The Graduate – an scannán a sheol isteach ré nua scannánaíochta in Hollywood

Tugadh léargas i gclár faisnéise dúinn ar shaothar teanntásach a d’eascair as comhghuaillíocht scríbhneoireachta, aisteoireachta agus ceoil  

The Graduate – an scannán a sheol isteach ré nua scannánaíochta in Hollywood

Hello darkness, my old friend
I’ve come to talk with you again
Because a vision softly creeping
Left its seeds while I was sleeping
And the vision that was planted in my brain
Still remains
Within the sound of silence.

I 1966 bhain leagan athmheasctha de The Sound of Silence barr na gcairteacha amach i Meiriceá, gaisce nach beag óir gur fáilte phatuar go maith a cuireadh roimhe dhá bhliain roimhe sin. Treisíodh cáil an amhráin nuair ba é an chéad amhrán ar fhuaimrian The Graduate i 1967. Aistear neamhghnách chun cáile ach léiriú iontach ar an gcomhghuaillíocht uathúil cheoil, aisteoireachta agus scríbhneoireachta a dhein sárshaothar de The Graduate.

Sa chlár is déanaí de chíoradh Sky Arts ar scannáin mhór-ráchairte (Classic Movies: The Story of the Graduate, Déardaoin Sky Arts/NowTV) deineadh cíoradh tomhaiste, eolgaiseach ar conas mar a tugadh an saothar suaithinseach seo ar an bport. An saineolaí scannánaíochta Ian Nathan mar thráchtaire agus láithreoir againn, tugadh siar sinn chuig tosach na seascaidí agus chuig an dua a bhain le leabhar mór-éilimh Charles Webb a thabhairt chuig an scáileán mór. Bhí ionchur eolgaiseach ó raidhse cloigne cainte agus deineadh an scéal a reic go taitneamhach.

Léiríodh dúinn gurbh é an rogha aisteoirí príomhláidreacht an scannáin. Ní raibh aon aithne ar Dustin Hoffman ag an am cé go raibh deich mbliana caite aige ag strácáil le saol na haisteoireachta stáitse i Nua-Eabhrac. Níorbh aon ‘American Prince’ é amhail Paul Newman agus Robert Redford. Go deimhin bhí Redford ag tathant ar an stiúrthóir Mike Nichols an ról a thabhairt dó féin. D’fhiafraigh Nichols de an raibh aon fhadhb aige le mná riamh; níor thuig Redford an cheist. Sin go díreach an fhadhb a bhí ag Nichols leis. Bhí Hoffman cúthail, éiginnte ann féin. É neirbhíseach agus ag fústráil timpeall. É foirfe don ról mar Benjamin Braddock, fear óg atá “adrift on his parent’s wealth” faoi mar a deir Nathan linn go deisbhéalach seanbhlastúil. B’aisteoir í Ann Bancroft a bhí dubh dóite den saol agus bailithe den drochíde a thug Hollywood di agus chuir sí Mrs. Robinson ina steillbheatha os ár gcomhair. Ní raibh sí ach 35 bliain d’aois ag an am agus moladh di gan tabhairt faoi ról mná a bhí 45. Go deimhin ní raibh ach cúig bliana idir í féin agus Hoffman ach bhí splanc iontach eatarthu agus d’éirigh leo dul i bhfeidhm go mór orainn.

Ag rith tríd seo ar fad bhí amhráin le Simon & Garfunkel agus ceol is liricí na beirte ag freagairt go mór do théamaí sollúnta agus grinn an tsaothair. I dteannta a chéile d’éirigh leo dul i bhfeidhm ar ghlúin óg agus meabhraíodh dúinn gurb é gaisce an tsaothair seo a sheol isteach ré nua scannánaíochta in Hollywood.

Clár pointeáilte faoi chloch mhíle scannánaíochta.

Fág freagra ar 'The Graduate – an scannán a sheol isteach ré nua scannánaíochta in Hollywood'