Torthaí daonáirimh stairiúla ó thuaidh, ach an bealach chun cinn doiléir

Ní nach ionadh scéal mór ab ea an fhianaise go raibh Caitlicigh/daoine ó chúlra Caitliceach níos líonmhaire ná Protastúnaigh den chéad uair ó bunaíodh an Tuaisceart 101 bliain ó shin

Torthaí daonáirimh stairiúla ó thuaidh, ach an bealach chun cinn doiléir

Ní líon ollmhór é 42,300 as 1,903,200 ach suim shiombalach é. Fainic d’aontachtaithe agus léas dóchais do náisiúnaithe i dTuaisceart Éireann. Sin é an méidd’fharasbarr atá ag Caitlicigh ar Phrotastúnaigh de réir an daonáirimh is deireanaí. Ní leis an dá bhuíon sin, astu féin, an imirt feasta, áfach. Caithfidh siad araon daoine ón tríú grúpa a mhealladh chun tacú lena gcúis – más Éire aontaithe/Éire nua nó caomhnú an Tuaiscirt mar chuid den Ríocht Aontaithe an chúis sin.

Ní nach ionadh scéal mór ab ea an fhianaise go raibh Caitlicigh/daoine ó chúlra Caitliceach níos líonmhaire ná Protastúnaigh den chéad uair ó bunaíodh an Tuaisceart 101 bliain ó shin. Tubaiste a bheadh san nuacht do na haontachtaithe a bhunaigh limistéir na sé chontae chun móramh Protastúnach/aontachtach a bhuanú.

De réir an daonáirimh a rinneadh i mí an Mhárta anuraidh is Caitlicigh nó daoine a tógadh mar Chaitlicigh iad 869,800 den phobal as 1,903,200, sin 45.7%, méadú de bheagán. Protastúnaigh nó daoine a tógadh mar Phrotastúnaigh iad 827,500, sin 43.5%, laghdú ó 48.5% deich mbliana ó shin.
Cor stairiúil is ea é gan dabht ach tá an ceart acu siúd a deir nach féidir talamh slán a dhéanamh de go mbeadh an 45.7% i bhfabhar Éire aontaithe. Ní hionann an cheist faoi chúlra reiligiúin nó lipéad cultúrtha agus cur chuige polaitiúil. Níor cuireadh ceist san daonáireamh faoi rún vótála.

Tá brí níos soiléire le baint as na roghanna a rinne daoine maidir le náisiúntacht nó féiniúlacht. Níl údar sóláis d’aontachtaithe sna cinntí sin ach sé an scéal céanna é ag na daoine atá ag éileamh reifrinn faoin teorainn go luath. Dúirt 606,000 nó 31.9% de dhaoine gur Bhriotanaigh iad amach is amach. Roghnaigh 554,400, 29.1% náisiúntacht Éireannach amháin. Féiniúlacht mar Thuaisceartaigh amháin a phioc beagnach duine as cúigear (19.8%).

Mar a cheadaíonn Comhaontú Aoine an Chéasta roghnaigh daoine eile meascán, Briotanach agus Tuaisceart Éireannach cur i gcás, nó Éireannach agus Tuaisceart Éireannach. Thuairisc an Áisíneacht Staidrimh gurb é toradh na hanailíse ar na freagraí difriúla gur ghlac 42.8% den daonra Briotanach nó Briotanach agus náisiúntacht eile; laghdú é sin ó 48.4%. Phioc 33.3% Éireannach nó Éireannach agus eile mar náisiúntacht, méadú ó 28.4%. Bhí méadú freisin ar líon na ndaoine a phioc Tuaisceart Éireann amháin nó é sin agus rogha eile – 31.5% san iomlán.

Ar léamh amháin tá an scéal glan soiléir. Tá líon na bProtastúnach ag laghdú, titim 5% san daonáireamh seo, mar a bhí sa gceann roimhe. Tá an treocht buanaithe. Tá sciar níos mó den phobal sin aosta agus níos mó den phobal Caitliceach óg. Dá mbeifí ag breathnú orthu i gcomhthéacs an chéid seo caite, i dtaca leis an gcoibhneas idir ‘an dá thraidisiún’ cheapfaí go mbeadh an lá leis an taobh Caitliceach/náisiúnach taobh istigh de ghlúin eile. Chomh maith leis an laghdú ar an daonra chaill na haontachtaithe / Protastúnaigh a móramh in Stormont in 2017 agus in Westminster in 2019.

Níl an scéal chomh simplí sin, áfach. Mar a chruthaigh fás Alliance san toghchán Tionóil i mbliana léirigh torthaí an daonáirimh faoi na hilroghanna náisiúntachta go bhfuil an tríú dream sna sála ar an dá ghrúpa seanbhunaithe. Níl móramh ag éinne agus bheadh náisiúnaithe agus aontachtaithe i dtuilleamaí tacaíocht ón tríú dream chun na haidhmeanna bunreachtúla a dtugann siad tosaíocht dóibh a bhaint amach. Tá roinnt mhaith díobh siúd a mbíodh an dá thraidisiún ag brath orthu cheana aistrithe chuig an tríú grúpa, an aicme láir.

As an iomlán a dúirt gur Chaitlicigh iad bhí níos mó ná aon trian nár roghnaigh Éireannach mar fhéiniúlacht náisiúnta amháin. Cén fáth? An bhfuil siad sásta leis an status quo? An aontachtaithe (le ‘a’ beag) cuid acu? An bhfuil i bhfad níos mó eolais uathu faoi cad a bheadh i gceist le reifreann faoi Éire nua? An bhfuil polaitíocht dhifriúil uathu? Baineann na ceisteanna céanna leis an gceathrú cuid den phobal Protastúnach nár roghnaigh náisiúntacht Bhriotanach amháin.
Chonaic muid seiftiúlacht Shinn Féin le linn na searmanas ríoga i ndiaidh bhás na Banríona Eilís, céimeanna a mheallfadh roinnt sa lár chun aistrithe a thabhairt dóibh i dtoghchán, seans. Ach tacaíocht i reifreann?

Sin scéal eile. Tá léas beag dóchais dóibh sna treochtaí a léirigh an daonáireamh. Údar imní don DUP is ea an fhaisnéis nuafhoilsithe. An spreagfaidh sé iad chun a bheith níos muinteartha le daoine lasmuigh dá gcampa féin? Uair sna deich mbliana nó mar sin deir siad gur gá buntáistí na Ríochta Aontaithe a léiriú do dhaoine nach aontachtaithe iad. Ní leor na briathra, rud is leir ón daonáireamh.

Fág freagra ar 'Torthaí daonáirimh stairiúla ó thuaidh, ach an bealach chun cinn doiléir'

  • Pádraig O'hEipicín

    Ba mhaith liom Éire aontaithe a fheiceáil, faoi rialtas eagla Dé. Í mo shaol. Lé cúnamh Dé.

  • Billing(s)/Bilie Dónall Mór

    *****************************************************************************************
    http://artpickle.com/index.cfm?artpage=webhome&webtab=testsite&webid=11059
    *****************************************************************************************

    Chomh cinnte is atá cros ar asal agus táim cinnte go bhfuil, tiocfaidh plé, díospóireacht agus poblailbhreith faoin teoireann le toradh déarfa a fháil réidh le críochdheighilt.

    Ansin an bealach fada/nó gairid go ceann scríbé na bPoblachtach ‘Éire Aontaithe’ agus muid mar Poblachtaigh ag dúil le Éire Shoisialach, Ghaelach, Neamh-eaglasta, Neamhsheicteach mar mhúnla don Tír Aontaithe Nua seo.

    Ach baineann dhá fhadhb leis an fhís seo.

    An mbeidh Caitlicigh/Náisiúnaigh( cuid acu), aontaithe faoin idé-eolaíocht phoblachtach nó an mbeidh siad ró-chleachtadh leis an Saol Caipitileach Anglo-Mhéiriceánach agus an Béarla ag teoiriú an tSochaí leis an nasc Breatanach.

    Bheul, caidé faoin darna fadhb ag dul i dtreo na Tíre Aontaithe seo, na Aontachtóirí nó Protasúnaigh(cuid mhór acu) . Muna mbeidh siadsan sásta d’fhéadfaí an darna cogadh cathartha a bheith ar siúl.

    Scor ar bith beidh na Sasanaigh sáite ina bhfadhbanna féin le boilsciú gurbh fhearr leo fáil réidh leis an fhadhb a chruthaigh siadsan sa chéad dul siós( cé nár adhmaigh siad sin in am ar bith ). Ba lucht déanta na síochána iad i gcónaí mar an gcéanna leis an Saorstát.

    Leis an scéal a dhéanamh gairid agus ní scéal gairid é. Ní mór dúinn a toiseacht á dhéanamh ag cruthú an ‘Éire Nua’ casta seo.
    (tuilleadh le teacht amach anseo)

    Is mise le dóchas mór agus ceol binn ó na beanna/( ó na Túir)
    Dónall Mór Mac Billings
    Mac na Reablóide Teanga agus Polaitíochtaí

    An Ghaeltacht,
    Príosún Phort Laoise
    Ardán 1
    Bloc E
    Éire

    *****************************************************************************************
    http://artpickle.com/Index.cfm?artpage=artistdetail&ID=11059
    ****************************************************************************************

  • Séamas Ó Súilleabháin

    Éireann Aontaithe agus Saor, Faoi Rialtas Eagala Dé.
    Saor ón Ghinmhilleadh, agus aon ní eile atá in aghaidh Dlí Dé.

  • Seán Mag Leannáin

    Alt an-spéisiúil. Spreagann sé an cheist: cén fáth go bhfuil an bhearna seo (aon trian de na Caitlicigh nár roghnaigh Éireannach mar fhéiniúlacht náisiúnta amháin i gcomparáid leis an gceathrú cuid den phobal Protastúnach nár roghnaigh náisiúntacht Bhriotanach amháin) idir an dá mhórphobal sa Tuaisceart? An gciallaíonn sé go bhfuil an pobal Caitliceach i gcoitinne níos solúbtha ina gcuid tuairimí féiniúlachta ná an pobal Protastúnach agus, más fíor, cén fáth go bhfuil sé amhlaidh? Is dócha nach mbeidh sé soiléir go ceann i bhfad cén tionchar a bheas ag an mBreatimeacht sa bhfadtréimhse ar thuairimí daoine ar an gceist bhunreachtúil.