TG4 i mbun machnaimh faoi dhíospóireacht bheo idir iarrthóirí na huachtaránachta

Meastar gur ceist teanga is mó atá ina húdar machnaimh ag lucht an stáisiúin Ghaeilge cás na díospóireachta uachtaránachta á mheas

TG4 i mbun machnaimh faoi dhíospóireacht bheo idir iarrthóirí na huachtaránachta

Tá TG4 i mbun machnaimh faoi cé acu ar chóir nó nár chóir mórdhíospóireacht bheo idir iarrthóirí thoghchán na huachtaránachta a bheith acu an mhí seo chugainn.

Thug urlabhraí de chuid an stáisiúin le fios do Tuairisc.ie nach raibh sé “deimhnithe bealach amháin nó bealach eile an mbeadh díospóireacht bheo idir na hiarrthóirí”. 

Meastar gur ceist teanga is mó atá ina húdar machnaimh ag lucht an stáisiúin agus an cás á mheas.

Craoladh a leithéid de dhíospóireacht ar TG4 le linn thoghchán uachtaránachta 2011 cé nach raibh Gaeilge ach ag iarrthóir amháin sa toghchán sin, Micheál D. Ó hUigínn. Seachas mír bheag chainte réamhullmhaithe, níor labhair aon duine den ochtar iarrthóirí ach Ó hUigínn Gaeilge le linn na díospóireachta sin.

Rinneadh roinnt cáineadh ar an stáisiún Gaeilge i ndiaidh na díospóireachta sin toisc gur i mBéarla a bhí sí ach amháin nuair a bhí Ó hUigínn i mbun cainte.

D’éirigh níos fearr leis an mórdhíospóireacht pholaitiúil eile a craoladh ar TG4 le linn olltoghchán na bliana céanna. Sa chás sin bhí Gaeilge ag an dtriúr ceannairí a ghlac páirt sa díospóireacht, Enda Kenny (Fine Gael), Micheál Martin (Fianna Fáil) agus Eamonn Gilmore (Páirtí an Lucht Oibre).

Níor craoladh a leithéid de dhíospóireacht le linn olltoghchán 2016 toisc nach raibh dóthain Gaeilge ag ceannaire Shinn Féin Gerry Adams nó ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre Joan Burton. Bhíothas ag súil díospóireacht bheo a chraoladh ina ndéanfadh an Teachta Dála Pearse Doherty ionadaíocht ar Adams agus ina ndéanfadh Aodhán Ó Ríordáin ionadaíocht ar Burton, ach níor glacadh leis an moladh sin.

Beirt chainteoirí líofa Gaeilge a bheidh san iomaíocht i dtoghchán uachtaránachta na míosa seo chugainn, an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn agus iarrthóir Shinn Féin, an Feisire Eorpach Liadh Ní Riada.

Dúirt urlabhraí TG4 go mbeadh “clúdach cuimsitheach ar Nuacht TG4 agus ar 7Lá ar an bhfeachtas uachtaránachta as seo go lá an chomhairimh” agus go raibh “na pleananna sin á gcur i dtoll a chéile faoi láthair”.

Idir an dá linn, tuigtear do Tuairisc.ie go seasfaidh Sorcha Ní Riada, comhfhreagraí polaitíochta Nuacht TG4 agus deirfiúr le Liadh Ní Riada, ar leataobh óna ról mar thráchtaire le linn an fheachtais uachtaránachta.

Fág freagra ar 'TG4 i mbun machnaimh faoi dhíospóireacht bheo idir iarrthóirí na huachtaránachta'

  • Eoghan ONéill

    B’fhéidir dá mbéadh an ceisteanna ar fáil ag na hiarrthóirí roimh an chlár agus a gcuid freagraí reamh-ullmhaithe i ngaelig acu go dtabharfadh sin deis dóibh siúd gan an teanga a gcás a chuir roimh na Gaeil ar TG4. Ar ndóigh bheadh buntáiste acu siúd a mbeadh an ghaelig acu cheanna féin ach níl aon leigheas ar sin. Ach i gcás ar bith tá sé tábhachtach go mbéadh díospóireacht uachtarantachta ar TG4, murach sin an bhfuil muid a dhul á fágáil go hiomlán i lámhaibh na meáin Anglo?

  • Tomás de Buitléir

    Seans go bhfuil comhairle dlí ag teastáil maidir le dualgas cothromaíochta. An leor cothromaíocht a thairiscint, i.e. cad a tharlaíonn má thugtar cuireadh d’iarrthóirí páirt a ghlacadh i ndíspóireacht Gaeilge agus níl siad in ann nó toilteanach an cuireadh a ghlacadh?
    É sin ráite, measaim go bhfuil sé tábhachtach go gcraolfar a leithéid ar TG4 – i nGaeilge. Mholfainn go mbeadh an láíthreoireacht agus na ceisteanna uilig i nGaeilge agus go mbeadh cead ag gach iarrthóir a rogha rud a dhéanamh maidir le freagairt na gceisteanna.
    Cinnte, beidh buntáiste ag beirt – ach is buntáiste atá toillte acu.