Tionscadal na nDílseoirí – aithreachas nó brabúsaíocht?

Tá daoine ídéalacha sna ceantair dhílseacha a dhéanfaidh a ndícheall ar son a bpobal ach beidh le feiceáil an bhfuil aithreachas dáiríre ar dhaoine eile…

 

9f27909870288fece099114094e4d159-d3knqv7.png

“An dtiocfaidh na fir chuig mo shiopasa Dé hAoine leis an £75 a bhailiú mar a dhéanann siad gach seachtain?” Cambhrú cosanta na bparaimíleatach Dílseach a bhí i gceist ag an bhfear a ghlaoigh ar an raidió. Tá mionghnó aige in oirthear Bhéal Feirste agus mhaígh sé go raibh airgead ‘cosanta’ á sracadh as gach gnólacht sa cheantar ag eagraíocht dhílseach.

Muna dtiocfadh lucht sractha an airgid Dé hAoine, bheadh údar éigin dóchais ag an siopadóir ach ba léir gur mheas sé gur beag seans a bhí ann go n-éireodh na dílseoirí as a gcuid coiriúlachta. Ní hé an t-aon duine a cheapann amhlaidh. Is é ‘neosfaidh an aimsir’ an freagra is coitianta ar an tionscadal a sheol dílseoirí faoi choimirce Jonathan Powell, iarcheann foirne an Phríomh-Aire, Tony Blair.

Bliain agus fiche ó shin d’fhógair na trí ghrúpa pharaimíleatacha, in éindí a sos cogaidh tá siad ina sceith bhéil fós maidir le coiriúlacht, mangaireacht drugaí, sracadh airgid, imeaglú agus ruaigeadh. Thairis sin, mharaigh siad 50 duine sa tréimhse sin – daoine as an bpobal dílseach den chuid is mó.

Comhairle Pobail Dílseach a thugtar ar an tionscadal nua. Beidh beirt ionadaithe ó gach ceann de na trí grúpaí pataimíleatacha an UDA, an UVF agus an Red Hand Commando ar an gcomhairle, faoi chathaoirleacht David Campbell, a bhí tráth ina chomhairleoir ag David Trimble.

Beidh Jonathan Powell ag coinneáil súil’ orthu freisin ach dúirt an Teachta Tionóil, David McNarry, UKIP, a chuir ceann leis an ngluaiseacht seo, go bhfuil a obair féin críochnaithe anois.

Chuir pairtíocht Powell, a rinne an-chuid den idirbheartaíocht idir Blair agus Sinn Féin, iontas ar dhaoine. Braitheann sé gur fágadh dílseoirí ar an ngannchuid nó i leataobh i bpróiséas na síochána agus maíonn sé nach é leas na sochaí an cineál sin imeallaithe.

Is é an plean go dtabharfaidh dílseoirí droim láimhe le coiriúlacht agus go ndéanfar forbairt ar dheiseanna oideachais agus polaitiúla. Aidhmeanna breátha iad sin ar fad. Seans nach bhfuil na mionsonraí chomh súáilceach, áfach. Conas a chinnteoidh siad deireadh le coiriúlacht? An dtabharfaidh siad fianaise in aghaidh (iar)c(h)omrádaithe? Ní leor an nath nach ‘fíordhílsoir’ an té a bhíonn i mbun coiriúlachta; níor chuir sé sin stop le héinne acu go dtí seo. Anuas air sin, dúirt mionghrúpaí i mBéal Feirste agus in oirthear Aontroma nár labhair an Chomhairle nua thar a gceann.

Teastaíonn ról uathu i gcainteanna polaitiúla ón gComhairle cé nach bhfuil ionadaí ar bith acu i Stormont agus gur theip orthu tacaíocht phobail a fháil nó a fhorbairt. Gan dabht, ba cheart a dhul i gcomhairle le miondreamanna i dtaca le socruithe polaitiúla ach, in éagmais vótaí, níl ról lárnach dlite dóibh.

Teastaíonn uathu freisin go gcuirfí stop le cúisimh as coireanna stairiúla – iad ag maíomh, gan fianaise go bhfuil saoirse ó chuisimh ag poblachtánaithe. Nuair a chíonn siad Sinn Féin i lár an aonaigh go polaitiúil, airíonn siad gur déanadh faillí orthusan agus gur bhain SF díbhinn síochána a ceileadh orthusan.

Is é a ndúshlán ná na hathruithe a dhéanamh a thuillfeadh vótaí dóibh. Ní dhearna siad a ndóthain go dtí seo chun a chinntiú go dtabharfadh a gcuid gníomhairí faoi obair pholaitiúil seachas coiriúlacht. Deir daoine soiniciúla gur chleas eile é an tionscadal seo chun maoiniú a éileamh. Níl deontas ná ceadú maoine san áireamh go fóill ach meastar go mbeifear ag iarraidh a theacht ar chuid de Chiste Síochána 4 an Aontais Eorpaigh chomh maith le hairgead ó Fhundúireacht Tony Blair.

Maíonn na dílseoirí go bhfuil a gceantair siúd níos boichte ná áit ar bith eile ach léiríonn an staidreamh oifigiúil nach fíor sin. Is minic an béal bocht céanna ag polaiteoirí aontachtacha ach is é fírinne an scéil gurb annamh a dhéanann ionadaithe tofa aontachtacha móran ar mhaithe le dílseoirí, cé is moite d’úsáid a bhaint astu mar a rinneadh faoi chonspóid na mbratach.

Is fíor, áfach, go bhfuil gá le béim níos mó ar oideachas agus go bhfuil fostaíocht bhreise riachtanach. Tá daoine ídéalacha sna ceantair dhílseacha a dhéanfaidh a ndícheall chun na haidhmeanna sin a bhaint amach ach ní chuirfear móran muiníne i bhfocal na Comhairle nua seo. Mar a dúirt fear an tsiopa, beidh le feiceáil an aithreachas é seo i ndáiríre, nó brabúsaíocht.

Fág freagra ar 'Tionscadal na nDílseoirí – aithreachas nó brabúsaíocht?'