Casadh cara orm le gairid agus mheas mé go raibh sí ag breathnú thar barr ar fad. Chinn sé orm mo mhéar a leagan go baileach ar an gcúis a bhí leis sin. Stíl ghruaige athraithe? Smideadh? Éadaí nua b’fhéidir? Ní raibh drogall ar bith uirthi a inseacht dhom cén chúis a bhí leis an athrú.
‘Tá mé ag glacadh an druga Ozempic,’ a dúirt sí liom. ‘Tá dhá chloch mheáchain caillte agam le roinnt míonna anuas,’ a mhaígh sí.
Go gairid ina dhiaidh sin casadh cara eile orm agus bhí an scéal céanna aici. Cúpla cloch mheáchain caillte aici agus í breá sásta léi féin.
Ach ba chosúil nár cuireadh ar an druga sin iad le meáchan a chailleadh – bhí an bheirt acu i mbaol – nó buailte ag an ngalar diaibéiteas. Tá an druga Ozempic agus drugaí eile dá shórt, a dtugtar ‘semaglutides’ orthu thar barr ag déileáil leis an ngalar sin, agus ina theannta sin, cailleann an t-othar an t-uafás meáchain.
D’fhiafraigh mé den dara duine cén chaoi a n-oibríonn sé agus bhí sí breá sásta a inseacht dhom.
‘Is é an chaoi go gcealaíonn an druga an dúil sa mbia,’ a dúirt sí. ‘Caithfidh tú a bheith cúramach agus an bia ceart a ithe gach lá.’
‘Mar shampla’ a dúirt sí. ‘Má choinníonn tú siar ar do phláta an bia a thaitníonn leat, nó atá go maith duit, b’fhéidir nach n-íosfá ar chor ar bith é. Is minic nach gcríochnaím an méid a bhíonn ar mo phláta.’
Tuairiscítear go bhfuil os cionn 25,000 duine ag glacadh an druga Ozempic ar scéimeanna de chuid an HSE faoi láthair. Ach is chun galar diaibéiteas a chosc atá sé sin amhlaidh. Ní cheadaítear (fós) in Éirinn é i gcomhair na hotrachta amháin.
Is léir go bhfuil fadhb mhór againn sa tír seo leis an otracht nó an iomarca meáchain. Go domhanda, meastar go bhfuil ceithre oiread daoine (idir pháistí agus daoine fásta) a bhfuil fadhb otrachta acu, seachas mar a bhí ann sa mbliain 1990.
Agus is léir freisin go mbíonn daoine ag tógáil an druga i dtíortha eile ar fud an domhain, agus gan uathu ach meáchan a chailleadh.
Bhí sé ina scéal mór ar na meáin shóisialta le gairid, go raibh cuma an-chaite agus róthanaí ar réaltaí áirithe scannán agus meán. Tá tuairim láidir ann go mbíonn daoine ag tógáil an druga cé nach bhfuil mórán ag cur as dóibh ach toisí a gcuid éadaí.
Sa Danmhairg atá an comhlacht Novo Nordisk lonnaithe agus is iadsan a thug amach na drugaí Ozempic agus Wegovy atá ar díol anois ar fud an domhain. Measadh go raibh 3% de na daoine fásta ar fad sa Danmhairg ag glacadh na ndrugaí sin faoi dheireadh na bliana 2023.
Ar ndóigh ba i Meiriceá a bhí an fhadhb ba mhó otrachta ar domhan. Nuair a scrúdaíodh na figiúirí le gairid, frítheadh amach go raibh an ráta ag ísliú den chéad uair riamh. Idir 2020 agus 2023 tháinig titim 2% ar an ráta otrachta thall. Meastar gur bhain go leor daoine úsáid as na drugaí nua agus go bhfuil 6% de na daoine i Meiriceá á n-úsáid sa lá inniu.
Ar an gcéad amharc b’fhéidir go gceapfá gur drochrud é sin – go mbeadh an oiread sin daoine ag brath ar dhrugaí chun iad féin a choinneáil sláintiúil. Nuair a tháinig na scéalta amach i dtosach faoi dhaoine a bheith ag úsáid Ozempic ar son meáchan a chailleadh, bhí go leor casaoid faoi sin. Dúradh gur chóir an druga a choinneáil dóibh siúd a raibh a bhí i mbaol ón diaibéiteas, seachas dóibh siúd a bhí ag iarraidh cúpla cloch a chailleadh.
Ach tugaim faoi deara sna tuairiscí anois go bhfuil an tuairim sin ag athrú. B’fhéidir go bhfuil níos mó fáil ar an druga anois, thairis mar a bhíodh. Agus b’fhéidir nach bhfuil aon bhaol ganntanais ann don dream atá ag fulaingt le drochthinneas, seachas drochmheáchan.
Ar aon nós, tá sé tugtha faoi deara agam go bhfuil na saineolaithe anois den tuairim gur míorúilt é an druga seo a chuirfeas athrú ar an saol do go leor, leor daoine.
Ba sna seascaidí a thosaigh an ráta caitheamh tobac ag ísliú i Meiriceá. Tá sé tite sa tír seo freisin. Agus caitheadh an-dua le fógraíocht, le feachtais sláinte, le cúrsaí cánach agus mar sin de chun cur ar a súile do dhaoine cén dochar sláinte a bhain le caitheamh tobac. Thóg sé achar an-fhada.
Ar an taobh eile den scéal, is cosúil nár thóg sé ach achar an-ghearr go raibh tionchar ag na drugaí nua ar fhadhb na hotrachta. Beidh tionchar ollmhór aige seo ar go leor fadhbanna sláinte – galar croí, strócanna, diaibéiteas agus eile.
Is gearr go bhfeicfear figiúirí a chruthóidh go bhfuil fiúntais éagsúla sna drugaí nua. I gcuid de na trialacha leighis a rinneadh i Meiriceá, frítheadh amach gur laghdaíodh freisin ar an ólachán agus gur tháinig laghdú freisin ar ró-thógáil drugaí ópóideacha [opioid].
Dar leis an Ollamh Donal O’Shea, saineolaí agus comhairleoir i gcúrsaí otrachta, in Ospidéal Naomh Uinsionn, oibríonn Ozempic an-mhaith don tríú cuid den phobal, oibríonn sé ‘réasúnta maith’ do thríú cuid eile agus ní oibríonn sé ar chor ar bith don tríú cuid eile. ‘Ba chóir dúinne a bheith ag tabhairt cóir leighis le haghaidh otrachta sula dtéann cúrsaí in aimhréidh ar dhaoine,’ a deir sé.
Dar leis an Ollamh O’Shea, beidh na drugaí nua atá ar na bacáin, níos éifeachtaí fós ag déileáil le fadhbanna sláinte. Tá seisean ag lorg airgid le haghaidh níos mó ionad nua a chur ar fáil chun cóir leighis a chur ar dhaoine atá ag fulaingt de bharr na hotrachta.
Ceapann sé go n-imeoidh an fhadhb sláinte sin go hiomlán den saol de bharr na gcineálacha nua leighis atá ag teacht ar an margadh – scéal nár chuala muid cheana.
Fág freagra ar 'Teacht an Ozempic – deireadh le fadhb na hotrachta?'