Cuireadh tús Dé Máirt leis an Bhinse Fiosrúcháin ar Bhuama na hÓmaí ar an bhaile. Maraíodh 29 duine chomh maith le cúpla sa bhroinn nuair a phléasc an Fíor-IRA buama ar an bhaile ar an 15 Lúnasa 1998. Gortaíodh thart ar 250 duine.
Dúirt abhcóide an Bhinse go raibh siad ag fiosrú “arbh fhéidir go raibh na húdaráis ábalta stop a chur leis an bhuamáil”. Ghabh sé buíochas go háirithe leis an Wave Trauma Centre as tacaíocht a thabhairt do na gaolta. Bhí ionadaithe ó Wave agus an South East Fermanagh Foundation ann, chun tacaíocht a thabhairt do ghaolta na ndaoine a maraíodh nó a gortaíodh.
Léadh amach ainmneacha na marbh, agus an aois a bhí acu. Thug sin le fios chomh héagsúil agus a bhí siad, ó thaobh cúlra, agus óige.
Bhí sos beag ansin ann sular tosaíodh ar an éisteacht féin. Cuireadh tús leis agus an t-abhcóide ag léamh sleachta as ráitis na ngaolta. Luaigh sé a mbeadh le rá ag deirfiúr Gareth Conway: “Maraíodh é ag an bhomaite a raibh sé ag amharc chun tosaigh ar an chuid eile dá shaol.” Luaigh sé, leis, focail Edith White, a chaill a fear céile agus a mac: “Bhí an-fhearg orm thar na mblianta faoin mhoill ar fhreagraí a thabhairt.”
Dúradh lom amach gur fhulaing gaolta agus daoine a gortaíodh dúlagar, neamhord struis iarthrámaigh, go raibh daoine ann nach raibh ábalta codladh a dhéanamh. Bhí daoine ann gur scriosadh a saol. Luadh cuid dá ndúirt duine amháin de na finnéithe: “Ba é deireadh na hóige é, deireadh iomlán leis an tsoineantacht.”
As seo go dtí an 20 Feabhra, beidh gaolta, nó a n-ionadaithe, ag léamh peannphictiúr na marbh. Ansin, scrúdófar an t-eolas a bhí ag na fórsaí slándála ar dhá thaobh na teorann.
Tá sé scór bliain ó glacadh an chéad chéim i dtreo an Bhinse seo. Rinne Laurence Rush, nach maireann, eascaire a sheirbheáil ar an Stát-Rúnaí agus ar an bPríomh-Chonstábla as faillí a dhéanamh ina ndualgais. Mharaigh an buama Libby, bean chéile Rush. Caitheadh anuas go fíochmhar ar Rush ag am.
Níl na gaolta ar aon intinn faoin Bhinse. Tá sin amhlaidh mar nach bhfuil a leithéidí ann agus ‘gaolta na hÓmaí’. Níl duine ar bith ann a labhraíonn thar ceann na ngaolta cé go bhfuil dhá eagraíocht ann atá ag freastal ar chuid díobh. Is iad sin an ‘Omagh Support and Self-Help Group’ agus ‘Families Moving On’. Níl tromlach na ngaolta bainteach le ceachtar de na grúpaí sin.
Tá gaolta ann atá go láidir a i bhfabhar an Bhinse bheith ann. Tá gaolta eile go láidir ina éadan agus den chuid is mó is Aontachtaithe iad sin. Dar leofa go bhfuil an locht á chur ar na fórsaí slándála. Ba cheart, dar leo, an locht a chur go huile is go hiomlán ar an Fíor-IRA. Tá, leis, go leor teaghlach gur mhaith leo bogadh ar aghaidh leis an saol, gan a bheith bainteach leis an Bhinse.
Ag an tús, thug abhcóide an Bhinse gealltanas: “Tiocfaimid ar an fhírinne.” Beidh le feiceáil.
Fág freagra ar '‘Tiocfaimid ar an fhírinne’ – tuairisc ó thús Bhinse Fiosrúcháin na hÓmaí'