Tinneas cinn ag cur as do Rochford agus na ceachtanna eile a bhí le foghlaim ó thús na sraithe peile

Cuireadh tús leis an tSraith Náisiúnta Peile an deireadh seachtaine seo agus is i Roinn 1 a bhí cuid de na scéalta is suimiúla le cás Lee Keegan, tús maith do Pheadar Healy, tástáil Rory Gallagher agus tús crua Ros Comáin sa roinn

Lee Keegan ag fágáil na páirce sa chluiche in aghaidh Chorcaí. INPHO/James Crombie
Lee Keegan ag fágáil na páirce sa chluiche in aghaidh Chorcaí. INPHO/James Crombie

Níos mó ná drochimirt ag dó na geirbe ag Rochford

Seans maith nach bhféadfadh Stephen Rochford tús níos measa a bheith aige mar bhainisteoir ar pheileadóirí Mhaigh Eo. Ní hamháin gur chaill siad an cluiche, ach thug an foireann taispeántas fíor-lag uathu agus níos measa fós, tharraing Rochford agus a fhoireann bainistíochta conspóid orthu féin nuair nár bhain siad Lee Keegan den pháirc ar an bpointe nuair a bhain gortú cloiginn do.

Nuair a bhuail Keegan agus Eoin Cadogan in éadan a chéile sa dara leath baineadh Cadogan den pháirc Cadogan láithreach, ach fágadh Keegan istigh ar feadh roinnt nóiméad eile. Díreach i ndiaidh na heachtra lig an cosantóir air féin go raibh sé togha ach faoin am gur tuigeadh nach raibh Keegan i gceart, ní raibh sé in ann an pháirc a fhágáil as a stuaim féin.

gur moladh foireann leighis Mhaigh Eo in 2014 nuair a bhain siad Cillian O’Connor agus Aidan O’Shea ón imirt in athimirt chluiche leathcheannais na hÉireann, bhí orthu ráiteas a chur amach i ndiaidh an chluiche inné ag admháil go raibh botún déanta acu i gcás Keegan.

Tá fadhb an comhtholgtha sa spóirt go mór i mbéal an phobail faoi láthair, go háirithe sa rugbaí agus san NFL i Meiriceá, agus léiríonn cás Keegan gur fearr a bheith cúramach i gcónaí nuair is gortaithe cloiginn atá i gceist.

Tosach Chorcaí, Daniel Goulding. INPHO/Ken Sutton
Tosach Chorcaí, Daniel Goulding. INPHO/Ken Sutton

Beart á dhéanamh ag tosaithe Chorcaí do Healy

Murab ionann agus Rochford, ní fhéadfadh tús níos fearr a bheith curtha ag Peadar Healy agus é i gceannas ar Chorcaigh sa tsraith den chéad uair. Seachtain tar éis dóibh Corn Mhic Craith a bhuachan in aghaidh an Chláir, thug Corcaigh sárthaispeántas i bPáirc Uí Rinn.

Ba é Healy a roghnaigh Paul Kerrigan mar chaptaen nua na foirne agus bhí sárchluiche ag an tosach a d’aimsigh trí phointe agus a chruthaigh roinnt deiseanna. Thabharfadh taispeántas Daniel Goulding an-mhisneach freisin do Healy. Bhí Goulding ar cheann de na tosaithe is fearr sa tír ar feadh tamaill. Bhuaigh sé gradam All-Star in 2009, agus bhí sé mar laoch na himeartha i gCluiche Ceannais na hÉireann an bhliain dár gcionn.

In ainneoin sin, chaith sé an chuid is mó de 2014 ar an dtaobhlíne agus ba é cluiche an lae inné an chéad cheann a thosaigh sé chontae ó mhí Aibreán na bliana seo caite. Agus gan ach 29 mbliana aige fós, má choinníonn sé leis ag imirt mar seo, beidh tosach eile den scoth ag an mbainisteoir a bhfuil Kerrigan, Colm O’Neill, Brian Hurley agus Donnacha O’Connor ar fáil chomh maith dó.

Bainisteoir Dhún na nGall, Rory Gallagher. INPHO/James Crombie
Bainisteoir Dhún na nGall, Rory Gallagher. INPHO/James Crombie

Gallagher ag iarraidh an meascán ceart ó thaobh aoise a aimsiú

Ón mbliain 2012, an bhliain a bhuaigh siad Craobh na hÉireann, ar aghaidh, níl ach 33 imreoir tar éis imirt do Dhún na nGall sa chraobh, níos lú aon fhoireann eile. Le linn na tréimhse céanna bhain Baile Átha Cliath úsáid as 39 imreoir, 42 imreoir a fuair a seans le Maigh Eo agus 55 imreoir a d’imir do Thír Eoghain.

I ndiaidh a mbua in aghaidh An Dúin d’admhaigh bainisteoir Dhún na nGall Rory Gallagher gur fadhb a bhí ann. Dúirt sé nach raibh áit sa bhfoireann bainte amach ach ag Ryan McHugh agus Odhrán Mac Niallais le cúig bliana anuas. Is léir go bhfuil sé ag iarraidh imreoirí nua a thabhairt isteach agus bhí ceathrar imreoirí nua acu i bPáirc Esler – Ciarán Thompson, Micheál Carroll, Stephen McBrearty agus Caolan McGonagle.

É sin ráite, níl deireadh leis an seandream fós. Chuaigh Neil Gallagher agus Eamonn McGee chun páirce den chéad uair i mbliana agus d’imir Rory Kavanagh den chéad uair ó 2014. Beidh ar Rory Gallagher an meascán ceart a aimsiú idir imreoirí óga agus imreoirí a bhfuil taithí acu má tá sé chun Dún na nGall a thabhairt ar ais go dtí an stáitse mór.

Drew Wylie (Muineachán) agus déanamh cailís ar Ultan Harney (Ros Comáin). INPHO/Andrew Paton
Drew Wylie (Muineachán) agus déanamh cailís ar Ultan Harney (Ros Comáin). INPHO/Andrew Paton

Ceacht crua foghlamtha ag Ros Comáin agus iad ar ais i Roinn 1

Agus iad ar ais i Roinn 1 den chéad uair le hós cionn deich mbliana, is cinnte gur thuig lucht tacaíochta Ros Comáin go raibh tús maith ag teastáil uathu má bhí siad ag iarraidh fanacht sa roinn seo. Tugadh an deis sin dóibh agus a gcéad chluiche sa bhaile acu. Bhí siad sé phointe chun cinn ar Mhuineachán ag leath ama, 1-5 in aghaidh 0-2, agus an chuma ar an scéal go mbeadh cúis cheiliúrtha ag Kevin McStay agus Feargal O’Donnell i ndiaidh a gcéad chluiche sraithe mar  chomhbhainisteoirí.

gur tháinig feabhas ar Mhuineachán sa dara leath, chuir Fintan Cregg Ros Comáin chun cinn arís gan ach cúpla nóiméad fágtha. Tháinig na hUltaigh ar ais arís agus comhscór a bhí ann nuair a chaill Ros Comáin seilbh na liathróide ón gcic amach. Tháinig an liathróid chomh fada le Conor McManus agus d’aimsigh seisean cúl an bhua dá fhoireann.

Tar éis gur chaith siad uathu farasbarr seacht bpointe agus iad ag imirt sa bhaile in aghaidh na Gaillimhe anuraidh i Roinn 2, rinne Ros Comáin teacht aniar i ndiaidh an chluiche sin agus d’éirigh leo ardú céime a bhaint amach. Ní bheidh sé chomh héasca céanna acu teacht aniar a dhéanamh i Roinn 1 agus iad ag dul go dtí Cill Airne dá gcéad chluiche eile. Baile Átha Cliath, Maigh Eo agus An Dún a bheidh rompu ina gcluichí baile eile.

Fág freagra ar 'Tinneas cinn ag cur as do Rochford agus na ceachtanna eile a bhí le foghlaim ó thús na sraithe peile'