Thuig an rialtas an dainséar roimh ré, ach ní hionann i gcónaí breithniú agus ullmhú

I measc na ndainséar a sonraíodh i dtuairisc a foilsíodh mí Lúnasa bhí paindéim ar scála ollmhór

Thuig an rialtas an dainséar roimh ré, ach ní hionann i gcónaí breithniú agus ullmhú

Foilsíonn an rialtas tuairisc gach bliain ina ndéantar cur síos ar chontúirtí den uile chineál. Ní ar thuairimí na státseirbhíse amháin a bhunaítear an cháipéis: foilsítear dréacht-tuairisc i dtosach agus iarrtar tuairimí ón bpobal sula bhfoilsítear an leagan deireanach.

 Chuir 650 duine nó eagraíocht tuairimí nó moltaí go dtí an Oifig um Pleanáil Éigeandála agus Tascfhórsa Phleanáil Éigeandála an rialtais sular foilsíodh an tuairisc is deireanaí (‘National Risk Assessment’, ar fáil anseo) i mí Lúnasa anuraidh.

 Cuireadh béim sna meáin ar a ndúirt an tuairisc faoi dhá chontúirt: athrú aeráide agus an baol go bhfágfadh an Ríocht Aontaithe an tAontas Eorpach gan margadh a dhéanamh roimh ré.

Thagair an Taoiseach don dá chontúirt agus an tuairisc á seoladh aige, ach dúirt sé gur cosaint in aghaidh an rósmaoinimh in éineacht (‘group-think’) a bhí sa lear mór d’aighneachtaí a bhí curtha faoi bhráid an rialtais. Tháinig tuairimí, a dúirt sé, ó shaineolaithe agus ó chumainn éagsúla, ó lucht gnó, ón earnáil phoiblí agus ó ghnáthdhaoine.

I measc na ndainséar eile a sonraíodh sa tuairisc, bhí cúlú eacnamaíochta domhanda, easpa oibrithe oilte sa tír seo, brú as cuimse ar an gcóras oideachais, míshocracht i dTuaisceart Éireann, eachtra sceimhlitheoireachta, truailliú núicléach, mórghanntanas tithe, agus an t-ábhar atá ag cur imní ar gach duine sa tír agus ar domhan faoi láthair: paindéim ar scála ollmhór.

 Léiríonn fianaise na staire, a deir an tuairisc, go ngabhann baol ‘suntasach’ báis agus tinnis le paindéim, chomh maith le cur isteach ar an ngnáthshaol sóisialta agus eacnamaíochta. Dúradh go mbeadh ar an rialtas iomlán gníomhú “nuair a thiocfaidh an chéad phaindéim eile” d’fhonn sláinte an phobail, seirbhísí agus sochaí na tíre a chosaint.

 Tabhair faoi deara nach a dúradh ach ‘nuair a thiocfadh an chéad phaindéim eile’. Ní hionann agus go leor dainséar eile atá faoi chaibidil i dtuairisc an rialtais, ba léir ar feadh i bhfad sular thosaigh an coróinvíreas ag leathadh ar fud an domhain nach féidearthacht a bhí á breithniú ach contúirt a thiocfadh uair éigin, agus nach bhféadfaí a sheachaint.

Ní bheadh sé cothrom ná ciallmhar a rá faoi láthair go raibh an phleanáil a rinneadh sa Roinn Sláinte ná i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte ar dhroch- nó ar dhea-chaighdeán. Ní féidir breithiúnas a thabhairt ach oiread ar a ndearna an rialtas leis an tír a ullmhú. Cé nach léir cé a bhí freagrach áfach, is léir do chách nach raibh an córas sláinte sa riocht roimh ré a theastaigh ó thaobh foirne ná fearais chun déileáil go lán-éifeachtach leis an ngéarchéim atá ag borradh in aghaidh an lae.

Beidh fiosrúchán riachtanach amach anseo, agus go leor daoine á iarraidh. Tá ábhair níos práinní le réiteach roimhe sin, agus beidh ar feadh tamaill. Ach is fiú cuimhneamh ar bhriathra an fhile Maya Angelou, mar a chuimhnigh Leo Varadkar orthu agus an tuairisc ar chontúirtí á seoladh aige anuraidh.

Mhol sí do dhaoine ina beathaisnéis a bheith ag súil leis an dea-scéal is deise, ach a bheith faoi réir le haghaidh an drochscéala is measa, agus gan iontas a bheith orthu dá dtiocfadh scéal eile. Dea-chomhairle i gcónaí.

Fág freagra ar 'Thuig an rialtas an dainséar roimh ré, ach ní hionann i gcónaí breithniú agus ullmhú'