Tá an scolaíocht agus oideachas ina ‘thionscal’ anois, ach cé a dhéanfaidh an obair?

Ach an bhfuil muide imithe thar fóir in Éirinn leis an luí atá ag mic léinn - agus tuismitheoirí - le postanna a bhaineann leis an léann agus leis an acadúlacht?

Tá an scolaíocht agus oideachas ina ‘thionscal’ anois, ach cé a dhéanfaidh an obair?

Pictiúr deas sa nuachtáin áitiúil. Eolas ag dul leis: ‘Pádraig Mac an tSléibhe as Corca Dhuibhne a fuair a chuid cáilíochtaí mar phluiméara théis cúig bliana printíseachta le comhlacht tógála Cnoc Bhréanainn Teo sa Daingean agus staidéar san Ionad Oiliúna i nGaoth Dobhair. A thuismitheoirí Páidí agus Máire leis anseo, agus a chara Bláithín Ó Ruanacháin.’

An bhfaca muid an pictiúr seo? Ní fhaca.

Ach bhí pictiúr de Mháire, deirfiúr Phádraig, sa nuachtán anuraidh théis di céim a bhaint amach san éiceolaíocht.

Níl de dhifríocht idir na daoine seo agus na céadta – na mílte – scéalta dá leithéid ach go bhfuil ainmneacha bréige luaite leo.

Tuige an t-idirdhealú agus tuige an bhéim ar an acadúlacht?

Ar an gcéad iarraidh, ní taobh linne sa tír seo an t- ómós a chaitear leis an scolaíocht seachas obair láimhe. Bíonn stádas ar leith ag an dochtúir, mar shampla, i mórán chuile thír. Sa saol nua-aimseartha, tá stádas thar cuimse ag an eolaí ríomhaireachta.

Ach an bhfuil muide imithe thar fóir in Éirinn leis an luí atá ag mic léinn – agus tuismitheoirí – le postanna a bhaineann leis an léann agus leis an acadúlacht?

Is fiú súil a chaitheamh ar na figiúirí as tíortha éagsúla san Eoraip. Oideachais tríú leibhéal ar ardchaighdeán atá i gceist san aoisghrúpa idir 25 agus 34.

Poblacht na hÉireann………………………..64%

Lucsamburg ……………………………………..63%

An Chipir ………………………………………….60%

An Liotuáin……………………………………….57%

An Ísiltír ………………………………………..55%

An tSualainn……………………………………..54%

An Fhrainc……………………………………… 53%

An Spáinn………………………………………….51%

An Danmhairg ………………………………….50.5%

An Bheilg………………………………………….50.2%

Málta……………………………………………….45%

An Pholainn……………………………………..44%

Laitvia……………………………………………….44%

An Ghréig…………………………………………44%

An Ostair………………………………………….44%

An Phortaingéil…………………………………43%

An tSlóvaic……………………………………..42%

An tSlóivéin……………………………………….43%

An Eastóin……………………………………………..42%

An Bhulgáir……………………………………….40%

An Ghearmáin………………………………….40%

An Pholainn……………………………………..39%

An Chróit………………………………………..39%

An Bhulgáir………………………………………40%

An tSeicslóvaic………………………………..37%

An tSeisnia…………………………………………33%

An Ungáir…………………………………………31%

An Iodáil…………………………………………..31%

An Rómáin………………………………………..21.5%

Cén chaoi a dtarlaíonn sé go bhfuil muid ar an runga is airde ar an dréimire? An mbaineann sé le stair shóisialta na tíre?

Cuimhním ar scéal a bhí ag m’uncail as na monarchana biatais i Sasana siar sna blianta. Bhí beagán scoile air siúd, an oiread agus go raibh sé in ann Béarla agus Gaeilge a scríobh. Ach, b’iomaí sin duine nach raibh agus bhíodh ‘jab’ aige ag léamh litreacha ón mbaile – nó á scríobh scaití – ar son na bhfear nach raibh paiteanta ar scríobh agus léamh. Ní raibh ansin ach sampla den mheáchan a bhí ar go leor imirceoirí cheal scolaíochta. Bhí ciall cheannaithe ag muintir na hÉireann maidir le buntáistí agus riachtanas an oideachais.

Nó an ceart súil níos acadúla, agus níos idéalaí, a thabhairt ar an scéal seo?

B’fhéidir go bhfuil lorg d’Oileán na Naomh agus na Scoláirí ag baint leis seo. Bhí cáil na mórscoláireachta orainn na céadta bliain siar. Ní de thimpiste, is dóigh, go raibh – agus go bhfuil – an oiread sin scríbhneoirí agus ealaíontóirí de chineálacha éagsúla i dtír chomh beag leis an gceann a bhfuil cónaí orainn inti. B’fhéidir nach rachadh an teideal Oileán na nOllúna agus na Scoláirí amú orainn anois

Nó an úrnuacht atá i gceist?

Is dóigh nach bhfuil muid ach ag tagtha i gcleachtadh ar an oideachas den dara agus tríú leibhéal i bPoblacht na hÉireann. Ina dhiaidh sin féin níl sé mórán le cois leathchéad bliain ó shin ó tugadh deis dháiríre do dhaoine óga na tíre freastal ar an gcóras meánoideachais.

Nó an í an eacnamaíocht atá i gceist?

Bhíodh rialtas i ndiaidh rialtais sa tír seo ag iarraidh infheisteoirí as tíortha thar lear – Meiriceá go háirithe – a mhealladh anseo de bharr an chórais oideachais atá againn. Sin cúis a bhaineann le geilleagar na tíre. D’éirigh leo go maith ar an gcaoi sin.

Ar ndóigh, tá rud eile ann, agus sin go bhfuil scolaíocht agus oideachas ina ‘thionscal’ anois. Meallann coláistí mic léinn i bhfad agus i ngearr agus tá cuimse postanna san oideachas ag brath ar líon mór mac léinn.

Ach, breathnaigh ar an nGearmáin, an tír is cumhachtaí san Eoraip, an tír atá ceaptha a theacht i gcabhair ar thíortha eile san Aontas Eorpach, ach a dtagann an crú ar an tairne. I bhfad Éireann ar gcúl orainne atá sí sna staitisticí acadúla seo. Cuireann siadsan béim mhór ar thraenáil theicniúil agus scileanna láimhe. Tá dearcadh níos praiticiúla ach ar an oideachas agus is fánach an té a cheapfadh nach daoine cliste agus cumasach iadsan.

Idir an dá linn tá muide anseo gann anois ar cheardaithe agus ar scileanna éagsúla agus cruachás tithíochta sa tír – cruachás a bheidh ann ar feadh i bhfad. Ar ndóigh, tá daoine ann a déarfaidh nach mbaineann an córas oideachais go bunúsach le gairmeacha beatha ach sin dearcadh an-idéalach.

Tá scéal ag an Seanadóir Seán Kyne faoi lá a raibh sé i gcuideachta toscaireacht as Gaillimh a bhí ag tabhairt míniúchán do dhream as an nGearmáin ar an lear daoine a bheadh ar fáil agus cáilíochtaí tríú leibhéal oideachais acu sa gcathair sin. Sa deiridh, labhair Gearmánach ó cheann thíos an bhoird: ‘Who will do the work?’ B’fhéidir gurbh fhiú aird a thabhairt air.

 

Fág freagra ar 'Tá an scolaíocht agus oideachas ina ‘thionscal’ anois, ach cé a dhéanfaidh an obair?'