Imní mhór ar Choimisinéir Teangacha i gCeanada faoi easpa scileanna teanga sa tseirbhís phoiblí

De réir rialacha nua a tugadh isteach i gCeanada le déanaí, ardaíodh an bunchaighdeán a mbítear ag súil leis do bhainisteoirí sa tseirbhís i réigiúin a aithníodh mar réigiúin dhátheangacha

Imní mhór ar Choimisinéir Teangacha i gCeanada faoi easpa scileanna teanga sa tseirbhís phoiblí

Tá Coimisinéir na dTeangacha Oifigiúla i gCeanada buartha faoi chumas an rialtais fheidearálaigh sa tír sin na dualgais atá orthu i dtaobh an dátheangachais a chomhlíonadh.

Dúirt an Coimisinéir, Raymond Théberge, ina thuarascáil bhliantúil don bhliain 2024 go bhfuil “dul chun cinn” déanta i gCeanada ach gur léir dó go bhfuil “fadhb chórasach” fós i réim ann.

Dúirt sé nár cuireadh i bhfeidhm ina n-iomlán ceithre cinn de na moltaí a rinne sé dhá bhliain ó shin agus nár cuireadh i bhfeidhm ar chor ar bith an cúigiú ceann. Baineann an fhadhb seo, a dúirt sé, le gach institiúid lenar bhain a chuid moltaí.

“Bhí dhá bhliain ag na hinstitiúidí feidearálacha gníomhú de réir mo chuid moltaí. Caithfidh mé, mar sin, iachall a chur ar na hinstitiúidí seo pleananna agus meicníochtaí níos foirmeálta a cheapadh le tacú le cur i bhfeidhm mo chuid moltaí,” a dúirt sé.

Dúirt sé gur údar mór imní dó an cheist faoi scileanna teanga i measc lucht bainistíochta sa tseirbhís phoiblí. De réir rialacha nua a tugadh isteach i gCeanada le déanaí, ardaíodh an bunchaighdeán a mbítear ag súil leis do bhainisteoirí sa tseirbhís i réigiúin a aithníodh mar réigiúin dhátheangacha.

Dúirt Théberge go gcaithfidh gach uile bhainisteoir atá ag obair i réigiún dátheangach – ní hamháin na bainisteoirí atá ag obair i “róil dhátheangacha” – na scileanna cuí a bheith acu le “meas a léiriú ar chearta na bhfostaithe a bheith á mbainistiú sa teanga oifigiúil is rogha leo”.

Mhaígh an Coimisinéir gur “céim sa treo ceart” a bhí sna rialacha nua seo ach go bhfuil imní aige faoi fhostaithe nach bhfuil an dara teanga ag a mbainisteoirí atá ann cheana féin. Ní bhaineann na rialacha nua seo ach le ceapacháin úra a dhéanfar sa tseirbhís phoiblí.

Mhol sé gur cheart don rialtas feidearálach “meicníocht modhnóireachta” a chur i bhfeidhm do na hinstitúidí feidearálacha trína gcinnteofaí go gcuirfí na beartais agus na polasaithe i bhfeidhm le cearta teanga na bhfostaithe a chaomhnú.

“Tá an ceart ag duine oibriú sa teanga oifigiúil is toil leis ó Mheitheamh 2025, agus beidh an ceart sin ag gach státseirbhíseach atá ag obair i réigiún a shainnítear mar réigiún dátheangach beag beann ar shonruithe teanga a róil,” a dúirt sé.

Tá an rialtas feidearálach ag súil le tuairim is 700 oifig a ainmniú mar oifigí atá i réigiúin dhátheangacha i gCeanada. Dúirt Théberge go bhféadfadh sé go mbeadh sé deacair an dlí teanga a chur i bhfeidhm sna hoifigí seo.

“Dar le mo chuid teagmhálaithe sna réigiúin, deir na bainisteoirí go bhfuil siad ag súil le deacrachtaí le hearcú na foirne dátheangaí agus nach leor na buiséid oiliúna teanga le cur go sciobtha lena gcumas teanga.

“Faraor, is léir dúinn ó thaithí na mblianta, gur minic a fhágtar na riachtanais teanga i leataobh i gcásanna mar seo agus go gciorraítear airgead ó na cláir teanga,” a dúirt sé.

Fág freagra ar 'Imní mhór ar Choimisinéir Teangacha i gCeanada faoi easpa scileanna teanga sa tseirbhís phoiblí'