Thug mé cúl le beirt leaideanna ar fhás mé aníos leo agus shiúil mé liom le teann feirge

Tá tuairimíocht aineolach ag éirí níos forleithne inár sochaí. Ar cheart éisteacht léi?

Thug mé cúl le beirt leaideanna ar fhás mé aníos leo agus shiúil mé liom le teann feirge

Ag ócáid shóisialta i dteach tábhairne, d’iompaigh mé mo chúl le beirt leaideanna  ar fhás mé aníos leo agus shiúil mé liom le teann feirge. Cúrsaí inimirce an t-ábhar cainte a bhí eadrainn nuair a tharla an scaradh. Roimhe sin is cúrsaí polaitiúla go ginearálta a bhí á bplé. Bhíodar beirt an-fheargach leis an mbunaíocht pholaitiúil.

‘Cén fáth nach raibh reifreann faoin gcinneadh aitheantas a thabhairt do stát na Palaistíne?’ arsa duine acu. Mhínigh mé dó nach é sin an córas atá againn, gur daonlathas ionadaíoch atá againn. Ach mar sin féin shíl sé go raibh feall déanta ag an rialtas air toisc nár tugadh cead vótála dó ar an gceist.

Shíl siad beirt nach raibh aon mhandáid ag an rialtas. Arís mhínigh mé an córas toghcháin agus téarmaí Dála dóibh agus d’fhiafraigh mé díobh ar mhaith leo olltoghchán chuile bhliain. Dúirt siad gur sin díreach ba mhaith leo.

Bhí roinnt tabhairt amach faoi dhaoine trasinscneacha sa spórt. Dúirt mé gur dócha go raibh imní ar a lán den phobal faoi sin agus go raibh an chuma ar an scéal go raibh na heagraíochtaí spóirt ag bogadh i dtreo seasamh níos amhrasaí faoin gceist. Dúirt mé go raibh speictream tuairimí faoin trasinscneachas agus gur dócha go bhfuil formhór daoine sásta iarracht a dhéanamh glacadh le pé féiniúlacht atá ag duine. ‘I ndáiríre?’ arsa duine acu agus amhras ina ghuth.

Ní dheachaigh comhrá an trasinscneachais níos faide ná sin áfach mar tharraing duine éigin an ‘praiseach’ a bhí déanta ag an rialtas de chúrsaí inimirce isteach sa chomhrá. ‘Níl aon fhadhb agam le hinimirce,’ arsa duine acu ‘ach ba chóir go ndéanfaí iad a imeascadh leis an tsochaí agus le cultúr na hÉireann.’ Bhíothas ag léim chomh tapaidh anois ó ráiteas go ráiteas nach raibh faill agam fáil amach go díreach caidé ar theastaigh uaidh go ndéanfadh an rialtas le go ndéanfaí imeascadh níos fearr ar inimircigh.

Is nuair a luaigh duine de na leaids scéal starógach faoi theifigh neamhbhuíocha a thosaigh mé ag mothú míchompordach agus amhrasach faoi threo an chomhrá. De réir dealraimh bhí a athair céile páirteach in obair dheonach inar cuireadh 2000 rothar dara láimhe ar fáil saor in aisce do theifigh ón Úcráin.

‘Agus tháinig 30 duine acu ar ais ag lorg ROTHAR NÍOS FEARR!’ arsa seisean liom le tuin chainte agus dearcadh a thug le fios go raibh pointe an-tábhachtach éigin cruthaithe aige. Níor rith sé liom fiafraí de nár dhóigh leis go dtiocfadh níos mó ná 1.5% d’Éireannaigh ar ais ag lorg rothar níos fearr sna tosca céanna.

Ansin bhí pointe éigin ag an leaid eile faoin stát ag íoc iarrthóirí tearmainn le bheith díomhaoin. Ba léir nach raibh a fhios aige go bhfuil cead ag iarrthóirí tearmainn oibriú le seacht mbliana anuas. Dúirt mé sin leis agus chuir mé ar a shúile dó go bhfuil ganntanas oibrithe sa tír. Bhi sé ina thost ar feadh meandair ach ansin léim an leaid eile isteach arís. ‘Á sea, ach AN BHFUIL SIAD AG IARRAIDH OIBRIÚ?’ ar seisean agus an tuin chainte agus an dreach caithréimeach sin arís air.

Bhíos i mo staic. Bhí ionadh orm go raibh comhrá le leaids gur fhás mé aníos leo ag dul sa treo seo. Rinneas iarracht caint. ‘Tá sin uafásach…’ Lagiarracht. ‘Tá sin ar nós na rudaí a deirtí faoi na Gaeil fadó…’ Cliché.

Ach ansin bhuail an taom feirge mé. ‘Sin sin,’ arsa mise, ‘táimse imithe.’ Agus chasas ar mo sháil agus shiúlas uathu. Chuas go tigh an asail agus nuair a d’fhill mé bhí an bheirt imithe ón gcóisir. Níor chuala mé uathu ó shin agus ní dhearna mé aon iarracht dul i dteagmháil leo.

Ar chóir dom sin a bheith déanta agam? Tá tuairimí difriúla léirithe ag daoine éagsúla ar inis mé an scéal dóibh ó shin. ‘Maith thú,’ arsa duine amháin. ‘Níor chóir glacadh le normalú an chineál sin cainte,’ arsa duine eile.

Ach dar le duine eile ba chóir dom a bheith tar éis leithscéal a dhéanamh chun an t-ábhar cainte a athrú nó chun an comhrá a fhágáil ar mhaithe le haighneas a sheachaint. Nó ar chóir dom mar iriseoir a bheith tar éis fanacht agus éisteacht leo agus rud éigin a fhoghlaim faoi thuairimíocht atá ag éirí níos forleithne inár sochaí?

Fág freagra ar 'Thug mé cúl le beirt leaideanna ar fhás mé aníos leo agus shiúil mé liom le teann feirge'

  • Chris Flynn

    Sílim go raibh tú ródhian ar an mbeirt leaids sin. Bhí siadsan sásta labhairt leatsa ainneoin nár aontaigh siad le do thuairimí féin agus níor fhág siad an comhluadar go giorraisc. Is teach tábhairne a bhí ann – áit a mbíonn tuairimí scaoilte agus fiú seafóid á spalpadh nuair a bhíonn an braon istigh. Tarlaíonn sé domsa go mbíonn daoine ag spalpadh seafóide i mo láthair ach is cuma liom – taim in ann gáire a dhéanamh agus an méid a deir siad a lochtú agus an bonn a bhaint dá gcuid argóintí. Is leor an méid sin chun iad a chur á gceistiú féin. An tslí ar imigh tú tar éis roinnt clichéanna liobrálacha a rá leo, faoi mar a deir tú féin, ní dóigh liom go ndearna tú mórán chun a n-intinn a athrú nó chun dea-thoil a chur chun cinn i measc daoine a bhfuil tuairimí éagsúla acu. Déarfainn gur cheap siad go raibh tú i bhfad róghoilliúnach, faoi mar atá go leor daoine a bhfuil dearcadh ‘liobrálach’ acu ar an saol ina súile siúd (‘snowflakes’ a thugann siad orthu).

  • JP

    ‘Ní lia duine ná tuairim.’

  • Séamus

    Ní bhíonn sé ró-éasca a Fhachtna. Leagann daoine áirithe an-bhéim ar ‘argóintí’ agus pointí a ardú i gcásanna mar sin ach i gcuid mhaith de na cásanna sin ní bhíonn a leithéid de thuairimí bunaithe ar aon argóint loighiciúil. Rinne tú iarracht agus bíonn sé deacair na pointí is fearr a dhéanamh ar an bpointe. Measaim féin gur fearr i bhfad a chur in iúl dóibh go bhfuil na tuairimí den sórt sin doghlactha seachas an t-aighneas a sheachaint.

    Dúirt Chris Flynn thuas go mbíonn sé féin sásta éisteacht le chuile thuairim agus gáire a dhéanamh agus comhrá breá beomhar a bheith aige mar sin féin. Tá sé sin cgl ach tá sé níos éasca nuair nach bhfuil tú i mbaol. Fear den chine geal mé féin a rugadh agus a tógadh in Éirinn agus mar sin bheadh sé i bhfad níos éasca do mo leithéid a rá ‘bhuel, ní aontaím ach ní lia duine ná tuairim agus tá cead cainte ag cách’. Níl baol domsa na daoine sin. B’fhéidir gur chóir dúinn an fód a sheasamh agus cur ina gcoinne mar sin.