Teastaíonn toil an phobail agus treoir shoiléir ón rialtas leis an víreas a cheansú

Is bunriachtanas i ngach feachtas sláinte é go dtabharfaí teachtaireacht shoiléir don phobal i nglór láidir aontaithe

Teastaíonn toil an phobail agus treoir shoiléir ón rialtas leis an víreas a cheansú

Tháinig an drochscéala as gach cearn den stát: bhí daoine ag taisteal agus ag teacht le chéile agus neamhaird ghlan á déanamh acu de rialacha an rialtais.

Cuireadh grianghraif a thaispeáin a mífhreagracht ar Twitter: scuainí gluaisteán ar na bóithre ar léir nach ar ghnó ‘riachtanach’ a bhí a bhformhór á dtiomáint.

Dornáin daoine óga ag comhrá, ag spraoi nó ag spallaíocht le chéile faoin ngrian.

Corrghrúpa níos sine cruinnithe le chéile freisin, agus buidéil ag cuid acu.   

Ainneoin na scéalta agus na bpictiúr ar na meáin shóisialta, dúirt an Taoiseach ar maidin Déardaoin nár tugadh faoi deara méadú suntasach ar an trácht go dtí sin.

Cúpla uair an chloig tar éis dó labhairt, d’fhoilsigh an Príomh-Oifigeach Sláinte Tony Holohan fianaise a bhréagnaigh a ráiteas.

Thaispeáin faisnéis sheismeach a chuir an Institiúid Ardléinn ar fáil dó, a dúirt an Dr Holohan, go raibh níos mó daoine ag siúl nó ag tiomáint nó ag gluaiseacht thart ar bhealaí eile ná mar a bhí le tamall. D’iarr sé ar an bpobal gan an dul chun cinn a rinneadh go dtí sin sa bhfeachtas in aghaidh an choróinvíris a chur ó mhaith.

Ní cóir scéal mór a dhéanamh den chontrárthacht seo idir ráitis na beirte.

Tá brú as cuimse ar na daoine sinsearacha go léir atá freagrach as riar an fheachtais in aghaidh an víris. Cuireann réchúis agus mífhreagracht an mhionlaigh imní orthu go léir.

Sa Dáil Déardaoin, dúirt Leo Varadkar gurbh í an réchúis an príomhnamhaid. Bhí baol ann, a dúirt sé, go rachadh leathadh an ghalair ó smacht sna seachtainí seo amach romhainn.

Tugadh le fios ó shin go mbeidh polaiteoirí agus dochtúirí sinsearacha, chomh maith leis na Gardaí, ag áitiú ar chách a bheith stuama i gcónaí.

Ní beag é an saothar atá rompu.

Dúirt an Taoiseach inné, Dé hAoine, go mbeadh síneadh ama coicís nó trí seachtaine eile leis an dianghlasáil ag teastáil dá leanfadh daoine orthu ag sárú na srianta, fiú ar feadh cúpla uair an chloig.

Sin ráite, tá ábhair dhóchais éagsúla ag na húdaráis agus iad ag iarraidh achur ina luí ar dhaoine go dteastaíonn an scaradh sóisialta, an níochán lámha agus an clutharú i gcónaí – cé go gceaptar anois go dtabharfar cead teoranta siúlóide do dhaoine atá os cionn seachtó bliain ón 5 Bealtaine. 

 Tá an tOllamh Pete Lunn ón ESRI i gceannas ar an bpobalbhreith leanúnach a chuireann faisnéis faoi dhearcadh an phobail ar ghéarchéim an choróinvíris ar fáil don Fhoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte. Dúirt sé Dé hAoine go bhfuil 87% den phobal sásta tacú leis na beartais in aghaidh an víris.

Chuir sé aguisín suimiúil leis an bhfigiúr.

Is furasta linn an neamhchomhlíonadh rialacha a fheiceáil, a dúirt sé, ach ní thugtar aird ar an móramh atá ag géilleadh go leanúnach do na treoracha toisc go bhfuil siad as amharc. Ní gan choinníoll a chloíonn ár bhformhór leis na rialacha, a dúirt an t-ollamh, ach

(a) Toisc gur léir dúinn an chontúirt agus an riachtanas,
(b) Toisc go bhfuil an fáth á mhíniú go soiléir,
(c) Toisc go bhfuil na rialacha á gcomhlíonadh ag daoine eile.

Ní foláir mar sin, a dúirt an tOllamh Lunn, an fáth go bhfuil gá le rialacha agus le srianta an rialtais a mheabhrú do dhaoine arís agus arís eile. 

Is bunriachtanas i ngach feachtas sláinte é go gcuirfí teachtaireacht shoiléir os comhair an phobail, go háirithe más gá í a athrú chun déileáil le fadhbanna nua – pleidhcíocht, mífhreagracht nó tuirse, mar shampla.

Is dlúthchuid de theachtaireacht éifeachtach é freisin gur le glór láidir aontaithe a eisítear í.

B’fhiú do gach duine atá freagrach as an bhfeachtas in aghaidh an choróinvíris cuimhneamh ar an dá riachtanas sin agus aghaidh á tabhairt acu ar an gcéad tréimhse eile den chogadh fada atá rompu, agus romhainn go léir.

Fág freagra ar 'Teastaíonn toil an phobail agus treoir shoiléir ón rialtas leis an víreas a cheansú'