Teastas i Múineadh na Gaeilge d’Fhoghlaimeoirí Fásta (AR LÍNE) ag tosú i mí Mheán Fómhair

Tá áthas ar Lárionad na Gaeilge go mbeidh cúrsa nua – An Teastas i Múineadh na Gaeilge d’Fhoghlaimeoirí Fásta (ar líne) – ag tosú i mí Mheán Fómhair 2020

Teastas i Múineadh na Gaeilge d’Fhoghlaimeoirí Fásta (AR LÍNE) ag tosú i mí Mheán Fómhair

Cúrsa ar líne a bheidh anseo agus beidh sé oiriúnach dóibh siúd atá ag múineadh na Gaeilge aon áit ar domhan, sa seomra ranga traidisiúnta nó ag múineadh ar líne san áireamh.  Beidh ábhar an chúrsa á sheachadadh ar líne – freastalóidh rannpháirtithe ar cheardlanna agus ar chruinnithe ar líne chun tacú leo dul i ngleic leis an ábhar. Beidh cleachtadh teagaisc á dhéanamh ag rannpháirtithe mar chuid den chúrsa chomh maith – beidh 30 uair an chloig teagaisc le déanamh i suíomh aosoideachais. Beidh an cúrsa oiriúnach dóibh siúd atá ag múineadh ar líne chomh maith. Beidh deis ag rannpháirtithe an chúrsa a bheith ag obair le meantóir a thabharfaidh cabhair agus aiseolas dóibh maidir lena gcuid teagaisc.

Tá an cúrsa seo oiriúnach d’éinne atá ag múineadh na Gaeilge do dhaoine fásta. Tá sé oiriúnach dóibh siúd nach bhfuil aon taithí teagaisc acu, dóibh siúd ar bheagán taithí, agus dóibh siúd atá ag múineadh na Gaeilge le fada ach atá ag iarraidh cur lena gcuid scileanna – go mór mór agus iad ag múineadh ar líne.

 

Beidh ar rannpháirtithe an chúrsa cleachtadh teagaisc 30 uair an chloig a chomhlíonadh. Is féidir na ranganna seo a bheith in aon áit ar domhan, a fhad is go bhfuil ceangal idirlín ann agus an trealamh cuí ar fáil chun gur féidir cuairta thabhairt ar an rang. Cuirfear ranganna ar líne san áireamh chomh maith. Beidh an deis ag gach múinteoir a bheith ag obair le meantóir a thabharfaidh cuairtar an rang agus a chuirfidh cabhair agus comhairle ar fáil mar gheall ar an teagasc.

Is féidir cur isteach ar an gcúrsa trí www.pac.ie  (cód MH83C).  Is é an 10 Meitheamh an spriocdháta iontrála. Beidh scrúdú iontrála ar siúl ar líne ag deireadh mhí an Mheithimh

Má tá aon cheist agat nó aon deacracht agat leis an bpróiseas iontrála déan teagmháil linn ag ailin.nichonchuir@mu.ie  nó aisling.nibheachain@mu.ie

Tá an cúrsa seo á mhaoiniú ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta.

Fág freagra ar 'Teastas i Múineadh na Gaeilge d’Fhoghlaimeoirí Fásta (AR LÍNE) ag tosú i mí Mheán Fómhair'