Tharla Bliain na Gaeilge i ngan fhios do 70% den phobal – pobalbhreith

87% ó dheas agus 94% ó thuaidh a thug le fios i suirbhé nua nár ghlac siad páirt in aon imeacht de chuid Bhliain na Gaeilge 2018

Tharla Bliain na Gaeilge i ngan fhios do 70% den phobal – pobalbhreith

Pictiúr: Sam Boal/Rollingnews.ie 

Tharla Bliain na Gaeilge i ngan fhios do thromlach den phobal, de réir pobalbhreith nua a rinneadh do Chonradh na Gaeilge.

De réir na pobalbhreithe, a rinne an comhlacht Kantar Millward Brown, thug 69%  de na daoine a ceistíodh ó dheas le fios nach raibh a fhios acu go raibh 2018 ina Bliain na Gaeilge agus dúirt 84% de dhaoine ó thuaidh amhlaidh.

29% a mhaígh go raibh siad ar an eolas faoi Bhliain na Gaeilge.

Maidir leis na himeachtaí le linn na féile bliana a reáchtáil Conradh na Gaeilge i gcomhar leis an Rialtas chun ceiliúradh a dhéanamh ar an teanga, 87% ó dheas agus 94% ó thuaidh a thug le fios nár ghlac siad páirt in aon imeacht de chuid na féile bliana.

Cé gur diúltaíodh ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge i mbliana do rún go n-eagrófaí Bliain na Gaeilge arís in 2023, níl sé curtha as an áireamh ná baol air go mbeadh an fhéile arís ann.

Dúirt urlabhraí ón eagraíocht le Tuairisc.ie áfach nach ag fáil aon locht ar Bhliain na Gaeilge 2018 a bhí lucht diúltaithe an rúin ach ag moladh go mbeadh “gealltanais chinnte faoi acmhainní” faighte sula dtabharfaí faoina leithéid arís.

Táthar ag súil, a dúirt an t-urlabhraí, go mbeidh rún eile maidir le Bliain na Gaeilge á mholadh amach anseo nuair a bheidh gealltanais faighte maidir le maoiniú agus acmhainní di.

Dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge Julian de Spáinn an uair sin nach raibh aon cheist ann ach “gur chóir” Bliain na Gaeilge a reáchtáil arís.

Ba é an “ceacht is mó” a bhí le foghlaim ag an eagraíocht ó Bhliain na Gaeilge 2018 ná nár cheart tabhairt faoina leithéid arís gan cinnteacht a bheith ann maidir le hacmhainní agus maoiniú i bhfad roimh ré agus gur cheart tréimhse ullmhúcháin i bhfad níos faide a bheith ann.

Thit ualach na hoibre a bhain le Bliain na Gaeilge 2018 ar oibrithe Chonradh na Gaeilge féin, a dúirt sé.

Bhí ceist na n-acmhainní ar cheann de na ceisteanna a cuireadh faoi fhiúntas Bhliain na Gaeilge nuair a fógraíodh í. Thart ar €450,000 a cuireadh ar fáil chun an fhéile a eagrú agus tugadh maoiniú chomh maith do TG4 chun páirt a ghlacadh inti.

Maíodh i dTithe an Oireachtais nach raibh an méid “beag” airgid atá á chaitheamh ar Bhliain na Gaeilge ag teacht leis an “suim” atá léirithe ag an Taoiseach sa bhliain cheiliúrtha.

Ach chomh maith leis an gcáineadh faoi easpa maoinithe, bhí roinnt díospóireachta freisin ann faoinar chuí a bheith ag ‘ceiliúradh’ in aon chor tráth a bhfuil éigeandáil teanga sa Ghaeltacht agus go leor daoine buartha faoi easnaimh mhóra a bheith ar pholasaí an Stáit i leith na Gaeilge.

Bhíothas in amhras chomh maith nach raibh dóthain béime sa bhféile ar an nGaeltacht agus ar phobal na Gaeilge.

Dúirt lucht eagraithe Bhliain na Gaeilge gurbh fhiú a raibh bainte amach a cheiliúradh agus go mbeadh na “dúshláin” roimh an nGaeilge “i lár an aonaigh” le linn na bliana chomh maith.

Fág freagra ar 'Tharla Bliain na Gaeilge i ngan fhios do 70% den phobal – pobalbhreith'