Thar am dul i ngleic le cruachás na dtionóntaí

Ní inniu ná inné a chuaigh an brú ar thionóntaí i dtreise. Teastaíonn cinneadh gan mhoill anois chun cabhrú leo sin agus le tiarnaí talún

House Keys

Seo a leanas trí abairt a mbeadh ciall leo dá scríobhfaí iad am ar bith le cúig bliana anuas ar a laghad.

1. Tá cíos níos airde á íoc ag tionóntaí i mBaile Átha Cliath agus i mbailte móra eile ar fud na tíre.

2. Tá an ganntanas tithe/árasán níos géire anois ná mar a bhí bliain ó shin.

3. Níl beartas éifeachtach a rialódh cíos, nó a mhéadódh an soláthar áitreabh, curtha i bhfeidhm fós ag an rialtas.

Tá an fhadhb ag dul in olcas i gcónaí ar fud na tíre, mar a léiríodh arís eile Dé Luain i suirbhé a d’fhoilsigh an suíomh idirlín Daft.ie –tháinig méadú 8.2 faoin gcéad ar chíos ar an meán de réir na bhfigiúirí nua. Bhí an méadú i mBaile Átha Cliath os cionn an mheáin, ar ndóigh, ach tá cíos ardaithe i ngach contae.

Ní haon iontas é an scéal a bheith amhlaidh. Is é an t-iontas a laghad a rinneadh leis an scéal a leigheas. Mar a dúirt eacnamaí Daft, Ronan Lyons: “For policymakers, the first step in solving a problem is admitting you have one”.

Is ar fhadhbanna daoine a cheannaigh áit chónaithe a bhfuil (a) riaráistí móra agus/nó (b) ardrátaí úis ag cur as dóibh atá aird an rialtais dírithe faoi láthair. Ach ní foláir aghaidh a thabhairt ar an bhfadhb eile seo go luath.

Céard a theastaíonn chun fóirithint ar íocóirí cíosa, agus ar dhaoine nach bhfuil ábalta áit chónaithe ar phraghas réasúnta a aimsiú? Chuir an Chomhairle Náisiúnta Eacnamaíoch agus Shóisialta na moltaí seo faoi bhráid an rialtais le gairid.

* Córas éifeachtach chun cíos a athrú agus a rialú

* Léasanna fada, arb ionann iad agus léasanna neamtheoranta

* Cosc ar chealú tionóntachta mar gheall ar dhíolachán

* Iasachtaí ar chostas íseal chun áitribh bhreise ar cíos a chur ar fáil

* Faoisimh bhreise faoin gcóras cánach chun cabhrú le tiarnaí talún

* Feidhmiú “bríomhar” straitéis an rialtais chun tithe sóisialta breise a thógail

Cé atá i gceannas ar an dream dána réabhlóidithe a mhol an plean seo? Ard-Rúnaí Roinn an Taoisigh Martin Fraser, atá ina chathaoirleach ar an gcomhairle. Tá 32 comhalta eile ina theannta – ina measc, státseirbhísigh shinsearacha eile, agus ionadaithe ó IBEC, na ceardchumainn agus eagraíochtaí eile (féach nesc.ie).

Dúradh gur “nótáladh” tuairisc na Comhairle ag cruinniú an rialtais Dé Máirt. Tá freagra níos iomláine tuillte go luath acu, agus cur chuige nua. Ní raibh an riachtanas seo chomh soiléir riamh ó toghadh an rialtas.

Comhaontú Aoine an Chéasta: sárú?

Tá cúlú ón gCoinbhinsiún Eorpach um Chearta Daonna beartaithe ag an bPáirtí Caomhach, mar a gheall siad roimh olltoghchán na Breataine. Níl an t-athrú soiléir go hiomlán fós, ach tá lagú suntasach ar chur i bhfeidhm an Choinbhinsiúin ar na bacáin.

Ní bhaineann an t-athrú leis an Ríocht Aontaithe amháin. Thug rialtas na Breataine tacaíocht shoiléir don Choinbhinsean i gComhaontú Aoine an Chéasta (1998). Thugadar geallúint shonrach freisin go mbeadh an Coinbhinsiún áirithe mar chuid den dlí i dTuaisceart Éireann, agus go bhféadfaí leas a bhaint as a fhorálacha sna cúirteanna.

Sharófaí an Comhaontú sin (a cláraíodh sna Náisiúin Aontaithe mar chomhaontú idir dhá stát) dá gcuirfí na hairteagail a bhaineann le Coinbhinsiún na gCearta Daonna i leataobh. Léireoidh an cinneadh a dhéanfar i Londain dearcadh an rialtais nua ní hamháin ar Chomhaontú Aoine an Chéasta, ach ar an gcaidreamh Angla-Éireannach chomh maith.

Is láithreoir ar ‘Morning Ireland ‘ar RTE Raidió a hAon é Cathal Mac Coille.

Fág freagra ar 'Thar am dul i ngleic le cruachás na dtionóntaí'

  • sean o rathaille

    Alt ana-mhaith, tiarna talun is ea me fein ach tionontaithe fadtearmacha agam, tuigimid a cheile agus da cheile, deanaimid riar cothrom ar gach rud beag beann ar an gcoras stait….geall leis de.
    Na bain linn agus ni bhainfeam leat, an mana agus gach rud ar deil go nuige seo…..20 bliain nach mor.