Cloistear caint mar seo i dTeach Laighean le linn tréimhse gach comhrialtais: ‘Beidh ar dhream éigin tarraingt siar nó beidh toghchán ann’.
Ní nach ionadh, agus comhrialtas mionlaigh i gceannas, cloistear leagan níos láidre den chaint seo, go háirithe agus meon cheannairí Fhine Gael agus Fhianna Fáil á phlé. Caint mar seo, mar shampla, agus roghanna an Taoisigh á bplé:
“Fógróidh Varadkar olltoghchán tar éis an reifrinn, geallaimse duit. Nó tar éis an Bhuiséid ar a dhéanaí. Ní gá ach breathnú ar na pobalbhreitheanna. Tá sé chomh maith aige an deis a thapú sula mbainfidh Fianna Fáil an bonn den rialtas.”
Nó caint mar seo, maidir le ceannaire an fhreasúra:
‘Tá cosmhuintir Fhianna Fáil chomh míshásta leis an margadh a choinníonn Fine Gael i mbun rialtais go mbeidh ar Mhicheál Martin aird a thabhairt orthu. Ní leanfar leis an margadh sin tar éis an Bhuiséid. Aimseofar cúis nó leithscéal ina dhiaidh, geallaimse duit, leis an rialtas a chur as oifig.’
Níl ach locht amháin ar an tuairimíocht sin. Ní míshásamh ná eascairdeas a threoraíonn ceannairí stuama i dtreo olltoghcháin, de ghnáth. Bíonn cúis réasúnta dóchais de dhíth orthu sula gcuireann siad tacaíocht Dála a bpáirtithe, agus a leas pearsanta féin, i mbaol.
Níl cúis dóchais dá leithéid fós ag Leo Varadkar ná ag Micheál Martin, fiú agus iad á searradh féin roimh an gcomhrac atá rompu.
Cuireann Fianna Fáil mí-éifeacht i leith an rialtais maidir le tithíocht, agus neart fianaise acu chun cur lena gcás. Sa Dáil Dé Céadaoin, chuir Varadkar mí-ionracas i leith Fhianna Fáil – dar leis go raibh geallúintí á bhfógairt go tiubh acu nach acmhainn don rialtas a chomhlíonadh. Agus mar sin de.
Gan dabht, is ar an Taoiseach atá an cathú is láidre dul sa seans agus olltoghchán a ghairm. Ach is eol dó an dainséar go gcuirfí mífhreagracht ina leith agus na comhráite faoin mBreatimeacht ag teannadh le huair na cinniúna.
Léirigh l’affaire Naughten an drogall atá ar Fhianna Fáil, agus ar Shinn Féin, an rialtas a ionsaí ar dhóigh a bhrostódh olltoghchán. Ach is leor cuimhneamh ar an mbrú dosháraithe a cuireadh ar Frances Fitzgerald éirí as oifig roimh an Nollaig mar shampla den chinniúint éiginnte atá ag bagairt ar an 32ú Dáil: toghchán trí thimpiste.
B’fhearr le gach Teachta Dála i ngach Dáil go gcuirfí moill ar fhógairt olltoghcháin go dtí an cúigiú bliain dá ré. Ní raibh Dáil ann riamh cosúil leis an gceann a toghadh in 2016, ach tá an dearcadh céanna ar thoghchán ag formhór mór an tí: seachain é, más féidir, go dtí 2021.
Ní dheimhníonn faichill go seachnófar timpistí, ná olltoghchán a d’fhéadfaí a sheachaint dá mbeadh stuaim i réim fiú ar thaobh amháin de Dháil Éireann. Mar is léir ónar tharla roimh thrí olltoghchán gan choinne le leathchéad bliain.
Olltoghchán 1982: Roimh lá an Bhuiséid, dúirt an Teachta neamhspleách Jim Kemmy (nach maireann) le rialtas mionlaigh Garret Fitzgerald nach vótálfadh sé ina fhabhar dá mbeadh beartais áirithe (ina measc, cáin nua ar bhróga páistí) san áireamh. Diúltaíodh dá iarratas, buadh ar an rialtas i vóta Dála, agus fógraíodh olltoghchán. Ina dhiaidh, toghadh rialtas mionlaigh eile a raibh Fianna Fáil i gceannas air.
Olltoghchán 1989: Ritheadh rún sa Dáil a mhol go dtabharfaí cúnamh breise do haemaifiliaigh a fuair fuil nimhiúil ón tSeirbhís Fuilaistriúcháin. In áit cúnamh breise a thairiscint dóibh, d’fhógair Cathal Ó hEochaidh, a bhí i gceannas ar rialtas mionlaigh, olltoghchán. Chaill Fianna Fáil ceithre shuíochán Dála, ach bhunaigh siad comhrialtas nua leis an bPáirtí Daonlathach.
Olltoghchán 1992: Thit an comhrialtas sin as a chéile tar éis don Taoiseach nua Albert Reynolds mí-ionracas a chur i leith cheannaire na nDaonlathach Des O’Malley ag binse fiosrúcháin. Chaill Fianna Fáil naoi suíochán Dála san olltoghchán, ach bhunaigh an páirtí comhrialtas nua leis an Lucht Oibre ina dhiaidh.
Is in aghaidh a leasa féin agus ar chúiseanna ab éasca a sheachaint a thug Taoisigh aghaidh ar na vótóirí i ngach cás thuas. Dá mbeadh contúirt toghcháin tomhaiste go cúramach acu, ní bheadh olltoghcháin ann in aon chor.
Oireann sé faoi láthair d’Fhine Gael agus d’Fhianna Fáil an margadh trí bhuiséad a rinneadar lena chéile a chomhlíonadh. Ní léir do cheachtar páirtí fós cén dáta vótála is fearr a d’oirfeadh dóibh ina dhiaidh sin.
Is dóichí ná a mhalairt mar sin gur trí thimpiste, nó ar mhionchúis éigin, a chuirfear deireadh leis an 32ú Dáil, uair éigin tar éis an Bhuiséid i mí Dheireadh Fómhair.
Fág freagra ar 'Toghchán trí thimpiste? Ní féidir deireadh tobann an Rialtais a chur as an áireamh…'