Torthaí ón Olltoghchán i dTuaisceart Éireann

Tá suíocháin caillte ag Sinn Féin agus tá feisirí tofa arís do Pháirtí Aontachtach Uladh (UUP) nach raibh aon ionadaíocht acu i Westminster ó bhí an t-olltoghchán deireanach ann

Suíochán cailte ag Michelle Gildernew (Sinn Féin)
Suíochán cailte ag Michelle Gildernew (Sinn Féin)

Tá a suíochán caillte ag Michelle Gildernew (SF) i bhFear Manach/Tír Eoghain Theas agus é buaite ag Tom Elliot (UUP) a bhí mar iarrthóir aontaithe ag na páirtithe aontachtacha.

Tá a shuíochán caillte freisin ag Willie McCrea DUP agus buaite ag Danny Kinahan (UUP) in Aontroim Theas.

Thóg Gavin Robinson don DUP in Oirthear Bhéal Feirste ó Naomi Long (Alliance).

Atoghadh Sylvia Hermon in An Dún Thuaidh mar aontachtóir neamhspleách.

Agus an 18 suíochán líonta anois seo mar atá na torthaí ar fad: DUP (8) suíochán, Sinn Féin (4), SDLP (3), UUP (2), agus Eile (1) (Sylvia Hermon).

Fág freagra ar 'Torthaí ón Olltoghchán i dTuaisceart Éireann'