Tionlacan gardaí do chomhairleoir contae ó oscailt stáisiún nua sa Spidéal

Chuaigh Noel Thomas, comhairleoir contae as Maigh Cuilinn, a fhad le Coimisinéir an Gharda Síochána, Drew Harris, agus dúirt leis go raibh sé ag iarraidh labhairt leis

Tionlacan gardaí do chomhairleoir contae ó oscailt stáisiún  nua sa Spidéal

Tionlacan gardaí a fuair comhairleoir contae ó ócáid oscailte stáisiún Gardaí nua an Spidéil i nGaeltacht Chonamara tráthnóna.

Le linn na hócáide, chuaigh Noel Thomas, comhairleoir contae as Maigh Cuilinn, a fhad le Coimisinéir an Gharda Síochána, Drew Harris, agus dúirt leis go raibh sé ag iarraidh labhairt leis.

Bhí Drew Harris faoi agallamh ag na meáin nuair a tháinig an comhairleoir atá ina bhall de Independent Ireland a fhad leis chun labhairt leis faoi ruathar a rinne na gardaí ar a theach.

“Is é a tharla ná go bhfaca mé an deis labhairt le Harris ach dúradh go pras liom go raibh sé róghnóthach le labhairt liom…

“An cheist a bhí agam ná an raibh sé sásta go raibh an rud a rinne sé ceart, ruathar a eagrú le breacadh an lae ar theach cónaithe ionadaí poiblí… agus barántas cuardaigh don teach sin a cheadú,” a dúirt Noel Thomas agus é faoi agallamh ar Galway Bay FM.

“Dúirt mé leis gur náireach an beart é, agus an chéad rud eile bhí mé timpeallaithe ag gardaí as an áit agus rinneadh mé a threorú go sciobtha ón láthair ar eagla go ndéarfainn rud éigin a chuirfeadh as dóibh, ach ní shin an saghas duine mé.

“Déarfaidh mé pé rud atá le rá agam. Agus mé do mo thionlacan ón áit, dúirt mé le Drew Harris gur údar náire an bealach a bhfuil sceimhle á cur acu [na Gardaí] ar ár bpobail áitiúla i dtaobh roinnt eachtraí mar gheall ar na hionaid IPAS [seirbhísí lóistín d’iarrthóirí tearmainn] seo. Chuir sé mo chuid fola is feola trí chéile Harris agus an tAire Helen McEntee a fheiceáil ag teacht anuas anseo, iad a fheiceáil agus stáisiún Gardaí tuaithe nua glan as an bpíosa á oscailt acu ar an Spidéal…”

D’éirigh Noel Thomas as Fianna Fáil i mí an Mhárta. Mhaígh sé go raibh na mórpháirtithe polaitíochta “éirithe an-scoite amach ón ngnáthdhuine”.

Dúirt sé ag an am go raibh baint áirithe ag a chinneadh éirí as Fianna Fáil le cinneadh an pháirtí gníomh smachtaithe a dhéanamh ina choinne mar gheall ar an gcáineadh a rinne sé ar phlean lóistín a chur ar fáil in Uachtar Ard d’iarrthóirí tearmainn.

Bhí ceist an lóistín ina cnámh spairne mhór sa cheantar. Dhírigh lucht agóide ar Óstán an Lake House in Uachtar Ard agus rinneadh ionsaí coirloiscthe uirthi mí na Nollag seo caite.

Fág freagra ar 'Tionlacan gardaí do chomhairleoir contae ó oscailt stáisiún nua sa Spidéal'