Thug ceoltóirí Macalla misneach do mhná 40 bliain ó shin – tá siad ar ais le chéile arís

Tháinig breis is scór amhránaithe agus ceoltóirí le chéile dá gcéad cheolchoirm in Óstán an Ormond ar na céanna ar an 8 Márta 1984. Déanfar ceiliúradh ar an ócáid sin an mhí seo chugainn

Thug ceoltóirí Macalla misneach do mhná 40 bliain ó shin – tá siad ar ais le chéile arís

Agus an laoch sin Bríd á ceiliúradh againn an mhí seo, is fiú cuimhneamh freisin ar mhná an cheoil a thug ardán agus inspioráid do chailíní agus do mhná óga eile lena n-ealaíona a chleachtadh agus barr a gcumais a bhaint amach.

Ceathracha bliain ó shin le linn sheachtain cheol tíre na príomhchathrach, shocraigh grúpa ceoltóirí agus amhránaithe a bhí ag cur fúthu i mBaile Átha Cliath ag an am go raibh leithcheal á dhéanamh ar mhná cumasacha ceolmhara ó thaobh ardán agus deiseanna a fháil a gcuid tallann a thaispeáint don saol mór.

Amhail an chircín bheag rua, shocraíodar má bhí beart le déanamh gur fánach a bheith á fhágáil faoin gcleas a bhí ag buachtáil ar an bhfaillí.

Cuimhnigh go raibh an saol corrach go maith ag mná na tíre seo sna 1980idí agus scannail go leor á nochtadh. Bhí ardú croí agus misneach agus muinín ag teastáil go géar ó mhná agus sin a thug Macalla dúinn.

Tháinig breis is scór amhránaithe agus ceoltóirí le chéile dá gcéad cheolchoirm in Óstán an Ormond ar na céanna ar an 8 Márta 1984. Má bhí cruthúnas ó aon duine go raibh fíbín chun ceoil ar an bpobal, chuir an scuaine a cuireadh ó dhoras ón teach lán an tráthnóna sin deireadh le haon amhras.

Ceiliúradh a bhí sa gcéad cheolchoirm stairiúil sin ar an saibhreas ceoil is amhrán a bhí ag na mná cruthaitheacha seo.

Is iomaí ceolchoirm a rinne an grúpa ban sna ceithre bliana ina dhiaidh sin agus bhí an-ráchairt go deo ar a gceirnín Mná na hÉireann a d’fhoilsigh Gael Linn. Cé a dhéanfadh dearmad ar an gclúdach suaithinseach a dhear Pauline Bewick?

Eagraíodh ceolchoirm chomórtha in Halla na Saoirse in 2004 agus i mbliana, tá Gael Linn, na mná agus cuid dá sliocht ag ceiliúradh 40 bliain den cheol sin sa Sugar Club ar Shráid Leeson, Lá Idirnáisiúnta na mBan, an 8 Márta.

Beidh an-oíche go deo ann ach cuimhnígí go bhfuil an áit beag agus bíodh do thicéad in áirithe in am agat.

Fág freagra ar 'Thug ceoltóirí Macalla misneach do mhná 40 bliain ó shin – tá siad ar ais le chéile arís'