TOGHCHEANTAIR GHAELTACHTA: An mbeidh Éamon Ó Cuív ina aire arís nó an dtiocfaidh dath glas ar chuan na Gaillimhe?

Tá scéalta ag teacht as cathair na Gaillimhe go bhfuil ag éirí sách maith le Ollie Crowe Fhianna Fáil ach go bhfuil Séan Kyne faoi bhrú

TOGHCHEANTAIR GHAELTACHTA: An mbeidh Éamon Ó Cuív ina aire arís nó an dtiocfaidh dath glas ar chuan na Gaillimhe?

D’fhéadfadh sé go mbeadh baint chinniúnach ag Frank Fahey leis an olltoghchán seo i dtoghcheantar Ghaillimh Thiar. Tá an ceart agat a léitheoir, níl Fahey san iomaíocht beag ná mór.

In 2011 a thug sé iarraidh faoi go deireanach – chaill sé an toghchán sin théis dó dhá scór bliain a bheith caite aige ina ionadaí poiblí. Ach, théis na mblianta sin, tá cairde agus sean-chomhghleacaithe aige sa bpáirtí, an ceannaire, Micheál Martin ina measc.

Cuireadh Fahey ar fud an toghcheantair an iarraidh seo agus teachtaireacht fhíorshoiléir aige amach ó bhéal an cheannaire féin, a deir sé. ‘Faighigí dhá shuíochán d’Fhianna Fáil i nGaillimh Thiar agus beidh Aire agaibh ar imeall na Coirbe.’

An chéad bheart a bheadh le déanamh, a dúirt Fahey leo, ná vóta Éamoin Uí Chuív a ísliú, rud, a deirtear, a thabharfadh deis don dara hiarrthóir atá ag Fianna Fáil, an Comhairleoir Cathrach, Ollie Crowe teannadh i dtreo 5,000 ar an gcéad chomhaireamh.

Theastódh gar go maith dó sin uaidh le bheith san iomaíocht don suíochán deireanach. An bealach lena dhéanamh? Go bhfanfadh Éamon Ó Cuív as an gcathair agus áiteacha taobh thoir den chathair sa bhfeachtas agus go bhfágfaí an chathair uilig ag Crowe.

Más léargas ar an scéal comharthaí toghchánaíochta Fhianna Fáil, tá an plean sin curtha ag obair. Ach an cheist an bhfuil an teacht aniar in Ollie Crowe leis an mbeart a dhéanamh?

Tá scéalta ag teacht as an gcathair go bhfuil ag éirí sách maith leis agus go mbeidh sé san iomaíocht go láidir. Sa gcás go n-éireodh dhá shuíochán leo bheadh Éamon Ó Cuív ag teannadh le bord an Rialtais. B’in ardú mór céime dó tar éis na gconspóidí idir é féin agus Micheál Martin.

Má thagann Ollie Crowe isteach d’Fhianna Fáil nó má dhéanann aon iarrthóirí nua eile an beart, tharlódh sé gurbh é iarthar an chontae a bheadh thíos leis sin. Tá beirt Teachtaí Dála taobh thiar den Choirb le riar blianta, sin iad Éamon Ó Cuív (Fianna Fáil) agus Seán Kyne (Fine Gael). Ar ndóigh sé Kyne an tAire Stáit Gaeltachta faoi láthair, ach is é an scéal is mo atá le cloisteáil faoi ná go bhfuil sé i mbaol. An réasún atá leis seo ná nach n-éireoidh, ceaptar, ach le duine amháin d’iarrthóirí Fhine Gael an beart a dhéanamh agus gurb í Hildegard Naughton, atá lonnaithe sa gcathair, a thiocfaidh slán.

Tuige an gcaillfeadh aire Gaeltachta a shuíochán i dtoghcheantar a bhfuil Gaeltacht mhór ann?

Ar an gcéad iarraidh níl vóta láidir sa dúchas ag Fine Gael i nGaeltacht Chonamara agus Árann. Is minic freisin nach dtugann go leor den phobal aird ar bheartais mhóra. Déarfar amach anseo ceart go leor go mba obair iontach í ach beidh an toghchán seo agus toghcháin eile thart faoin am sin.

Ar ndóigh, tharla eachtraí Óstán Connemara Gateway in Uachtar Ard nuair a rinneadh iarracht daoine a bhí sa tóir ar dhídean a lonnú ansin. Sheas Seán Kyne le polasaí an Rialtais agus le riar na córa, mar ab fhacthas dósan é. Ní raibh cuid mhaith in Uachtar Ard ar aon fhocal leis. Bheadh airí ann a lúbfadh a gcuid focal sa gcás sin, ach is iomaí duine a déarfadh go bhfuil an tAire Stáit ró-ionraic mar pholaiteoir.

Ar an taobh eile den scéal, tharraing an Teachta Dála neamhspleách Noel Grealish conspóid náisiúnta air féin in Uachtar Ard nuair a cheistigh sé na cúiseanna a bhíonn ag cuid de na heachtrannaigh a thagann anseo. Níor dhúirt sé focal eile faoi ina dhiaidh sin; lig sé don ghleo ciúnú. Cé go bhfuil míle vóta caillte aige ina cheantar féin in áiteacha ar nós Chúil Airne, Lisín na Coille agus Doire Uí Dhónaill (de bharr athruithe teorann) ceaptar go bhfuil a bhunáit daingean i gcónaí taobh thoir de Ghaillimh. Beidh tuilleadh vótaí aige in Uachtar Ard freisin.

Labhair an Teachta Dála Catherine Connolly ag cruinniú conspóideach Uachtar Ard freisin agus ní móide gur chuir sí lena cuid vótaí. Polaiteoir í a leagan béim scaití ar ábhair náisiúnta go paiteanta, ach ní féidir go gcuideoidh an t-amhras atá cothaithe aici faoi chuarbhóthar chathair na Gaillimhe léi. Tá an tranglam tráchta i chuile áit ann anois agus cúrsaí imithe ó smacht i gCathair na dTreabh. Ina dhiaidh sin féin, is dóigh ná a mhalairt go mbeidh aici.

Ina dhiaidh sin uilig, tá beirt iarrthóirí eile i gcathair na Gaillimhe a mbeadh seans réasúnta acu ar shuíochán. Chaithfí seans a thabhairt don Chomhairleoir Pauline O’Reilly ón gComhaontas Glas.

Idir an chathair agus an contae, tá triúr comhairleoirí áitiúla acu agus chuile sheans go bhfaighidh O’Reilly na vótaí a fuair na Glasaigh anuraidh – sin ionann agus 3,000 ar an gcéad chomhaireamh.

Ansin tá Niall Ó Tuathail an. Fear óg fuinniúil é ach lig sé na maidí le sruth roinnt nuair nár sheas sé sa toghchán áitiúil anuraidh. Níl sé soiléir ach an oiread go raibh sé an-ghníomhach – go poiblí ar chuma ar bith – le beagán blianta. Thug Pobalbhreith TG4 céatadán maith dó – 12% –  ina dhiaidh sin féin.

Céard faoi Shinn Féin? ’Sé a thús agus a dheireadh gur chailleadar na suíocháin uilig, trí cinn, a bhí acu ar Chomhairle Cathrach na Gaillimhe sa toghchán áitiúil. Chailleadar freisin ar an gComhairle Contae agus ní tús maith é ag Mairéad Farrell.

Mar sin toghfar, Éamon Ó Cuív, Noel Grealish agus Catherine Connolly. Ina dhiaidh sin beidh suíochán ag Fine Gael. Cuimhnigh gurb iad vótaí John O’Mahoney a thug Hildegarde Naughton agus, go deimhin, Seán Kyne slán in 2016. Tá an chontúirt braite ag Seán Kyne agus a lucht tacaíochta agus cé nach gcuirfeadh duine geall air tá seans aige ar an suíochán fós.

Ansin beidh Teachta Dála nua i gcathair na Gaillimhe againn. Beidh sé ina stoirm ar Lá an Chomhairimh, ach an dath glas a bheidh ar Chuan na Gaillimhe? Tá an ghaoth i seolta an Chomhaontú Ghlais, ach beidh Ollie Crowe ag teacht le cóir freisin agus Ó Tuathail sna sála orthu.

An éireoidh le plean Frank Fahey agus an mbeidh Éamon Ó Cuív ina aire aríst?

Tiocfaidh sé an-ghar dó ach is dóigh go dtiocfaidh Pauline O’Reilly isteach ar an gcuaifeach dheiridh.

Fág freagra ar 'TOGHCHEANTAIR GHAELTACHTA: An mbeidh Éamon Ó Cuív ina aire arís nó an dtiocfaidh dath glas ar chuan na Gaillimhe?'