enquired for Connemara, they, being close enough to Galway city to share its sense of Connemara as wilderness and westernness itself.’

Dúirt duine éicint gur díol spéise an cheist:  Cén áit ar an mbóthar anoir – ó thuaidh nó ó dheas – a stopann daoine ‘directing you westwards’ go Conamara?  Níl le rá faoi sin ach gur ceist eile í sin agus Tim Robinson againn anois lena bhreithiúnas a thabhairt uirthi.

Ach insíonn sé don domhan mór cá bhfuil Conamara.

“My mode, to declare it at the outset, is that of the discriminating earth-worshipper.  For me, Connemara is the land that looks upon the Twelve Bens, that close-knit, mandala-like mountain range, as its stubborn and reclusive heart.’

Fileata! Fíriciúil? Is dóigh go bhfuil sa méid agus gur dóigh go luíonn an cur síos atá déanta aige le fréamhacha stairiúla agus spásúla.   Ach, ní hin le rá nach mbeadh daoine ann a chuirfeadh leagan eile ar an scéal agus ar an saol.

Ach taobh amuigh den trácht ar an mbrí thíreolaíochta atá le Conamara, tá cur síos an-chuimsitheach ar Chonamara déanta ag Tim Robison sa réamhrá seo atá scríofa aige faoin gceantar sa leabhar Conamara Chronicles – Tales from Iorras Aithneach.

Go deimhin, b’fhéidir gurb é seo an focal scoir ó Tim Robinson, a bhásaigh scaitheamh ina dhiaidh sin.

Seolfar Conamara Chronicles – Tales from Iorras Aithneach in Áras Shorcha Ní Ghuairim i gCarna ar an gCéadaoin, an 24 Bealtaine.

Fág freagra ar 'Cá bhfuil Conamara? Ó Bhearna go Carna? Tá freagra ag Tim Robinson dúinn..'