Ceantair thuaithe i ‘Roinn a 4’ ag iarraidh a ngreim a choinneáil

Tá Gleann an Mháma mórán sa riocht céanna le go leor pobal tuaithe ar imeall thiar Chonamara agus in áiteacha i Maigh Eo, i dTír Chonaill agus i gCiarraí

Ceantair thuaithe i ‘Roinn a 4’ ag iarraidh a ngreim a choinneáil

Tráth dá raibh, chaith mé tamall ag obair amuigh faoin tír in oirthuaisceart Shasana. Bhíodh Sasanach darbh ainm Gordon ar dhuine de mo chomrádaithe. Fear tíriúil gan dochar ná oilbhéas. Thaithnigh an cluiche sacair leis. Ní raibh cuid ar bith de na foirne móra lonnaithe sa gcuid sin de Shasana. Ach bhí Gordon bródúil as an gcumann ba ghaire dó, Hartlepool. Bhíodar i Roinn 4, an chuid ab ísle de na cumainn i Sraith Sacair Shasana. Ach má bhí féin, bhí sprid agus díocas iontu agus iad sciliúil go leor sa Roinn ina rabhadar.

“Everybody can’t be in Division 1,” a deireadh Gordon.

Chuimhnigh mé air le gairid agus mé ag caint le ball de Chumann Forbartha Ghleann an Mháma i nDúiche Sheoigheach. Tádar sáraithe ag iarraidh an ceantar a shlánú. Sé an lagan ar an líon gasúr sa scoil áitiúil i dTír na Cille an t-údar imní is mó. Murach go bhfuil naonúr nó deichniúr gasúr as an Úcráin ag teacht ansin anois, bheadh an scoil in ísle brí.

An féidir cuid den phobal Úcránach a choinneáil?

Tá litreacha curtha amach ag baill an Choiste Forbartha ag iarraidh tuairisc faoi theach ar bith a bheadh folamh agus ar fáil le ligean ar cíos sa gceantar. Cé go bhfuil an iarracht seo ar bun ag an am céanna a bhfuil iarrachtaí den chineál céanna tosaithe ag Údarás na Gaeltachta, níl aon cheangal díreach ag lucht Ghleann an Mháma leis sin, faoi láthair ar chuma ar bith.

Ar dhaoine a bheadh ag lonnú go buan i nGleann an Mháma atá an feachtas seo dírithe. Céard faoi na hÚcránaigh?

Ón eolas atá ag an gCoiste ar na hÚcránaigh atá sa gceantar – in Óstán an Tí Dhóite – tuigeann siad go mbeadh fonn ar chuid acu fanacht, go dtí go mbeadh oideachas faighte ag na gasúir ar aon nós.

Níl sé fíorfhada ó shin ó dúirt gníomhaí pobail as an Mám ar Raidió na Gaeltachta go raibh tuilleadh daoine, pé áit arbh as iad, ag teastáil sa gceantar.

Ach cén sórt saoil a bheadh ar fáil ag daoine nua sa nGleann?

Tá Gleann an Mháma mórán sa riocht céanna le go leor pobal tuaithe ar imeall thiar Chonamara agus in áiteacha i Maigh Eo, i dTír Chonaill, i gCiarraí agus isteach faoi lár tíre. Tá na daoine atá sna ceantair sin maith go leor as, seachas mar a bhídís. Ach tádar gann ar sheirbhísí maithe, tádar ar an gcúlráid, jabanna feiliúnacha gann, agus na daoine óga ag imeacht.

Tádar san áit a raibh foireann sacair Ghordon, Hartlepool, i Roinn a 4. Mar a chéile atá sé anseo thart orm féin.

In aice leis na cathracha agus na príomhbhailte móra, atá na ceantair is láidre an eacnamaíocht i bPoblacht na hÉireann – Órán Mór agus Bearna i nGaillimh; Béal Átha Síomoin agus Bóthar na hInse i Luimneach; Deilgnis agus an Charraig Dhubh i mBaile Átha Cliath. Léiríonn staidéir atá déanta ar mheánteacht isteach bliantúil na dteaghlach an méid sin.

Tá sampla fíorshoiléir foilsithe in iarthar na Gaillimhe.

Ag tosaí siar le cósta atá Roinn a 4 – teacht isteach bliantúil idir €30,000 agus €40,000 sa mbliain. Ag teannadh soir, tá Roinn a 3 – teacht isteach idir €40,000 agus €50,000 – Ceantar na Ceathrún Rua mar shampla. As sin soir go dtí na Forbacha tá idir €50,000 agus €70,000 acu in aghaidh an teaghlaigh sa mbliain – an Spidéal agus Uachtar Ard mar shampla. Ansin tá Roinn a 1 ann agus tá a n-ioncam siúd os cionn €70,000 sa mbliain, suas go dtí €100,000. Sin Maigh Cuilinn, Corr Chuilinn, Bearna agus Páirc na Sceiche ar imeall thiar na cathrach.

Is fada mar sin é. Maireann an mhíchothromaíocht i gcónaí, ach tá brí de chineál eile agus teacht aniar i bpobail Roinn a 4 i gcónaí, ar nós chumann Sacair Hartlepool, agus iad á shaothrú ar imeall íochtarach na peile i Sasana fós. Ach má imíonn na scoileanna i Roinn a 4 in iarthar na Gaillimhe, agus a mhacasamhail ceantar sa tír seo – Gaeltachtaí láidre go leor acu – tá chuile chluiche caillte.

Mairg a déarfadh nach dteastaíonn na hÚcránaigh.

Fág freagra ar 'Ceantair thuaithe i ‘Roinn a 4’ ag iarraidh a ngreim a choinneáil'

  • Seán

    Bheadh sé iontach ar fad dá mbeadh na hallúraigh sásta Gaeilge a fhoghlaim agus a labhairt, má tá?

  • Pól

    Glacaim leis anois go bhfuil deireadh ag teacht ó thaobh na Gaeilge mar theanga phobail de. Ní féidir anois ach na scoileanna tuaithe a líonadh agus na ceantracha faoin tuath a chaomhnú chomh maith agus is féidir.