Éamon Ó Cuív insealbhaithe ina Uachtarán ar Oireachtas na Gaeilge do 2025

Dúradh go dtéann ceangal Éamoin Uí Chuív agus a mhuintire le hOireachtas na Gaeilge siar go dtí tús an chéid seo caite

Éamon Ó Cuív insealbhaithe ina Uachtarán ar Oireachtas na Gaeilge do 2025

 An t-iar-aire Gaeltachta Éamon Ó Cuív a bheidh ina Uachtarán ar Oireachtas na Gaeilge do 2025.

Insealbhaíodh an tUachtarán nua ag searmanas i dTeach an Ardmhéara i mBaile Átha Cliath inniu.

I ráiteas ó Oireachtas na Gaeilge, dúradh go dtéann ceangal Uí Chuív le hOireachtas na Gaeilge “siar tríd na glúnta” agus go raibh dlúthbhaint aige féin agus ag muintir Uí Chuív agus de Valera, leis an Oireachtas ó thús an chéid seo caite.

Dúradh gur mar Theachta Dála agus mar “abhcóide ar son cearta sibhialta, cearta teanga agus cearta daonna is mó aithne ar Ó Cuív”.

“Tá scéal pearsanta Éamon Uí Chuív fite fuaite le scéal an Oireachtais, scéal na Gaeilge agus, go deimhin, le stair na hÉireann,” a dúirt Máirín Nic Dhonnchadha, Ceannasaí an Oireachtais.

“Tá a rian fágtha aige ar an reachtaíocht agus ar na polasaithe Rialtais is suntasaí agus is tábhachtaí ó thaobh cosaint chearta phobail éagsúla faoi mhíbhuntáiste le linn a chuid blianta sa Dáil agus sa Seanad.”

Dúirt Máirín Nic Dhonnchadha gur gníomhaí cumasach é “ar son na Gaeilge agus na Gaeltachta, ar son an chultúir agus na n-ealaíon agus ar son chearta an duine i ngach uile réimse den saol”.

D’éirigh Éamon Ó Cuív as mar Theachta Dála anuraidh. Tá sé ar dhuine de na polaiteoirí is mó a bhí luaite le cás na Gaeilge agus na Gaeltachta ó bhunú an Stáit.

Mar Aire na Gaeltachta bhí sé freagrach as forbairt na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge agus as Acht na dTeangacha Oifigiúla a thabhairt isteach agus Oifig an Choimisinéara Teanga a bhunú.

Bhí sé ina Theachta Dála do Ghaillimh Thiar ó 1992-2024. Bhí sé ina Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta ó 2002-2010 agus bhí sé ina aire stáit don Ghaeltacht roimhe sin.

Bhí sé ina Aire Coimirce Sóisialaí idir 2010-2011 agus ina leascheannaire ar Fhianna Fáil idir 2011-2012.

Nuair a d’éirigh sé as moladh chomh maith an obair a rinne sé ar son na síochána agus i measc phríosúnaigh sa Tuaisceart.

Fág freagra ar 'Éamon Ó Cuív insealbhaithe ina Uachtarán ar Oireachtas na Gaeilge do 2025'

  • An Teanga Bheo

    Fair play dhuit Éamonn is maith ann thú in ait ar bith go maire tú