Thar am ceart vótála a thairiscint do shaoránaigh Éireannacha sa tuaisceart

Tá reifreann gan téagar romhainn agus moill á cur ar reifreann níos téagartha

Thar am ceart vótála a thairiscint do shaoránaigh Éireannacha sa tuaisceart

Pic: Mark Stedman/Photocall Ireland

Beidh briathra níos nua-aimseartha faoin teaghlach agus faoi chúram teaghlaigh sa Bhunreacht má leasaítear é mar atá á mholadh ag an rialtas. 

Sin ráite, níor gheall an Taoiseach ná airí eile go mbeadh aon toradh praiticiúil ar an dá leasú a chuirfear faoi bhráid vótálaithe ar an 8 Márta, Lá Idirnáisiúnta na mBan. 

Má ghlactar le leasú amháin leathnófar sainmhíniú an fhocail ‘teaghlach’ sa Bhunreacht ionas nach mbainfidh sé le teaghlaigh lánúineacha pósta amháin 

Chuirfeadh an leasú eile cur síos nach mbaineann le hinscne ar chúram teaghlaigh in ionad an chur síos reatha ar an gcúnamh a thugann mná don stát ‘trína saol sa teaghlach’.  

Tugann an leagan leasaithe atá molta aitheantas siombalach do shaothar cúramóirí, idir fhir agus mhná. Ní léir, áfach, cé mar a rachaidh sé chun tairbhe dóibh má ghlactar leis. Is laige éirim an leasaithe ná an fhoclaíocht níos láidre a d’iarr an tionól saoránach ar an rialtas a dhréachtú. 

Ní haon iontas é mar sin an beag is fiú a rinne Conor O’Mahony, ollamh le dlí bunreachtúil i gColáiste na hOllscoile Corcaigh, den leasú. Níl á mholadh dáiríre dar leis ach foráil ghnéasaíoch gan éifeacht a chur amach as an mBunreacht agus foráil inscne-neodrach gan éifeacht a chur ina hionad.  

(Tá cur síos an rialtais ar na leasuithe, ar fáil anseo.) 

Is ábhar suntais é freisin go bhfuil reifreann beartaithe san athbhliain ar leasú ar an mBunreacht nach léir a thoradh praiticiúil nuair nach bhfuil sonraí ar fáil ná socruithe déanta maidir le reifreann eile ar leasú ar léir a éifeacht. 

Fógraíodh cinneadh rialtais sé bliana ó shin go reáchtálfaí reifreann ar cheart vótála i dtoghcháin uachtaránachta a thabhairt do gach saoránach – in Éirinn agus ar fud an domhain. Rinneadh an cinneadh ceithre bliana tar éis do choinbhinsiún ar an mBunreacht leasú dá leithéid a mholadh. 

Nuair a chuaigh an rialtas a rinne é as oifig in 2020, ní raibh socrú ar bith déanta leis an gcinneadh a rinneadh in 2017 a chur chun cinn. Bhí geallúint ann, áfach, go reáchtálfaí reifreann ar chearta vótála i dtoghcháin uachtaránachta do shaoránaigh taobh amuigh den stát i gclár an chomhrialtais nua a bunaíodh in 2020. Níl fiú dáta an reifrinn sin geallta fós.  

Cé gur dhúirt an Taoiseach i mí Iúil go raibh fonn air reifreann ar chearta vótála a reáchtáil ar an lá céanna leis an toghchán uachtaránachta in 2025, tá sé ráite ó shin aige nach bhfuil dáta cinnte beartaithe. Dar leis go bhfuil go leor ábhar casta le réiteach. 

Bhí an chastacht follasach, áfach, nuair a fógraíodh cinneadh an rialtais sé bliana ó shin agus nuair a gealladh reifreann arís in 2020. Gan amhras chuir an phaindéim moill ar an obair ach ní foláir trí cheist ábhartha a chur. 

  1. Cén fáth go bhfuil dréachtú leasú ar an mBunreacht maidir le cearta vótála (faoi mar atá ag saoránaigh ó 36 stát Eorpach eile) chomh casta sin nach bhfuil an obair déanta fós?
  2. Nár chóir go mbeadh cnámha an chórais vótála do shaoránaigh nach bhfuil ina gcónaí i ndlínse an stáit leagtha amach faoin am seo ionas go bhféadfaí leasú lena cheadú a chur faoi bhráid an phobail?
  3. An leor ‘castacht’ mar leithscéal nach mbeidh ceart tugtha d’Éireannaigh an tuaiscirt – daoine a bhreathnaíonn ar an Uachtarán mar cheann stáit – vótáil i dtoghchán uachtaránachta go dtí 2032 ar a luaithe?

Cé go bhfuil socruithe maidir le reifreann vótála á gcur ar an méar fhada faoi láthair, is léir an deis a bheidh ag Sinn Féin moilleadóireacht a chur i leith an rialtais roimh an olltoghchán. Má bhíonn an páirtí i mbun rialtais ina dhiaidh sin, áfach, is ar éigean a bheidh sé ar a gcumas cur le cearta vótála i dtoghchán uachtaránachta roimh 2032. 

D’fhéadfaí an fhadhb a fhuascailt agus an drogall polaitiúil a bhaineann léi a shárú dá mbeadh leathnú simplí ar chearta vótála (mar a cheadaíonn stáit eile ar bhealaí éagsúla) beartaithe abhus. Faraor, ní hamhlaidh atá. 

Tá na páirtithe ar aon tuairim gur chóir ceart vótála a thairiscint (1) do shaoránaigh Éireannacha sa tuaisceart, (2) do shaoránaigh Éireannacha atá ar imirce, agus (3) do pháistí gach duine a chuaigh ar imirce agus dá ngarpháistí. 

Déan talamh slán de go ndúiseoidh tairiscint vótála chomh leathan, ar bhonn nach gceadaíonn tíortha eile, díospóireacht bhríomhar cibé uair a reáchtálfar reifreann ar an gceist. 

Ní dheimhneoidh tacaíocht aontaithe na bpáirtithe toradh na vótála, go háirithe agus leathnú chomh mór ar chearta vótála á mholadh. Cuimhnigh ar an tacaíocht fhorleathan a thug páirtithe Theach Laighean do Chonradh Nice (ar diúltaíodh dó sa chéad reifreann in 2001 ach ar glacadh leis i reifreann eile), do Chonradh Liospóin (ar diúltaíodh dó i reifreann in 2002 ach ar glacadh leis ina dhiaidh sin) agus ar leasú a neartódh coistí fiosrúcháin an Oireachtais ar diúltaíodh dó in 2011. 

Ní phléifear leathnú ar chearta vótála i gceart go bhfógrófar dáta cinnte reifrinn. Tá sé thar am mar sin deis a thabhairt do vótálaithe an t-aitheantas a thuilleann Éireannaigh an tuaiscirt go háirithe a chur i bhfeidhm go polaitiúil. Más maith is rímhithid. 

Fág freagra ar 'Thar am ceart vótála a thairiscint do shaoránaigh Éireannacha sa tuaisceart'

  • Colm

    Bheinn sásta an vóta a thabhairt do shaoránaigh sna sé chontae, ach is seafóid é a thabhairt do na himircigh, a bpáistí srl.

    Agus i dtoghcháin uachtaránachta amháin.