Tá athbhreithniú á dhéanamh ag Oireachtas na Gaeilge ar na comórtais liteartha a reáchtáiltear gach bliain. Tá iarrtha ag lucht eagraithe an Oireachtais ar iar-rannpháirtithe sna Comórtais Liteartha a dtuairim a thabhairt faoin bhfreastal a dhéanann na comórtais ar scríbhneoirí an lae inniu.
Fiafraíodh de na rannpháirtithe an bhfuil an clár comórtas “leathan go leor” le freastal ar na scríbhneoirí atá ag saothrú i nGaeilge inniu agus iarradh orthu “seánraí úra” a mholadh do na comórtais.
Cuireadh ceist eile faoin deis a thugann na comórtais do na hiomaitheoirí “a gcuid scríbhneoireachta a fheabhsú” agus iarradh orthu tuairimí eile a thabhairt faoi na comórtais, a leagan amach, agus an chaoi a reáchtáiltear iad.
Dúirt lucht eagraithe an Oireachtais go bhfuil an t-athbhreithniú ar bun acu lena chinntiú “go bhfuil [siad] ag freastal ar scríbhneoirí, ó thaobh seánraí agus aoisghrúpaí de”.
Bhí an spriocdháta ann d’iontrálacha do Chomórtais Liteartha an Oireachtais 2025 ag tús na míosa seo. Bhí 32 chomórtas ann i mbliana – 18 gcinn do scríbhneoirí fásta agus 14 cinn do scríbhneoirí óga. Ar na rannóga éagsúla a bhí ann i mbliana bhí comórtais d’úrscéalta, gearrscéalta, ficsean d’fhoghlaimeoirí fásta, prós, filíocht, iriseoireacht, drámaíocht, agus greannáin, i measc rannóg eile. Is dírithe ar dhaltaí bunscoile, meánscoile, agus coláistí tríú leibhéal atá na comórtais do dhaoine óga.
Tá Comórtais Liteartha an Oireachtais ag croí na mórfhéile Ghaeilge ó bunaíodh í in 1897 agus is iomaí athrú atá tagtha ar an leagan amach ón gcéad uair a reáchtáladh iad. Ní raibh ann an chéad bhabhta sin ach naoi gcomórtas san fhilíocht, sa phrós, san amhránaíocht, sa scéalaíocht agus sa “rannaireacht”.
Deir lucht eagraithe na féile go bhfuil na comórtais “mar chuid lárnach” den Oireachtas agus go bhfuil sé mar aidhm acu “deiseanna a chur ar fáil don ghréasán Gaeilge ar fud an domhain” agus “litríocht agus nua-scríbhneoireacht na Gaeilge a chur chun cinn”, chomh maith le “scríbhneoirí óga nua a mhealladh le dul i mbun pinn”.
Tá duaischiste €30,000 le bronnadh ag an Oireachtas ar bhuaiteoirí na gComórtas Liteartha i mbliana chomh maith le “aiseolas luachmhar a chabhraíonn le forbairt, bláthú, agus scileanna scríbhneoireachta na scríbhneoirí”.
Dúirt roinnt iar-iomaitheoirí sna comórtais ar labhair Tuairisc leo gur fháiltigh siad roimh an deis a dtuairim agus a moltaí a thabhairt ar na comórtais. Mhol duine amháin acu go mbeadh níos mó comórtas ann d’iarchéimithe le deis a thabhairt do scríbhneoirí óga atá críochnaithe sa choláiste páirt a ghlacadh gan dul in iomaíocht le scríbhneoirí móra na Gaeilge.
Bhí moladh mar é ag duine eile freisin a dúirt gur cheart go mbeadh comórtais ann do dhaoine faoi 30 bliain d’aois agus nár cheart iad a “chúngú” do dhaoine atá ag dul tríd an gcóras ollscolaíochta. Tá comórtas iriseoireachta ann do dhaoine faoi 30 bliain d’aois atá á urrú ag an irisleabhar Nós i mbliana.
Mhol cúpla duine go gcuirfí saothar na mbuaiteoirí ar taispeáint ar bhealach éigin i ndiaidh na gcomórtas. Cheap iarbhuaiteoir amháin gur cheart na haistí, gearrscéalta, agus dánta a chur i gcló i bhfoirm leabhair, agus mhol duine eile gur cheart “taispeántas” a eagrú a chuirfeadh litríocht nua na Gaeilge os comhair phobal an Bhéarla agus na Gaeilge araon.
Theastaigh ó dhuine eile go mbronnfaí bonn nó teastas ar na buaiteoirí chomh maith leis an duais airgid le go mbeadh “rud ina seilbh acu go buan le cuimhneamh ar a mbua”.
Ar na moltaí eile a rinneadh faoi na seánraí, bhí duine amháin den tuairim gur cheart comórtas ar leith a chur ar bun do shaothar a phléifeadh le hábhar LADT, agus bhí duine eile ag iarraidh go mbeadh comórtas ann don fhilíocht “le meadaracht Ghaelach”. Theastaigh ó iarbhuaiteoir eile go gcuirfí “aiseolas níos doimhne” ar fáil do na hiomaitheoirí.
Seán Ó F
‘Mhol duine amháin acu go mbeadh níos mó comórtas ann d’iarchéimithe le deis a thabhairt do scríbhneoirí óga atá críochnaithe sa choláiste páirt a ghlacadh gan dul in iomaíocht le scríbhneoirí móra na Gaeilge.’ Is maith an smaoineamh é sin. Ní thuigim cén fáth a gcuireann leithéidí Alan Titley isteach ar an gcomórtas iriseoireachta, cuir i gcás – cén sásamh is féidir leis a bhaint as é a bhuachaint nuair atá colún san Irish Times aige gach seachtain agus an oiread sin duaiseanna Oireachtais buaite aige cheana! Tabhair seans do dhuine eile rud éigin a bhuachaint! Is iad na daoine céanna a bhuann na duaiseanna céanna gach bliain san Oireachtas – b’fhéidir gur cheart cosc a chur ar dhaoine a bhfuil níos mó ná trí dhuais Oireachtais buaite acu cur isteach ar na comórtais…
Bítear ag gearán faoin easpa scríbhneoirí óga sa Ghaeilge. Bhuel, ar smaoinigh éinne go mb’fhéidir go dtagann drochmhisneach orthu nuair a chuireann siad isteach ar chomórtas Oireachtais agus ní bhuann siad faic mar go bhfuil siad san iomaíocht le leithéidí Alan Titley, atá tar éis thart ar 20 duais Oireachtais a thabhairt leis cheana!
Laoighseach
Bheadh sé go deas tuilleadh duaiseanna filíochta a chur ar fáil. Admhaím go bhfuilim claonta (!) ach dealraíonn sé dom go bhfuil go leor duaiseanna ann don phrós. Bheadh sé iontach duais don dán fhada a fheiceáil arís, agus an duais don chéad chnuasach filíochta, srl.