Toil pholaitiúil atá de dhíth chun cruacheisteanna amhail ceist na mbratach a fhuascailt

Ní ar an gCoimisiún um Bhratacha, Féiniúlacht, Cultúr agus Traidisiún atá an fhreagracht as an dlí agus polasaí poiblí

Toil pholaitiúil atá de dhíth chun cruacheisteanna amhail ceist na mbratach a fhuascailt

Seachfhoinsiú a thugann lucht gnó air. I gcás na bpolaiteoirí is iomaí rud a thugtar air – rud a chur ar an méar fhada nó glaoch ar chabhair i measc na gcinn is dea-mhúinte.

Aitheantas ab ea bunú Coimisiúin in 2016 nach raibh sé ar chumas na bpolaiteoirí in Stormont a theacht ar réiteach na bhfadhbanna a bhain le bratacha, siombailí féiniúlachta, cultúir agus traidisiúin. Údar aighnis seanbhunaithe is ea conas an spás poiblí abhus a roinnt gan dream amháin a bheith ag brú a gcuid siombailí nó cleachtais ar dhaoine gurbh fhearr leo an sioc ná iad nó a airíonn gur imeaglú nó cos ar bolg iad.

Ba iad téarmaí tagartha an Choimisiúin um Bhratacha, Féiniúlacht, Cultúr agus Traidisiún díriú go sonrach ar bhratacha agus siombailí, agus níos ginearálta ar cheisteanna a bhaineann le féiniúlacht, cultúr agus traidisiún. An aidhm – féachaint le comhdhearcadh agus comhréiteach a aimsiú. Níor mhór an obair a dhéanamh de réir na bprionsabal atá leagtha amach sna Comhaontuithe dlíthiúla, comhionannas measa san áireamh.

Cé go mba pholaiteoirí iad seachtar den gcúigear déag ar an bpainéal bhí súil go mbeadh an Coimisiún in ann an nimh a bhaint as ceisteanna nach raibh na polaiteoirí ábalta a fhuascailt. Thug an Coimisiún a thuarascáil d’Oifig an Fheidhmeannais bliain go leith ó shin. Comhartha sóirt ar an droch-chaidreamh san oifig sin idir an DUP agus Sinn Féin ab ea nár foilsíodh í go dtí Dé Céadaoin.

Ba chirte a rá gur eisíodh an tuarascáil. Ar líne a tharla sé sin gan cheiliúr ná preasócáid agus gan plean gnímh chun moladh ar bith a chur i bhfeidhm. Ní hamháin nár sheol an Chéad-Aire agus an LeasChéad-Aire toradh an tsaothair a chosain £800,000 – timpeall €950,000 – ach bhí ionadaithe ón dá pháirtí mhóra ag scamhailéireacht ar a chéile. Mhaígh Sinn Féin gur chuir an DUP bac ar fheidhmiú aon mholadh a rinneadh chun taispeántais sheicteacha a cheansú agus dúirt an DUP go raibh poblachtánaithe ag iarraidh gach rian den Bhriotanachas a ghlanadh as Tuaisceart Éireann.

168 leathanach atá sa tuarascáil. 44 moladh atá inti ach liosta le háireamh iad na hábhair ar theip ar na coimisinéirí a theacht ar aontas fúthu. Tá dúshlán ag baint i gcónaí le ceisteanna faoi bhratacha, tinte cnámh agus cuimhneacháin, a deir siad.

D’aontaigh siad nár cheart bratacha ná múrphictiúir na bparaimíleatach a bheith ar taispeáint in aon áit. Mar sin féin níor aontaigh siad faoi fhorfheidhmiú an dlí chun iad a chosc. Ní dhearna siad cinneadh faoin dlí maidir le crochadh bratacha ar chuaillí solais nó troscán sráide eile ach an oiread. Údar míshuaimhnis é gach samhradh ach cé a bheadh sábháilte ag baint anuas bratacha sna háiteanna a bhfuil an dlí á shárú acu.

Níor tháinig siad ar chomhaontú faoi bhratacha ar fhoirgnimh phoiblí, ábhar ba chúis le réabadh agus raic i mBéal Feirste naoi mbliana ó shin. Mhair círéibeacha dílseacha ar feadh seachtainí tar éis chinneadh na Comhairle go laghdófaí an líon laethanta a mbeadh bratach na Ríochta Aontaithe ar Halla na Cathrach. Phléigh an Coimisiún ‘bratach chathartha’ a d’aithneodh ilchineálacht na sochaí ach níor réitigh siad.

Chinn siad gur ghné dhleathach agus thábhachtach den chultúr iad tinte cnámh – a fhad is nach sáraíonn siad an dlí. Cúis trioblóide gach samhradh iad líon beag tinte cnámh a lastar ar an 11 Iúil roimh lá mór na nOráisteach ar an dara lá déag. Ní hamháin go mbíonn dornán de na tinte contúirteach mar go mbíonn siad ollmhór agus gar do thithe ach tógtar roinnt in aice le ceantair náisiúnacha chun trioblóid a ghríosú. Ina theannta sin tá dornán beag d’easaontóirí poblachtacha tosaithe ar an ealaín chéanna le tamall de bhlianta –ag tógáil tinte cnámh i mí Lúnasa agus ag cur íomhánna ‘aontachtacha’ orthu lena loisceadh – mar a dhéanann na dílseoirí le híomhánna ‘a naimhde’ i mí Iúil.

Tá roinnt ag casaoid nárbh fhiú an t-airgead poiblí a chosain an Coimisiún agus is mór an méid £800,000. Ní mór a rá gur obair fhiúntach ab ea an scrúdú ar na cruacheisteanna go háirithe ó chuaigh siad i gcomhairle le grúpaí éagsúla ar fud an réigiúin. Ach ní ar an gCoimisiún atá an fhreagracht as an dlí agus polasaí poiblí.

Toil pholaitiúil atá de dhíth chun na cruacheisteanna seo a fhuascailt agus an misneach le féachaint chuige go gcuirfear dlíthe i bhfeidhm.

D’uireasa na tola sin is saothar in aisce nó cur i gcéill a bheith ag scrúdú na bhfadhbanna.

Fág freagra ar 'Toil pholaitiúil atá de dhíth chun cruacheisteanna amhail ceist na mbratach a fhuascailt'

  • Gearóid

    Rugadh agus tógadh mé i ndeisceart Bhéal Feirste sna seascaidí. I mí Iúil chroch na haontachtaithe/dilseoirí a gcuid bratacha an aontais amach (nó mar a dúirt Albannach amháin tar éis and chatha Cuil Lodair i 1746, “naprún a’ bhúistéara”). Is maith is cuimhin liom mar leanbh paráid na n-óraisteach ag stopadh taobh amuigh ár dteachna agus ag bualadh a gcuid “Lambeg drums”. Bhí a fhios acu gurbh Caitlicigh sinn toisc nach raibh bratach againn.
    B’ionann an teachtaireacht a bhí acu agus a bhí ag gach ciníochaí ó thús ama, nach raibheamar comh maith leo. Bíonn déistín agam fós nuair a fheicimse and bratach sin.