Titim de bhreis agus 20% tagtha ar líon na bhfeithiclí Garda a chuirtear ar fáil do Ghaillimh Thiar ó 2010

Titim leanúnach ar líon na bhfeithiclí atá á gcur ar fáil ag An Garda Síochána i nGaillimh Thiar ón mbliain 2010

Titim de bhreis agus 20% tagtha ar líon na bhfeithiclí Garda a chuirtear ar fáil do Ghaillimh Thiar ó 2010
Pictiúr: RollingNews.ie
Pictiúr: RollingNews.ie

Tá titim leanúnach ar líon na bhfeithiclí atá á gcur ar fáil ag An Garda Síochána i nGaillimh Thiar ón mbliain 2010.

103 feithicil a cuireadh ar fáil do Ghaillimh Thiar sa bhliain 2010; 81 feithicil atá ann i mbliana, titim breis agus 20%.

Tá idir charranna, veaineanna agus ghluaisrothair i gceist leis an méid sin, áfach, agus léiríonn briseadh síos na n-uimhreacha go bhfuil feabhas beag tagtha ar an scéal le trí bliana anuas fad is a bhaineann sé le líon na gcarranna a chuirtear ar fáil. 50 carr a cuireadh ar fáil in 2013, 56 in 2014 agus 59 i mbliana. 77 carr a bhíodh ar dualgas i nGaillimh thiar in 2010.

Tá líon na veaineanna atá curtha ar fáil ó 2010 méadaithe ó deich gcinn (10) go trí cinn déag (13) i mbliana, agus líon na ngluaisrothar sa tréimhse chéanna laghdaithe ó aon cheann déag (11) go sé cinn (6).

Tháinig na figiúirí seo chun solais de bharr ceist Dála a chuir Noel Grealish, T.D. ar an Aire Dlí agus Cirt, Frances Fitzgerald.

Sa bhfreagra a thug an tAire, dúirt sí go bhfuil beagnach €34 milliún infheistithe ag an Rialtas in acmhainní na nGardaí ó bhí 2012 ann agus go bhfuil €46 milliún breise curtha ar leataobh ag an Rialtas faoina bPlean Caipitil 2016-2021 le feithiclí nua a chur ar fáil.

Fág freagra ar 'Titim de bhreis agus 20% tagtha ar líon na bhfeithiclí Garda a chuirtear ar fáil do Ghaillimh Thiar ó 2010'